SGÉAL GREANAMHAR.
Bhí fear bocht 'na chomhnuidhe fadó i
dTuath na Droman, agus do phós sé bean
ghrástamhail cheanamhail, agus do mhaireadar i
dteannta a chéile go grádhmhar subháilceach
deagh-shamplach, gan aon tsaghas buadhartha
ná easnamh ortha.
D'éirigh an saoghal leó, acht nuair a
bhíodar timcheall le dhá bhliadhain déag
pósda, tháinig brón mór éigin ar an bhfear.
Thagadh sé isteach agus imthigheadh sé amach gan
focal 'á labhairt aige, agus bhí sé chómh dúr
dothalach sain ná raibh a fhios ag aoinne cad
a bhí air. Bhí sé an-ghruama agus goirgeach, agus
ní réidhteóghadh aon rud leis; acht b'é bun is
bárr a thubaiste go léir ná raibh aon chlann
aige.
Aon tSamhradh amháin, tháinig breóiteacht
éigin air. Bhí sé an-leice, agus chuaidh sé siar
go Beanntraighe ar feadh coighcís mar
mhaitheas dá shláinte. Bhí sé chun teacht
a-bhaile arís gan aon fheabhas tagaithe air;
ach' díreach agus é ag cur a chuid éadaigh uime,
tar éis teacht amach ó bheith ag snámh, cé
thiocfadh amach ó'n uisge chuige 'ná an
Mhaighdean Mhara.
Do labhair sí leis, agus labhair seisean léi,
agus d'fhiafruigh sí dhe cad a bhí air, nó cad fé
ndeara an bhuadhairt go léir; agus d'innis sé
a sgéal ó thúis deire.
"Airiú! liaghfad-sa thú," ar sise, "má
dhéanfair mar a déarfad leat. Imthigh
a bhaile anois," ar sisi, "agus beidh mac óg
ag do bhean i gceann trí ráithe, acht caith-
fir an mac úd a thabhairt chugham-sa nuair
a bheidh sé bliadhain is fiche d'aois."
Do dhein sé an margadh, agus d'imthigh sé
abhaile go háthasach, agus, nuair a chuala a
bhean bunadhas a sgéil, bhí sí fiche uair níos
measa 'ná é.
Bhí iongnadh an domhain ar na comharsan-
aibh, agus bhí iongnadh níosa mó ortha nuair a
bhí an mac óg aca, agus ní raibh lánamhain
'sa' pharóiste chomh meidhreach leó.
Bhí go maith, agus d'fhás an leanbh suas, agus
thugadar léigheantas agus sampladh maith dho.
Ní raibh aon gharsúin 'sa' sgoil chomh chliste
ná chomh sean-chríonna leis, ná aon bhua-
chaill níos umhlaí dá athair is dhá mháthair 'ná
é, ná aon bhuachaill i gConndae Chorcaighe
a b'fheárr rith agus léim 'ná é, ná aon ghaisge
lúith ná nirt ná thiocfaidís suas leis. Ní
raibh aon bhuachaill 'sa' chomhchlán níosa
feárr 'ná é chum liathróide d'imirt nó
rinnce do dhéanamh. Bhí cion agus grádh ag
gach aoinne air; agus, rud eile, ní fheaca
duine riamh i dtigh an tábhairne é nó i
n-aon bhruighean ná acharann.
Aon lá amhain tháinigh sé isteach chun a
dhínnéir, agus bhí a athair agus a mháthair ag gol
istigh roimis. D'fhiarfuigh sé dhíobh ca' 'n-a
thaobh go rabhadar ag gol, agus d'innseadar
dó annsoin gach nídh fé mar a thuit amach, agus
go gcaithfeadh sé dul siar go Beanntraighe
uatha, mar bheadh sé bliadhain is fiche i
mbáireach.
"Airiú!" ars'an buachaill, "ní raghad-
sa léi an fhaid a bheidh fód tirm i nÉirinn."
D'fhág sé slán agus beannacht aca lá'r na
bháireach, agus thug sé aghaidh ar Bhaile Mhúirne.
Nuair a bhí sé ag dul treasna Poll na
mBró, d'airigh sé fothram éigin i dtaobh
thall do'n abhainn. Chuaidh sé anonn, agus cad
do bheadh ann 'ná céirseach, smólach agus lon-
dubh, agus iad ag marbhughadh a chéile mar
gheall ar chorpán ainmhidhe éigin.
"Cad é seo ar siubhal agaibh?" ar
seisean leó.
"Ó!" ars' an triúr i dteannta a chéile,
"is liom-sa an rud so, agus táid siad so ag
déanamh éagcóir orm."
Bhí dúil 'sa' mhacántacht riamh aige, thóg
sé sgian as a póca, agus dhein sé trí treana
dhe, agus thug sé trian do gach ceann.
Bhíodar chomh sásta leis an obair seo, agus
bhí an oiread sain d'ionntaoibh aca air, gur
thug an céirseach cumhacht dó go mbeadh sé
ar an bhfear ba láidre do mhair riamh, agus
an lon-dubh go bhféadfadh sé lon-dubh a
dhéanamh de féin aon am ba mhaith leis, agus
an smólach an ceól ba bhinne do chuala
duinne riamh.
Bhí nós éachtach 'sa' tír an t-am so. B'é
sin, nuair a bheadh aon chailín óg chum
pósadh, fógradh a chur amach go raibh a
leithéid seo chun pósadh a leithéid seo de
ló. Bhí árdán adhmuid déanta 'sa' pháirc
ba ghiorra do'n tigh. Thagadh na fir óga,
mór dtimcheall an árdáin seo, raghadh an
cailín óg i n-áirde, agus tógadh sí a rogha
fear ó'n sluagh, agus chaithfeadh gach aoinne
bheith sásta.
Bhí fear éigin de shliocht Labhra Ua
Loingsigh 'n-a Fhlaith Iar-Mhumhan ag mair-
eachtaint i mBaile Mhúirne an t-am so, agus
bhí triúr inghíon aige, agus bhíodar chun pósadh
lá'r na bháireach, agus bhí gach rud ullamh.
Nuair d'fhág an buachaill óg na héan-
laithe, is ar éigin do chreid sé iad. Bhí sé
tuirseach suaidhte, agus dubhairt sé leis féin
ná siubhalóghadh sé a thuilleadh. Dhein sé
lon-dubh de féin, agus níor stad sé riamh nó
choidhche chun gur eitil sé go tigh an fhlatha
so, agus chuaidh sé i n-áirde ar bharra crainn
liobháin bhí ag fás ar chlaidhe an gháirdín.
Do thosnuigh sé ag cantain an cheóil ba
bhinne d'ár chualadh riamh roimis sin nó ó
shoin i mBaile Mhúirne. Bhí na cailíní
óga 'n-a suidhe ar shuidheachán 'sa' gháirdín,
agus iad ag tabhairt comhairle dá chéile mar
gheall ar na fir a gheobhaidís i mbáireach.
Nuair chualadar ceól binn an lon-duibh,
do léimeadar 'n-a seasamh, ag iarraidh
bhreith air. Tháinig sé anuas ar na scairtibh
spiunána, agus leog sé air go raibh sé ag
déanamh a dhíchill chun imtheacht uatha. Nuair
bhíodar cortha agus stracaithe ó bheith ag rith
'n-a dhiaidh, do rug an inghean do b'óige air,
agus é tachtathe, mar dh'eadh, ó'n tóir bhí 'n-a
dhiaidh.
Do gháir sí is do liúigh sí, agus bhí éad an
domhain ar an mbeirt eile, mar b'fhearr le
haon cheann aca an lon-dubh 'ná an t-óg-
ánach b' áilne i gCúige Mumhan. Fuair sí
an siúniéir a b'fhearr 'sa'tigh, agus deineadh
sgiath-theach álainn láithreach dhó. Ní dhéan-
fadh aon áit an gnó chun é choimeád acht
istigh 'n-a seómra féin, ar eagla go ngoid-
feadh éinne é.
Níor thaithin bun ná bárr an sgith-theach
leis an lon-dubh, agus, nuair tháinig an oidhche,
tháinigh sé amach. Ní raibh fhios aige cá raibh
sé. Bhí sé an-chortha. Thosnuigh sé ag
cuardach an tseomra, fuair sé leaptha
bhreágh, agus shín sé isteach ann, agus níor bhfada
go raibh sé 'n-a chodhladh.
Nuair bhí an cailín ag dul a chodladh, do
chonnaic sí an fear sa' leabaigh chomh luath
agus chuaidh sí isteach, agus, mo dhá léir!
do sgread sí is do liúigh sí, agus tháinig an
uile dhuine 'sa' tigh ag rith chúiche. Do
mhúsgail an bioránach bocht, agus ní raibh
sé i n-a leithéid de theannta riamh. Chuaidh
sé le deithneas isteach 'sa' sgiath-theach 'n-a
lon-dubh - díreach nuair bhí athair an chailín
ag osgailt an dorais.
"Cad é seo ort?" ar seisean.
"Ó!" ar sise, "bhí fear annso nuair
thánag isteach, agus tá sé i bhfolach i n-áit éigin
annso."
Do chuardúigheadar an uile áit, agus tásg
ná tuairisg ní bfhuaradar air.
"Imthigh a chodladh," dubhairt a hathair léi.
"Ag taidhreamh ataoi; agus, má dhúisigheann
tú mise feadh na hoidhche arís, cuirfead an
piléar 'sa' ghunna so tríot."
Bhí fhios ag an gcailín cé bhí ann ámhthach,
mar chonnaic sí an lon-dubh ag dul isteach
'sa' sgiath-theach; acht ar Éirinn ní 'neósfadh
sí cé'r bh'é. Níor chodail sí néal an oidhche
sin, agus, nuair tháinig solus an lae, do labhair
an lon-dubh léi, agus dubhairt sé gur bh'é
féin bhí 'sa' tseomra aréir, agus, mar a dhéan-
fadh cailín maith, an fhuinneóg d'osgailt agus
ní dhéanfadh sé buaidhirt dhi go bráth arís.
"Tógfad ó'n áit sin thú, ar aon chuma,"
ar sise; "agus innis dam," ar sise, "cad
'n-a thaobh go bhfuil an draoidheacht soin
ort."
"Níl aon draoidheacht orm," ar' seisean,
"acht féadaim, fear nó londubh do dhéanamh
díom féin ar mo thoil."
Dhein sé fear de féin annsan, agus ní fhaca
sí fear riamh chómh breágh leis, agus dubhairt sí
na haigne féin ná beadh fear go deó aici
ach' é. Dh'innis sí annsan do go rabhadar chun
pósadh an lá san, agus seo an margadh do
dheineadar, agus an cómhartha bheadh aici air.
Bhí paiste beag do'n bhóthar le feiscint,
ó dheas i nGort an Imill, agus díreach ar a dó
dhéag a' chlog, é a bheith ag teacht anuas an
bóthar úd, ag marcuigheacht, ar chapall bhán.
'Dárduigh sí an fhuinneóg agus do sgaoil sí
chun siúbhal é annsoin.
Ní raibh sé i bhfad imthighthe, nuair bhí na
huaisle ag teacht, agus ní raghadh láir bhán
Dhómhnaill i n-éan-chomórtas le na capaillibh
bhí aca súd. Nuair tháinig an t-am chuaidh
an cailín ba shine i n-áirde, agus thóg sí an
fear ba dheallrastaighe bhí ann, an dara
cailín mar a gcéadna, agus an ceann a b'óige
nuair chuaidh sí i n-áirde, dubhairt sí go raibh
sí féin óg, agus bhí dóthchas aici go bhfaghadh sí
tamall maith chun na huaisle d'inniúchadh:
"Ó, gheódhair" a dubhradar go léir go hoidhche
má's maith leat; i n-ionad bheith ag féach-
aint ar na fearaibh, is thall ar bhóthar Ghort
an Imil, bhí sí ag dearcadh. Sa deaireadh
dubhairt sí, "An té 'tá ag teacht anuas an
bóthar úd thall, ar an gcapall bán, sin é m'
fhear-sa."
"Airiú!" a dubhradar go léir "cá bhfios
duit nó gur sean-duine críonna é siúd?"
"Is cuma liom cioca," ar sise.
Tháinigh sé, agus ní raibh fear sa faithche, chómh
deallrathach leis, gan éan-locht, ach' go raibh
capailín mí-chúmtha aige agus crudh ar sileadh
leis. Pósadh an triúr láirtheach, agus bhí bain-
fheis seachtmhaine aca, agus níor thaithn aon
chliamhain chómh maith leó is do thaithin fear
an chapaill bháin.
Fuair gach cliamhain feirm mhór thailimh
gan cíos ná íoc, ach' go raibh capall fiadhain
ar cheann aca, tarbh fiadhain ar cheann eile,
agus reithe fiadhain ar an gceann eile, aon
duine do marbhóghadh ceann aca so, bheadh
an fheirm saor aige.
Fuair fear an chapaill bháin, feirm an
reithe. Chuaidh sé fé n-a dhéin chun é mharbh-
ughadh. Thóg an reithe seacht míle reatha,
nuair chonaic sé iad ag teacht. Nuair bhí
sé ag tabhairt an bhuic, dhein sé londubh de
féin, i n-áirde ar a dhrom leis agus gheár sé an
ceann de le ruidhbh.
Dhein sé an cleas céadna leis an mbeirt
eile agus bhí na trí feirme saor aca annsoin.
Bhí ceann aca i n-aice Cheann tSáile, agus bhí
an bheirt ag féachaint na feirme lá breágh
samhraidh. Bhíodar ag siubhal cois na
fairrge, agus go hobann cé léimfeadh rómpa
amach ná an Mhaighdean Mara. Bhí sí
imthighthe glan as a cheann. "Anois," ar'
sise, "táim ag faire ort le fada ach' táir
agam sa deireadh." Bhí a bhean bhocht ag
lógóireacht, agus bé toil Dé nár imthigh sí as
a meabhair. Dhíol sí na trí feirme, agus fuar
sí ar cheann aca sisiúr no deimheas, agus nuair
a gheárrfadh sí éadach leis is amhlaidh a
mhéadóghadh an t-éadach, ar cheann eile
fuair sí ceirtlín snáithín, agus is amhlaidh
mhéadóghadh sé seo leis nuair thógfá aon
phioc as. Agus ar an gceann eile fuair
sí cíor óir, agus an ceann gruaige ba mheasa
bhí ar dhuine riamh chuirfeadh sé í ag sguabadh
an fhéir le faid agus flúirseacht. Bhí sé ag
siubhal cois na fairrge agus cailín beag 'n-a
theannta, agus chonnaic an Mhaighdean Mara na
rudaí iongantacha aici, agus d'iarrr sí uirthi an
ndíolfadh sí iad, ná a dtabharfadh sí iad
ar iasacht no cad d'iarrfadh sí ortha.
"Ó," ar' sisi, "tabharfad chughat iad
ach' go bhfeicfead m'fhear os cionn an
uisge. "Seo, máiseadh, bíodh agat," ar
sisi, á árdughadh suas ar a dá bhais. "Gíocs"
ar' seisean, agus as go bráth leis na lon dubh
arís.
Bhí an méid sin de dheithneas agus áthas ar
a mhnaoi ag rith 'n-a dhiaidh nár fhéach sí
róimpi, agus bhuail sí a cos i gcoinnibh turtóige
agus do thuit sí. Do rug an Mhaighdean Mara
ar mhullach cinn uirthi agus do strac sí léi í
isteach sa bhfairrge.
Bhí an lon dubh bocht níosa mheasa ná
riamh, agus chuaidh sé go seann-draoi agus d'innis
sé a sgéal do. "Imthigh," a dubhairt an
seann-draoi, "go dtí an lios sin thiar,
agus imthigh isteach sa pholl talmhan, atá ar a
thaobh dheas, agus istigh ar lár an leasa,
gheóbhair slaitín draoidheachta agus ubhall óir,
agus beir leat iad chun na fairrge. Buail an
uisge leis an slat, agus beidh casán tirim ag
dul isteach chun tigh an bhitheamhnaigh úd.
Bheidh sí ag cíoradh a cinn romhat, agus nuair
chífidh sí do sgáil ag teacht ar an ndoras,
árdóghaidh sí a ceann agus chífir paisde dubh
atá ar a sgórnach, buail an paisde sin
leis an ubhall óir, agus má bhuailfir ann í ní
bheidh baoghal ort."
Dimthigh sé, agus dhein sé mar adubhradh leis,
agus níor bh'fada go raibh sé ag doras na
Maighdine Mara. Bhí sí ag níghe agus ag
cíoradh a cinn, agus nuair chonnaic sí an sgáil
ar an ndorus, baineadh geit mhór aisti. Bhí
sí cromtha. Nuair d'árduigh sí a ceann, do
chaith an fear an t-ubhall, agus bhuail sé san áit
chirt í, agus thuit sí san úrlár 'n-a lathairt
bhig glóthaighe. Geallaim-se go raibh fáilte
ag a mhnaoi roimis, agus d'fhandar ann ar
feadh coigthighis, bhí an áit chómh breágh soin.
Do bhailigheadar leó gach aon rud fóghnta
bhí ann agus dá mhála óir, agus níor stadadar go
dtángadar go Tuath na Dromann arís. Bhí
athair is máthair an fhir ana-mheidhreach,
nuair choncadar é agus an bhean álainn bhí i n-a
theannta. Dhein sé ríogh-bhrugh breágh
ansoin, agus do mhair sé ann go séanmhar
sonasach suairc, é féin agus a bhean, a athair agus
a mháthair, agus d'airigheas go raibh a chlann agus
chlann cloinne a chloinne ann, 'na dhiaidh-
san. Acht ní'l tásg ná tuairisg ortha anois,
acht tá cabhlach an tseana-thighe le feiscint
fós agus simné an tseana-thighe sin 'na sheasamh
leis agus tá sé chomh árd le Sean-Dún i gCor-
caigh. 'Sé an ainm a ghlaodhtar air anois,
ná simné mór Chathair Chéirín. Níor ghádh
d'éinne acht dul go crois Tuath na Drom-
ann chun é fheiscint, agus ní'l sé, faid sgréach
asail ó'n áit sin.
PÁDRAIG UA hARGÁIN