Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Rí na gCat agus an Cat Cródha.
Title
Rí na gCat agus an Cat Cródha.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
RÍ NA GCAT AGUS AN CAT CRÓDHA. Caithfead aithne a thabhairt díbh ar an mbeirt seo ar dtús. Tá Rí na gCat 'n-a rígh ar an bpláinéad Mars, agus tá an ceann eile 'n-a righ ar Bhénus. Comh-aois iad araon, agus ní'l deifir ar bith eatortha acht amháin gur fear árd-sgafánta de chleithire Rí na gCat. Do bádhadh a mháthair i dtor mór aitinn ar an dtaobh thoir theas de charn neamh-nídh, mar a bhfuil tuitim gréine agus taithneamh drúchta (?). B'fhear sprionn- laighthe a athair, agus bíodh sé seo agaibh mar dheimhin ar a n-abraim. Bhí sé ag baint prátaí ar bhárr crainn, agus bhí nead préacháin ar an gcrann ba ghiorra dhó. Pé ar domhan é, chuir sé isteach a ghob, agus sgiob sé práta. Má dhin, níor éirigh leis, mar lean sé ar feadh 10 míle bóthair é, agus leanfadh go hifreann meireach go bhfuair an préachán barra-thuisle agus bhain sé dhe é. Dhéanfadh an fear céadna dhá leath de phráta lá earraigh chum a roinnte. B'é a chríoch: nuair tháinig an téa amach ar dtúis is le ladharacha óltaoi é. Bhí sé seo á ól aon lá amháin, agus chuir sé greim ró- mhór i n-áirde. Ar ndóigh tachtadh é, agus bá mhór an creach é. (Fear nach fearr de'n domhan a bheith ann nó as, eadrainn féin.) Tháinig Rí na gCat i gceannas a ríoghachta annsoin, agus ní misde a rádh ná go raibh a dhíol d'oidhre 'n-a dhiaidh. Chuaidh sé seo ar chuaird go dtí an Cat Cródhach, agus seo an teist do bheireann sé air féin agus ar a ríoghacht: Tá na daoine séibhialta agus an-shéibhialta ann le stróinséirí. Tá céad míle fáilte i ngach aon áit romhat. Acht tá na daoine chomh beag sin ann gurbh éigin dom bheith an- aireach, nó shiubhlóghainn ortha. Bhíos ag cruinniughadh thíos aon lá amháin, agus bhíos ag caitheamh gal ar mo shuaimhneas. I gcionn tamaill bhraitheas go raibh rud éigint bun- ós-cionn leis an bpíopa. Bhí míle aca istigh ann, agus gach aon "Dia lem' anam" aca! Ar ndóigh, b'ait liom cionnus rángadar ann, acht is dóigh gurab amhlaidh tharraingeas isteach lem' anál iad i gan fhios dom fhéin. Chuadhas isteach i spré chum tigh a chur im' phíopa, agus chonnac pota téa ag beir- bhiughadh sean-mhná. Ní dubhras aon rud acht rugas de ghreim ar an sean-bhean, agus thachtas an pota léi! Go maith, dar fiadh! Tá dream ann ar a nglaodhann siad "na Searbháin." Connac deichneamhar aca so ar mhuin sean-phuisín ag dul go dtí aonach "Oileáin na Ráiméise". Bhí sop tuighe ar an mbóthar rómpa, agus cuireadh dá réim iad. Thúirlingeadar, agus ghlaodar ar cheathrar eile. Annsoin chaith- eadar an sop as díg. Bioráin bhí aca mar bhataí, agus gach aon bhuile bhuaileadar ar an sean-phuisín chloisfidhe sa domhan thoir é. Sguab an ghaoth tar claidhe iad, puisín agus uile, agus ní innstear ortha ó shoin. (Ní Críoch). AN MADRA MAOL. Lá saoire san nGeimhradh, agus lá troscaidh san bhFóghmhair. Is minic a bhí braimín gioballach 'n-a fhiaguidhe chumasach. Tá an dara cuid de "Scoil na Suadh" fé ath-cló anois. "Turas go Tír na nÓg," ainm an amhráin. Is cuimhin le mórán de léightheóirí an IRISLEABHAIR gur bh'é an tAthair Tomás Mac Liam do sholáthruigh an ceól dúinn agus gur bh'é an tÁrd-dhraoi do cheap na focail. Taithneann an t-amhrán so go seóidh le muinntir na Mumhan agus d'iarradh orainn go minic é chur i gcló arís. Tá sé ar fagháil anois tríd an bpost ar thrí leath-phingne. Tá "trí scéálta" Chonchubhair Uí Dheasmhumhna, Dornlach Chonchubhair Uí Muimhneacháin, "An Buaic- eas," leabhar Dhochtúir Mac Énrí, "Dánta Piaráis Feiritéir" agus leabhair nach iad fachta againn. Labhar- fain n-a dtaobh chomh luath is geobhain caoi chuige.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services