RÍ NA GCAT AGUS AN CAT CRÓDHA.
Caithfead aithne a thabhairt díbh ar an
mbeirt seo ar dtús. Tá Rí na gCat 'n-a
rígh ar an bpláinéad Mars, agus tá an
ceann eile 'n-a righ ar Bhénus. Comh-aois iad
araon, agus ní'l deifir ar bith eatortha acht
amháin gur fear árd-sgafánta de chleithire
Rí na gCat. Do bádhadh a mháthair i dtor
mór aitinn ar an dtaobh thoir theas de charn
neamh-nídh, mar a bhfuil tuitim gréine
agus taithneamh drúchta (?). B'fhear sprionn-
laighthe a athair, agus bíodh sé seo agaibh
mar dheimhin ar a n-abraim. Bhí sé ag baint
prátaí ar bhárr crainn, agus bhí nead
préacháin ar an gcrann ba ghiorra dhó. Pé
ar domhan é, chuir sé isteach a ghob, agus
sgiob sé práta. Má dhin, níor éirigh leis,
mar lean sé ar feadh 10 míle bóthair é,
agus leanfadh go hifreann meireach go
bhfuair an préachán barra-thuisle agus bhain
sé dhe é. Dhéanfadh an fear céadna dhá
leath de phráta lá earraigh chum a roinnte.
B'é a chríoch: nuair tháinig an téa amach ar
dtúis is le ladharacha óltaoi é. Bhí sé seo
á ól aon lá amháin, agus chuir sé greim ró-
mhór i n-áirde. Ar ndóigh tachtadh é, agus
bá mhór an creach é. (Fear nach fearr de'n
domhan a bheith ann nó as, eadrainn féin.)
Tháinig Rí na gCat i gceannas a ríoghachta
annsoin, agus ní misde a rádh ná go raibh a dhíol
d'oidhre 'n-a dhiaidh. Chuaidh sé seo ar chuaird
go dtí an Cat Cródhach, agus seo an teist
do bheireann sé air féin agus ar a ríoghacht:
Tá na daoine séibhialta agus an-shéibhialta
ann le stróinséirí. Tá céad míle fáilte
i ngach aon áit romhat. Acht tá na daoine
chomh beag sin ann gurbh éigin dom bheith an-
aireach, nó shiubhlóghainn ortha. Bhíos ag
cruinniughadh thíos aon lá amháin, agus bhíos
ag caitheamh gal ar mo shuaimhneas. I gcionn
tamaill bhraitheas go raibh rud éigint bun-
ós-cionn leis an bpíopa. Bhí míle aca istigh
ann, agus gach aon "Dia lem' anam" aca!
Ar ndóigh, b'ait liom cionnus rángadar ann,
acht is dóigh gurab amhlaidh tharraingeas
isteach lem' anál iad i gan fhios dom fhéin.
Chuadhas isteach i spré chum tigh a chur im'
phíopa, agus chonnac pota téa ag beir-
bhiughadh sean-mhná. Ní dubhras aon rud acht
rugas de ghreim ar an sean-bhean, agus
thachtas an pota léi!
Go maith, dar fiadh! Tá dream ann ar
a nglaodhann siad "na Searbháin." Connac
deichneamhar aca so ar mhuin sean-phuisín
ag dul go dtí aonach "Oileáin na Ráiméise".
Bhí sop tuighe ar an mbóthar rómpa, agus
cuireadh dá réim iad. Thúirlingeadar, agus
ghlaodar ar cheathrar eile. Annsoin chaith-
eadar an sop as díg. Bioráin bhí aca mar
bhataí, agus gach aon bhuile bhuaileadar ar
an sean-phuisín chloisfidhe sa domhan thoir é.
Sguab an ghaoth tar claidhe iad, puisín agus
uile, agus ní innstear ortha ó shoin.
(Ní Críoch).
AN MADRA MAOL.
Lá saoire san nGeimhradh, agus lá troscaidh san
bhFóghmhair.
Is minic a bhí braimín gioballach 'n-a fhiaguidhe
chumasach.
Tá an dara cuid de "Scoil na Suadh" fé ath-cló
anois. "Turas go Tír na nÓg," ainm an amhráin.
Is cuimhin le mórán de léightheóirí an IRISLEABHAIR
gur bh'é an tAthair Tomás Mac Liam do sholáthruigh an
ceól dúinn agus gur bh'é an tÁrd-dhraoi do cheap na
focail. Taithneann an t-amhrán so go seóidh le
muinntir na Mumhan agus d'iarradh orainn go minic é
chur i gcló arís. Tá sé ar fagháil anois tríd an
bpost ar thrí leath-phingne.
Tá "trí scéálta" Chonchubhair Uí Dheasmhumhna,
Dornlach Chonchubhair Uí Muimhneacháin, "An Buaic-
eas," leabhar Dhochtúir Mac Énrí, "Dánta Piaráis
Feiritéir" agus leabhair nach iad fachta againn. Labhar-
fain n-a dtaobh chomh luath is geobhain caoi chuige.