Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Mallacht Cholumcille
Title
Mallacht Cholumcille
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Mallacht Cholumcille Bhí Columcille ag siubhal ar an mbealach mhór lá amháin agus is fear eile leis. Casadh orra fear agus a theaghlach ag imtheacht go h-áit chómhnuidhe nuadh agus a cuid earraidhe in aoinfheacht leis. Bhí mór-chuid eallaighe agus earraidhe de ghach uile sheort aige agus cuma air bheith go láidir san tsaoghal. Bhí mórán searbhfoghantaí leis, agus trosgán tighe agus lón bídh agus dighe. Nuair chuaidh an fear so agus a theaghlach thart d'amharc Colmcille in a ndiaigh agus thug sé a mhallacht dóibh. Bhí iongnadh ar a chompánach acht níor dhubhairt sé dadaidh. Nuair shiubhal siad giota eile casadh fear eile orra agus a theaghlach leis agus iad ag dul go h-áit chomh- nuidhe nuadh amhail an chéad dream. Acht bhí cuma ar an bhfear ó bheith go han-bhocht san tsaoghal. Ní raibh eallach na mion-eallach leis, bó nó capall, caora nó gabhar, nó oiread agus madadh féin. Bhí cuma breoidhte ar a chlann agus gan fiú faic éadaigh orra, beagnach. Ní raibh trosgán tighe aca ná earraidhe ar bith eile, acht go h-an- bheag agus ba dhona an dream iad do réir chuma. Nuair chuaidh siad thart, d'amharc Columcille in a ndiaigh agus thug sé a mhallacht dóibh. Budh mhór an t-iongnadh do bhí ar a compánach ar gcluinsint sin dó. "A Cholumcille!" ar sé, "mínigh an chás so dhamh. Nuair chuaidh an fear saidhbhir agus a bhuidhean thart thug tú do mhallacht dóibh, agus bhí iongnadh orm, acht shaoil mé dar ndóigh gur bh'é méid a mbróid agus a n-uabhair agus an sodar do bhí fútha do chuir fearg ort. Acht ag so dream eile atá go h-úmhal, ísiol, agus ní móide thaithnigheann siad leat do réir cosamhlachta. Cad chuige an bhfuil fearg ort leo so?" "Tuig, a dhuine, nach bhfuil fearg orm le ceachdar aca, acht cáinim iad araon ar a n-amaideacht agus mar rabhadh do dhaoinibh mar iad agus gcomhnuidhe. Cáinim an duine saidhbhir do bhrigh gur fhág sé ait chómhnuidhe ann a raibh sé chomh socharach agus chonnaic tú an chosamhlacht air, le dul go h-áit chomhnuidhe nach bhfuil fios aige an í áit a leasa nó a mhí-leasa í. Cáinim an dara fear mar gheall ar a fhanmhaint mar a raibh sé go raibh sé chómh dona sin nár bhféidir dó snáithe éadaigh do chur ar a chlann nó a sháith bidh nó dighe do thabhairt dóibh."
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services