Mallacht Cholumcille
Bhí Columcille ag siubhal ar an mbealach mhór lá
amháin agus is fear eile leis. Casadh orra fear agus a
theaghlach ag imtheacht go h-áit chómhnuidhe nuadh agus a
cuid earraidhe in aoinfheacht leis. Bhí mór-chuid eallaighe
agus earraidhe de ghach uile sheort aige agus cuma air
bheith go láidir san tsaoghal. Bhí mórán searbhfoghantaí
leis, agus trosgán tighe agus lón bídh agus dighe.
Nuair chuaidh an fear so agus a theaghlach thart d'amharc
Colmcille in a ndiaigh agus thug sé a mhallacht dóibh.
Bhí iongnadh ar a chompánach acht níor dhubhairt sé dadaidh.
Nuair shiubhal siad giota eile casadh fear eile orra
agus a theaghlach leis agus iad ag dul go h-áit chomh-
nuidhe nuadh amhail an chéad dream. Acht bhí cuma ar
an bhfear ó bheith go han-bhocht san tsaoghal. Ní raibh
eallach na mion-eallach leis, bó nó capall, caora nó
gabhar, nó oiread agus madadh féin. Bhí cuma breoidhte ar a
chlann agus gan fiú faic éadaigh orra, beagnach. Ní raibh
trosgán tighe aca ná earraidhe ar bith eile, acht go h-an-
bheag agus ba dhona an dream iad do réir chuma.
Nuair chuaidh siad thart, d'amharc Columcille in a
ndiaigh agus thug sé a mhallacht dóibh. Budh mhór an
t-iongnadh do bhí ar a compánach ar gcluinsint sin dó.
"A Cholumcille!" ar sé, "mínigh an chás so dhamh.
Nuair chuaidh an fear saidhbhir agus a bhuidhean thart thug
tú do mhallacht dóibh, agus bhí iongnadh orm, acht shaoil
mé dar ndóigh gur bh'é méid a mbróid agus a n-uabhair
agus an sodar do bhí fútha do chuir fearg ort. Acht
ag so dream eile atá go h-úmhal, ísiol, agus ní móide
thaithnigheann siad leat do réir cosamhlachta. Cad
chuige an bhfuil fearg ort leo so?"
"Tuig, a dhuine, nach bhfuil fearg orm le ceachdar aca,
acht cáinim iad araon ar a n-amaideacht agus mar
rabhadh do dhaoinibh mar iad agus gcomhnuidhe. Cáinim an
duine saidhbhir do bhrigh gur fhág sé ait chómhnuidhe ann a
raibh sé chomh socharach agus chonnaic tú an chosamhlacht air,
le dul go h-áit chomhnuidhe nach bhfuil fios aige an í áit
a leasa nó a mhí-leasa í. Cáinim an dara fear mar
gheall ar a fhanmhaint mar a raibh sé go raibh sé chómh
dona sin nár bhféidir dó snáithe éadaigh do chur ar a
chlann nó a sháith bidh nó dighe do thabhairt dóibh."