Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
B'fhearr leigean d'ól.
Title
B'fhearr leigean d'ól.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
B'FHEARR LEIGEAN D'ÓL. Sin cúis dam fé ndeara gur shearg mo ghné gheal 'S tigheann atharrach scéimhe orm ó bhathas go feór Ag iomchur gach aindeise gealladh san tsaoghal dam Nach fada mo ré anois má leanaim-se leó, I bhfiúntar bheith dealbh gan earadh gan éadach Do dheasca na mbéasa do chleachtas go hóg Mo shiubhal go tigh an leanna 's mé a' blaise na mbraonach, 'S ná creidfinn ó éinneach gur bh'fhearr leigean d'ól. Cúrsa mo bheatha le n-aithnis badh dhréacht suilth I bpratainn le héifeacht dá gcanfainn i gcóir, Go súgach a fastuighim le neart grinn gan traochadh 'S ná beartuighim gur bhaoghal dam éan bhárthan go deó, Le dúil bheith a rannaigheacht 's a staraidheacht i nGaedhilg I bhfarra gach séimhfhir do dháilfeadh lem' shórd, A diúgadh na gcannaí do laguigheadh i gcéill mé 'S ná creidfinn ar éanchor go mb'fhearr leigean d'ól. Ba lúthmhar mé a' taisdeal ar maidin chum aonaigh Fé mhaise gach éadaigh bheadh cáilmhail dom' shórd, Ag cumhdach mo bhathais bhíodh hata deas péacach De'n fhaision ba dhéidheannaige do tháinig ón gcóbh, Ag siubhal ar an margadh go dtagadh meán lae 'rm A' bagairt 's a' sméid ar gach bláth-bhruinnil óig, Dá dtabhairt go tigh'n leanna le bastal ná déarfainn Gan eagal gur baoghlach gur bh'fhearr leigean dóibh Siúd bean an leanna dom' aice go saothrach Admhuigheann céad agus fáilte aici romham, Agus thiubradh sí an leabhar le bladar dá mb'éigin Ná feacaidh ar féile riamh ráib eile m' shórd, Mo phúir nuair a theannuighthí an bheathuisce dhaor liom 'S mé mhealladh n-a déidh sin go bán-halla 'n cheóil, 'S tréis díol dam ar maidin a freasdal na scléipe Seadh 's blasda do ghéillfinn gur bh'fhearr leigean d'ól. Sciúrdaim abhaile chomh tapaidh 's is féidir Ar leabaidh a théidhim 's is dearbh nach soghach, Tréis dríodar is deascadh na ndramanna thraoch mé 'S do neartuigh an éalaig do sháruigh mé i mbrón, Is fíochmhar mo charaid nuair thagaid dom' fhéachaint Gan taise dom' ghéibhinn dá rádh liom gur dóch, Gur fíor go rabhas scartha le Parathas Naomhtha De dheascaibh mo thréithe s go mb'fearr leigean d'ól. Ó's fíor anois athair do cheannuigh na céadtha Ó'n bpeacadh gur shaorais na táinte fear rómhad, Impighinn is aitchim-sé maitheamhnas saor d'fhagháil 'S mé ghlacadh le daondacht id dháil chomh maith leó, Claoidhfidh mé feasta le teagasc na cléire Ní beatha liom craos agus carrbhas óil, Sin críoch ar mo ranna 's mo bharamhail saor díbh; 'S i n-aithle an méid sin do b'fhearr leigean d'ól. Sid é an t-amhrán go bhfuair Seaghán O Cruadlaoich an chéad duais leis ar Fheis Bhaile Mhúirne.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services