Historical Irish Corpus
1600 - 1926

B'fhearr leigean d'ól.

Title
B'fhearr leigean d'ól.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

B'FHEARR LEIGEAN D'ÓL.



Sin cúis dam fé ndeara gur shearg mo ghné gheal
'S tigheann atharrach scéimhe orm ó bhathas go feór
Ag iomchur gach aindeise gealladh san tsaoghal dam
Nach fada mo ré anois má leanaim-se leó,
I bhfiúntar bheith dealbh gan earadh gan éadach
Do dheasca na mbéasa do chleachtas go hóg
Mo shiubhal go tigh an leanna 's mé a' blaise na
mbraonach,
'S ná creidfinn ó éinneach gur bh'fhearr leigean d'ól.



Cúrsa mo bheatha le n-aithnis badh dhréacht suilth
I bpratainn le héifeacht dá gcanfainn i gcóir,
Go súgach a fastuighim le neart grinn gan traochadh
'S ná beartuighim gur bhaoghal dam éan bhárthan go
deó,
Le dúil bheith a rannaigheacht 's a staraidheacht i
nGaedhilg
I bhfarra gach séimhfhir do dháilfeadh lem' shórd,
A diúgadh na gcannaí do laguigheadh i gcéill mé
'S ná creidfinn ar éanchor go mb'fhearr leigean
d'ól.



Ba lúthmhar mé a' taisdeal ar maidin chum aonaigh
Fé mhaise gach éadaigh bheadh cáilmhail dom' shórd,
Ag cumhdach mo bhathais bhíodh hata deas péacach
De'n fhaision ba dhéidheannaige do tháinig ón gcóbh,
Ag siubhal ar an margadh go dtagadh meán lae 'rm
A' bagairt 's a' sméid ar gach bláth-bhruinnil óig,
Dá dtabhairt go tigh'n leanna le bastal ná déarfainn
Gan eagal gur baoghlach gur bh'fhearr leigean dóibh



Siúd bean an leanna dom' aice go saothrach
Admhuigheann céad agus fáilte aici romham,
Agus thiubradh sí an leabhar le bladar dá mb'éigin
Ná feacaidh ar féile riamh ráib eile m' shórd,
Mo phúir nuair a theannuighthí an bheathuisce dhaor liom
'S mé mhealladh n-a déidh sin go bán-halla 'n cheóil,
'S tréis díol dam ar maidin a freasdal na scléipe
Seadh 's blasda do ghéillfinn gur bh'fhearr leigean
d'ól.



Sciúrdaim abhaile chomh tapaidh 's is féidir
Ar leabaidh a théidhim 's is dearbh nach soghach,
Tréis dríodar is deascadh na ndramanna thraoch mé
'S do neartuigh an éalaig do sháruigh mé i mbrón,
Is fíochmhar mo charaid nuair thagaid dom' fhéachaint
Gan taise dom' ghéibhinn dá rádh liom gur dóch,
Gur fíor go rabhas scartha le Parathas Naomhtha
De dheascaibh mo thréithe s go mb'fearr leigean
d'ól.



Ó's fíor anois athair do cheannuigh na céadtha
Ó'n bpeacadh gur shaorais na táinte fear rómhad,
Impighinn is aitchim-sé maitheamhnas saor d'fhagháil
'S mé ghlacadh le daondacht id dháil chomh maith leó,
Claoidhfidh mé feasta le teagasc na cléire
Ní beatha liom craos agus carrbhas óil,
Sin críoch ar mo ranna 's mo bharamhail saor díbh;
'S i n-aithle an méid sin do b'fhearr leigean d'ól.



Sid é an t-amhrán go bhfuair Seaghán O Cruadlaoich
an chéad duais leis ar Fheis Bhaile Mhúirne.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services