Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Scoil na Suadh - Lá 'gus Mé a' Taisdeal im' Aonar.
Title
Scoil na Suadh - Lá 'gus Mé a' Taisdeal im' Aonar.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Collector
Ní Raghallaigh, Anna
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Scoil na Suadh. LÁ 'GUS MÉ A' TAISDEAL IM' AONAIR. Go hanamamhail, ach gan bheith ró-mhear. Anna Ní Raghallaigh, do sholáthruigh. Lá 'gus me a' taisteal im aonar, Tré Cnocáinín aerach na Biolaraighe; 'S mar is duine le crosaibh an tsaoghail mé, Do theangmhaidh liom éachta na turrainní.
Do casadh orm seana-bhean aosta 'S a bairile taobh léi, mar channa dighe; D'fhiafruigh sí ar dhuine de thaest me A' stadfainn nó a' nglaodhfainn ar mhuga dighe. Dubhart-sa gur dhuine de thaest me 'S i dtosach mo shaoghail dam go mblaisinn í; Líon sí chugham corn gan aon rud Is tháinig liom an méid sin ó'n seana-mhnaoi. 'S nuair fuaireas an tseana-bhean éascaidh, 'S gur chorruigh an braon san mé ar fad im bhuíll Do luigheas ar chnagadh 's ar ghlaodhach Chum nár fhágas aon bhraon ins an mbairilín. Is ar maidin nuair cheap sí me dh'éileamh, Is chonnac an daor-bhile ag teacht im' ghaoir, Bhíos gairid do'n airgead ghléigeal Do ghlanfadh an t-éileamh do'n tseana-mhnaoi. Do luigheas ar sheanachus léi-se Ar imtheacht an tsaoghail di go fada bínn, Acht sí crích agus deireadh mo sgéil duit Ná déanfadh milseacht mo bhréithre í bhogadh dhíom. Do chaitheamair sealad go héadmhar Ag caismirt le chéile 's ag geangaididheacht; 'S ba ghairid an t-aga n-a dhéidh sin Gur sciob síse an bhéabhar ar fad domh maoil. Do thug sí na mionna ba thréine Mara ndeineann léi réiteacht gan stracaduigheal, Go mbuinfeadh dom cholainn an t-éadach 'S go ndéanfadh sí éifid go tapaidh dhíom. Cé phreabfadh chum an dorais go héadtrom Ná marcach breagh gléasta an chapall ghroidhe; 'Ainim siúd Tomás Ó Cléirigh An sagart do b'fhéile 's ba charadaighe, D'fhiafruigh cad as do'n stóinséarach; Is d'fhreagair go héascaidh dhó bean an tighe, D'atharruigh teanga sa Bhéarla, 'S bíodh orm gur léirigh mo mhaitheasaí, Tréis mo cháil ag an sagart do léigheadh dhi Níor tháinig aon t-éad innti acht mar a bhí; 'S ba ghearr an tamall n-a dhéidh sin Gur thairg sé an t-éileamh ar fad do dhíol. 'S nuair cheapas na ranna so dhéanamh Níor bh'eagal liom baoghal ó cheachtar díobh; Siúd mar a chaitheas mo thréimhse, 'S nár chastar lem' shaoghal orm an caillichín. Do ghluaisigheas a-bhaile go léanmhar, A' machtnamh liom féinig ar feadh na slighe Da sroisfeadh an cúrsa mo ghaoltha Go ndéanfidís éarlach a's magadh dhíom.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services