Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Scoil na Suadh - Lá 'gus Mé a' Taisdeal im' Aonar.

Title
Scoil na Suadh - Lá 'gus Mé a' Taisdeal im' Aonar.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Collector
Ní Raghallaigh, Anna
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 390


Scoil
na
Suadh.



LÁ 'GUS MÉ A' TAISDEAL IM' AONAIR.



Go hanamamhail, ach gan bheith ró-mhear. Anna Ní Raghallaigh, do sholáthruigh.



Lá 'gus me a' taisteal im aonar, Tré Cnocáinín aerach na
Biolaraighe; 'S mar is duine le crosaibh an tsaoghail mé, Do
theangmhaidh liom éachta na turrainní.


L. 391


Do casadh orm seana-bhean aosta
'S a bairile taobh léi, mar channa dighe;
D'fhiafruigh sí ar dhuine de thaest me
A' stadfainn nó a' nglaodhfainn ar mhuga dighe.



Dubhart-sa gur dhuine de thaest me
'S i dtosach mo shaoghail dam go mblaisinn í;
Líon sí chugham corn gan aon rud
Is tháinig liom an méid sin ó'n seana-mhnaoi.



'S nuair fuaireas an tseana-bhean éascaidh,
'S gur chorruigh an braon san mé ar fad im bhuíll
Do luigheas ar chnagadh 's ar ghlaodhach
Chum nár fhágas aon bhraon ins an mbairilín.



Is ar maidin nuair cheap sí me dh'éileamh,
Is chonnac an daor-bhile ag teacht im' ghaoir,
Bhíos gairid do'n airgead ghléigeal
Do ghlanfadh an t-éileamh do'n tseana-mhnaoi.



Do luigheas ar sheanachus léi-se
Ar imtheacht an tsaoghail di go fada bínn,
Acht sí crích agus deireadh mo sgéil duit
Ná déanfadh milseacht mo bhréithre í bhogadh dhíom.



Do chaitheamair sealad go héadmhar
Ag caismirt le chéile 's ag geangaididheacht;
'S ba ghairid an t-aga n-a dhéidh sin
Gur sciob síse an bhéabhar ar fad domh maoil.



Do thug sí na mionna ba thréine
Mara ndeineann léi réiteacht gan stracaduigheal,
Go mbuinfeadh dom cholainn an t-éadach
'S go ndéanfadh sí éifid go tapaidh dhíom.



Cé phreabfadh chum an dorais go héadtrom
Ná marcach breagh gléasta an chapall ghroidhe;
'Ainim siúd Tomás Ó Cléirigh
An sagart do b'fhéile 's ba charadaighe,



D'fhiafruigh cad as do'n stóinséarach;
Is d'fhreagair go héascaidh dhó bean an tighe,
D'atharruigh teanga sa Bhéarla,
'S bíodh orm gur léirigh mo mhaitheasaí,



Tréis mo cháil ag an sagart do léigheadh dhi
Níor tháinig aon t-éad innti acht mar a bhí;
'S ba ghearr an tamall n-a dhéidh sin
Gur thairg sé an t-éileamh ar fad do dhíol.



'S nuair cheapas na ranna so dhéanamh
Níor bh'eagal liom baoghal ó cheachtar díobh;
Siúd mar a chaitheas mo thréimhse,
'S nár chastar lem' shaoghal orm an caillichín.



Do ghluaisigheas a-bhaile go léanmhar,
A' machtnamh liom féinig ar feadh na slighe
Da sroisfeadh an cúrsa mo ghaoltha
Go ndéanfidís éarlach a's magadh dhíom.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services