Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Imtheacht na nGaedheal Thar Sáile.
Title
Imtheacht na nGaedheal Thar Sáile.
Author(s)
Ó Cianaigh, Brian,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
IMTHEACHT NA nGAEDHEAL THAR SÁILE. Is iomdha rud mío-ádhmhail a d'éirigh do Éirinn bhocht le linn an Bhéarla acht níl dadaidh atá 'cur chomh trom uirri, san am atá 'láthair, leis an "imtheacht thar sáile." Tá go leór daoine a shíleas nach bhfuil baint ar bith ag an Bhéarla leis an cheist seo agus go gcaithfear an milleán go hiomlán a chur ar thighearnaíbh talmhan agus a leithéidí atá ag milleadh agus ag sgrios na tíre. Gidh nach bhfuilim ar tí aon fhocal a rádh i leith na dtighearnaí, deirim go mbéadh an fír-bheagán de mhuinntir na hÉireann ag imtheacht go tíorthaibh coimh- thigheacha indiu acht ab é an stáid in ar chuir teanga Ghallda agus béasa neamh- Ghaedhealacha iad le ciantaibh bliadhan. 'Tchídh aos óg na tíre ins na páipéaraibh nuaidheachta, chur síos ar an saoghal phléisiúrtha atá i dtíorthaibh eile; tchídh siad cunntas ar an saothradh breagh atá le fagháil ionnta, agus ghnídh siad amach nach bhfuil tír ar bith ar dhruim an domhain atá chomh mío-fhortúnach le hÉirinn. Táid, mar sin de, ag imtheacht leó na gcéadthaibh an uile bhliadhain ag dréim le saidhbhreas a chruinniughadh go sócalach i n-am ghoirid agus annsin pilleadh ar ais go tír ghlas na hÉireann. Acht a thiarcais! is forus an méid acú a chruinnigheas saidhbhreas go sócalach nó ar áthrughadh dóigh a chunntas, agus is ró-fhorus an méid acú a philleas a choidhche a áireamh. Ní chaitheann siad mórán ama i measg na gcoimhidhtheach nó go mbíonn 'fhios acú go dtiocfadh leó saoghal níos tairbhighe a chaitheamh sa mbaile dá mbíodh ciall acú fanacht ann. Fáraor, tá'n oiread sin de'n obair mhill- teanach seo ag dul 'un tosaigh lá ar lá,
go sílfeadh duine go bhfuil sé i ndán do mhuinntir na hÉireann a gcuid allais a chailleadh ag obair do na coimhidhthigh, go deireadh 'n tsaoghail. Acht má chuireann duine an cheist: Cia tá cionntach? ní ró- dheacair an rud é freagra d'fhagháil. Tá an uile dhuine cóimh-chionntach a chuidigheas páipéar gallda a chochadh (chothughadh) atá ag iomchur 'un tosaigh obair mhalluighthe Shasana. Tá an uile dhuine cóimh-chionntach a chaitheas éadach na bróga atá déanta taobh amuigh de Éirinn. Tá an uile dhuine cóimh-chionntach a cheannuigheas na leigeas isteach i n-a theach arradh d'aon chineál nach bhfuil déanta 'nár dtír féin. Tá níos mó airgid ag imtheacht as an tír an uile bhliadhain 'ná tá an méid daoine a imthigheas as ar feadh na bliadhna ábalta ar shaothrughadh. Acht tá rud eile ag teastáil uainn diomaite ('dtaobh amuigh de) de'n saothradh agus is é sin "siamsa" agus caitheamh aimsire de tsaghas cheart." Is í mo bharamhail gur dhíbir díoghbhail chuideachtan agus siamsa oiread daoine as Éirinn 's a dhíbir díoghbhail saothraidh. Tá sé deafaidh orainn, ar an ádhbhar sin, ár ngualacha chur le chéile, má's mian linn aos óg na tíre a chongbháil sa bhaile. Caithfimid ár gcuid sean-sgéalta, amhráin, damhsaí agus cleasanna a aithbheódhadh, agus an uile bhéas neamh-Ghaedhealach a chur faoi chois. Tá ár máthair, Éire, claoidhte agus an bhfuilmid ag dul a leigint dí bás d'fhagháil? Tá sí uaigneach, cráidhte i ndiaidh a cloinne - an chuid acú a d'fhág í - agus caidé támuid ag dul a dhéanadh ar a son? Nach bhfuil sé beag go leór ag gach duine 'rádh léithe mar seo: "A Éire, Éire! geallaim duit go ndéanfaidh mise mo dhícheall féin mar gheall ar dheireadh 'chur le "Imtheacht na nGaedheal thar Sáile." BRIAN Ó CIANAIGH. Cathair Conraí agus Sgéalta eile: Tadhg Méith .i. Séamus Ó Dubhghaill do scríobh i gcomhair Oireach- tais 1902. Coinnradh na Gaedhilge do chuir amach. Naoi bPinginne. Tá slighe fé leith i gcomhnuidhe ag an nDubhghallach chum scéal d'innsint. Ní heól dúinn éinne eile ar scríbhneóirí gaedhilge fé láthair go bhfuil an tslighe chéadna aige. Slighe innti féin is eadh í. Ba dheacair cur síos uirthi acht badh dhóigh linn ar chuma éigint go bhféafaimís a dhéanamh amach gur bh'é an fear céadna do scríobh. "Tadhg Gabha" agus "Cathair Chonroí." Tá an nádúrthacht céadna agus an tsimplidh- eacht chéadna ionnta araon. Bheadh a fhios ag duine ná raibh Páirc a' Galláin i bhfad ó cheardchain Thaidhg. Scéal i gcóir an aosa óig is eadh Cathair Conroí, agus na scéalta eile ins an leabhar so, agus go deimhin féadfam a rádh go bhfuigheadh duine críonna tairbhe maith as a léigheamh mar an gcéadna. Tá sult agus pleisiúir le fagháil as gach leathanach san leabhar. Badh chaillte an mhaise ag an mBeirt Fhear é mara mbeadh soin amhlaidh. Nuair beifar ag tabhairt duaiseanna do leanbhaí scoile, ná deintar dearmhad ar Chathair Chonroí. Is mór an truagh é gan fiche éigint leabhar dhá shaghas againn. Sgéalta beaga grinn, léightheóireacht simplidhe furuiste atá ag teastáil uainn má's mian linn muinntir na Gaedhilge a chasadh ar a dteangaidh dhúthchais a léigheamh. Beidh súil againn le tuillead de shaghas "Cathair Chonroí" ó "Thadhg Méith."
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services