IMTHEACHT NA nGAEDHEAL
THAR SÁILE.
Is iomdha rud mío-ádhmhail a d'éirigh do
Éirinn bhocht le linn an Bhéarla acht níl
dadaidh atá 'cur chomh trom uirri, san am
atá 'láthair, leis an "imtheacht thar sáile."
Tá go leór daoine a shíleas nach bhfuil
baint ar bith ag an Bhéarla leis an cheist
seo agus go gcaithfear an milleán go
hiomlán a chur ar thighearnaíbh talmhan agus
a leithéidí atá ag milleadh agus ag sgrios
na tíre. Gidh nach bhfuilim ar tí aon fhocal
a rádh i leith na dtighearnaí, deirim go
mbéadh an fír-bheagán de mhuinntir na
hÉireann ag imtheacht go tíorthaibh coimh-
thigheacha indiu acht ab é an stáid in ar
chuir teanga Ghallda agus béasa neamh-
Ghaedhealacha iad le ciantaibh bliadhan.
'Tchídh aos óg na tíre ins na páipéaraibh
nuaidheachta, chur síos ar an saoghal
phléisiúrtha atá i dtíorthaibh eile; tchídh
siad cunntas ar an saothradh breagh atá le
fagháil ionnta, agus ghnídh siad amach nach
bhfuil tír ar bith ar dhruim an domhain atá
chomh mío-fhortúnach le hÉirinn. Táid, mar
sin de, ag imtheacht leó na gcéadthaibh an
uile bhliadhain ag dréim le saidhbhreas a
chruinniughadh go sócalach i n-am ghoirid
agus annsin pilleadh ar ais go tír ghlas
na hÉireann. Acht a thiarcais! is forus
an méid acú a chruinnigheas saidhbhreas go
sócalach nó ar áthrughadh dóigh a chunntas,
agus is ró-fhorus an méid acú a philleas
a choidhche a áireamh. Ní chaitheann siad
mórán ama i measg na gcoimhidhtheach nó go
mbíonn 'fhios acú go dtiocfadh leó saoghal
níos tairbhighe a chaitheamh sa mbaile dá
mbíodh ciall acú fanacht ann.
Fáraor, tá'n oiread sin de'n obair mhill-
teanach seo ag dul 'un tosaigh lá ar lá,
go sílfeadh duine go bhfuil sé i ndán do
mhuinntir na hÉireann a gcuid allais a
chailleadh ag obair do na coimhidhthigh, go
deireadh 'n tsaoghail. Acht má chuireann
duine an cheist: Cia tá cionntach? ní ró-
dheacair an rud é freagra d'fhagháil. Tá
an uile dhuine cóimh-chionntach a chuidigheas
páipéar gallda a chochadh (chothughadh) atá ag
iomchur 'un tosaigh obair mhalluighthe
Shasana. Tá an uile dhuine cóimh-chionntach
a chaitheas éadach na bróga atá déanta
taobh amuigh de Éirinn. Tá an uile dhuine
cóimh-chionntach a cheannuigheas na leigeas
isteach i n-a theach arradh d'aon chineál nach
bhfuil déanta 'nár dtír féin. Tá níos mó
airgid ag imtheacht as an tír an uile
bhliadhain 'ná tá an méid daoine a imthigheas
as ar feadh na bliadhna ábalta ar
shaothrughadh.
Acht tá rud eile ag teastáil uainn
diomaite ('dtaobh amuigh de) de'n saothradh
agus is é sin "siamsa" agus caitheamh
aimsire de tsaghas cheart." Is í mo
bharamhail gur dhíbir díoghbhail chuideachtan
agus siamsa oiread daoine as Éirinn 's a
dhíbir díoghbhail saothraidh. Tá sé deafaidh
orainn, ar an ádhbhar sin, ár ngualacha chur
le chéile, má's mian linn aos óg na tíre a
chongbháil sa bhaile. Caithfimid ár gcuid
sean-sgéalta, amhráin, damhsaí agus
cleasanna a aithbheódhadh, agus an uile bhéas
neamh-Ghaedhealach a chur faoi chois. Tá ár
máthair, Éire, claoidhte agus an bhfuilmid
ag dul a leigint dí bás d'fhagháil? Tá sí
uaigneach, cráidhte i ndiaidh a cloinne - an
chuid acú a d'fhág í - agus caidé támuid
ag dul a dhéanadh ar a son? Nach bhfuil sé
beag go leór ag gach duine 'rádh léithe mar
seo: "A Éire, Éire! geallaim duit go
ndéanfaidh mise mo dhícheall féin mar
gheall ar dheireadh 'chur le "Imtheacht na
nGaedheal thar Sáile."
BRIAN Ó CIANAIGH.
Cathair Conraí agus Sgéalta eile: Tadhg Méith
.i. Séamus Ó Dubhghaill do scríobh i gcomhair Oireach-
tais 1902. Coinnradh na Gaedhilge do chuir amach.
Naoi bPinginne.
Tá slighe fé leith i gcomhnuidhe ag an nDubhghallach
chum scéal d'innsint. Ní heól dúinn éinne eile
ar scríbhneóirí gaedhilge fé láthair go bhfuil an tslighe
chéadna aige. Slighe innti féin is eadh í. Ba dheacair
cur síos uirthi acht badh dhóigh linn ar chuma éigint go
bhféafaimís a dhéanamh amach gur bh'é an fear
céadna do scríobh. "Tadhg Gabha" agus "Cathair
Chonroí." Tá an nádúrthacht céadna agus an tsimplidh-
eacht chéadna ionnta araon. Bheadh a fhios ag duine
ná raibh Páirc a' Galláin i bhfad ó cheardchain Thaidhg.
Scéal i gcóir an aosa óig is eadh Cathair Conroí,
agus na scéalta eile ins an leabhar so, agus go
deimhin féadfam a rádh go bhfuigheadh duine críonna
tairbhe maith as a léigheamh mar an gcéadna. Tá sult
agus pleisiúir le fagháil as gach leathanach san
leabhar. Badh chaillte an mhaise ag an mBeirt Fhear
é mara mbeadh soin amhlaidh.
Nuair beifar ag tabhairt duaiseanna do leanbhaí
scoile, ná deintar dearmhad ar Chathair Chonroí. Is
mór an truagh é gan fiche éigint leabhar dhá shaghas
againn. Sgéalta beaga grinn, léightheóireacht
simplidhe furuiste atá ag teastáil uainn má's mian
linn muinntir na Gaedhilge a chasadh ar a dteangaidh
dhúthchais a léigheamh. Beidh súil againn le tuillead
de shaghas "Cathair Chonroí" ó "Thadhg Méith."
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11