Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sean Leabhartha na hÉireann.
Title
Sean Leabhartha na hÉireann.
Author(s)
Ó hEidhin, Tomás,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SEAN LEABHARTHA NA HÉIREANN. Is na sean-aoisibh ní raibh tír ar bith 'san domhan ba mhó clú agus cáil i dtaoibh léighinn agus foghluma 'ná Éire. Ar feadh na gcéadta bliadhan thar éis do Phádraig Naomhtha na daoine threorughadh amach as dorchadas na Págántachta go solas lonn- rach an chreidimh fhír, chuaidh creideamh agus foghluim ar aghaidh le cois a chéile i nÉirinn. Chuadar ar aghaidh chomh mear agus chomh mór sin, agus iad dlúith-cheangailte le n-a chéile gur bhuaidh Éire an ghairm uasal, "Oileán na Naomh, agus na nOllamh," ó sna náisiúnaibh eile. Bhí leabhartha léigheann agus foghluim i nÉirinn abhfad sula dtáinic Pádraig. Dearbhuigheann leabhar Aicill an méid seo dúinn. Agus tá a fhios againn go raibh leabhartha ag na sean-draoithibh nuair casadh iad féin agus Pádraig ar a chéile i "dTeamhair na Sluagh." Ní raibh dream ar bith ba mhó spéis agus suim i léigheann agus i bhfoghluim ná na sean-Ghaedhil. Tar éis aimsir Phádraig sgríobhadar na mílte ós cionn na mílte sean-leabhar. Ní'l le fagháil anois, faraoir, acht diosgáinín beag de sna sean-leabharthaibh so. Acht muna bhfuil féin, is oighreacht uasal an diosgáinín beag so. Tá an dá chruinniughadh is mó agus is fearr de shean-leabhraibh na hÉireann le fagháil i leabharlannaibh i mBaile Átha Cliath - leabharlann Cholláiste na Trionóide, agus leabharlann an Acadaimh Ríoghamhla. Tá cuid mhaith aca i gcúpla leabharlann i Sasana; agus tá tuilleadh aca i leabhar- lannaibh i dtíorthaibh coigcríocha eile. Ais- trigheadh agus foillsigheadh a lán rudaí as na sean-leabharthaibh seo. Acht tá an chuid is mó abhfad dá bhfuil ionnta gan baint leis fós.
Bhí leabhartha maithe an-daor, agus ba dheacair iad fhagháilt is na sean-aoisibh. Bhíodar ar fad sgríobhtha le peann-chleite ar phár. Bhí an arradh so an-daor; mar bhárr air seo, ní raibh mórán leabhar le fagháil acht amháin is na mainistreachaibh, is dtighthibh na ríogh, agus na bhflaithe, agus na ndaoine foghlumtha. Do réir gnáis na tíre, chongbhuightí leabhartha is na tighthibh móra, agus is na mainistreachaibh i na sgríobhtaí síos 'ch uile shaghas litirigheachta i dteannta a chéile. Tá leabhar na hUidhre ar an leabhar is seannda dá bhfuil againn de'n litrigheacht chomh-mheasgtha so. Is i leabharlann an Acadaimh Ríoghamhla i mBaile Átha Cliath tá an leabhar so fá láthair. B'é Maolmhuire Mac Céiliochair a sgríobh é as sean-leabhar- thaibh eile. Sgríbhneóir cliste, léigheanta do bhí san Maolmhuire seo. Fuair sé bás i gCluain Mhic Nóis, san mbliadhain 1106. Tá an chuid is mó go mór de'n tsean-leabhar so caillte anois. Is na leathanaigh atá le fagháil againn, tá roinnt sean-sgéalta fiannuidheachta, mar aon le haltaibh ar go leór rudaí eile. Tá an Amhra, nó an mharbhna do ceapadh ar Cholm Cille, is na leathanaigh céadna. Tá an Ghaedhilg chomh ársa agus chomh cruaidh ann agus nach féidir le héinne beó an píosa ar fad do thuigsint. Is é Leabhar Laigheann an leabhar is mó de shean-leabharthaibh na hÉireann. Sgríobhadh é timcheall na bliadhna 1160. Tá sé fá láthair i léabharlann Cholláiste na Tríonóide, i mBaile Átha Cliath. Tá i ngar do mhíle alt de gach aon tsaghas ann, cuid aca i gcaint- sgurtha agus an cuid eile i bhfilidheacht. Baineann siad ar fad nach mór le gnóthaibh na hÉireann. Tá sgéalta, stardha, agus dinnseanchus ar áiteachaibh annso is annsúd ar fud na tíre ann. Tá sean-sgéalta fiannuidheachta agus ailt ag baint le geinealaighibh agus le nidhthibh eile ann. Is é an leabhar a dtugtar an Seanchas Mór air, an leacht cuimhnighthe is mó dá bhfuil againn ar eólas, ar léigheann, agus ar shíbhialtacht ár sinsear. Leabhar an-mhór is eadh é; agus is ann atá na sean-reachta dlighe sgríobhtha. Tá Gaedhilg an-chruaidh dho-thuigsionta ann. Is é Cormac Mac Airt do sgríobh síos ar dtús na sean-reachta so. Ní rabhadar acht ar bhéal-oideas roimhe sin. Déanadh roinnt athruighthe ortha i n-aimsir Phádraig. Is é an áit go bhfuil an Seanchas Mór anois i leabharlainn Choláiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath. Tá Leabhar Árd Macha ar cheann de sna leabharthaibh is ársaidhe dá bhfuil againn. Aith- sgríobhadh é timcheall na bliadhna 807. Baineann sé leis an Eaglais, agus tá sé fa láthair i gColáiste na Tríonóide. Tá Saltair Theamhrach agus Saltair Chaisil i measg na leabhar so nach bhfuil aon tuairisg ortha anois. Bhaineadar le ceart na ríogh, agus iad so bhí fútha. Tá sórt eile sean-leabhar againn nár chuireas síos ortha fós - na leabhartha or- náidighthe lí-dheisighthe. Is é Leabhar Cheanan- nais an leabhar is deise agus is áilne aca so. Sgríobhadh é 'san séamhadh aois. Tá sé fá láthair i Leabharlann Choláiste na Tríonóide. Deirthear ná fuil leabhar ar bith san domhan níos áilne 'ná é. Ní'l ann acht mac a-samhail na gceithre Soísgéalta sgríobhtha i Laidin. Tá go leór leabhar de'n tsaghas so le fagháil, acht is é Leabhar Cheanannais an ceann is deise agus is áilne go mór aca. Tá sé ornáidighthe chomh cliste sin agus lí-dheisighthe chomh háluinn sin go raibh sé ar bhéal-oideas gurab iad na haingil féin do dhéan é ornáidiughadh agus é lí-dheisiughadh.
Dá mba le náisiún ar bith eile sa domhan sean-leabhartha luachmhara na hÉireann, táim lán-chinnte go mbeadh 'ch uile ceann aca foillsighthe a bhfad roimhe so. Ní fhágfaidhe ag dreóghchan is na leabharlannaibh iad mar atá Éire dá bhfágaint. TOMÁS Ó hEIDHIN.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services