Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sean Leabhartha na hÉireann.

Title
Sean Leabhartha na hÉireann.
Author(s)
Ó hEidhin, Tomás,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SEAN LEABHARTHA NA HÉIREANN.



Is na sean-aoisibh ní raibh tír ar bith 'san
domhan ba mhó clú agus cáil i dtaoibh léighinn
agus foghluma 'ná Éire. Ar feadh na
gcéadta bliadhan thar éis do Phádraig
Naomhtha na daoine threorughadh amach as
dorchadas na Págántachta go solas lonn-
rach an chreidimh fhír, chuaidh creideamh agus
foghluim ar aghaidh le cois a chéile i nÉirinn.
Chuadar ar aghaidh chomh mear agus chomh mór
sin, agus iad dlúith-cheangailte le n-a chéile
gur bhuaidh Éire an ghairm uasal, "Oileán
na Naomh, agus na nOllamh," ó sna
náisiúnaibh eile.



Bhí leabhartha léigheann agus foghluim i
nÉirinn abhfad sula dtáinic Pádraig.
Dearbhuigheann leabhar Aicill an méid seo
dúinn. Agus tá a fhios againn go raibh
leabhartha ag na sean-draoithibh nuair
casadh iad féin agus Pádraig ar a chéile i
"dTeamhair na Sluagh." Ní raibh dream ar
bith ba mhó spéis agus suim i léigheann agus
i bhfoghluim ná na sean-Ghaedhil. Tar éis
aimsir Phádraig sgríobhadar na mílte ós
cionn na mílte sean-leabhar. Ní'l le
fagháil anois, faraoir, acht diosgáinín beag
de sna sean-leabharthaibh so. Acht muna
bhfuil féin, is oighreacht uasal an diosgáinín
beag so.



Tá an dá chruinniughadh is mó agus is
fearr de shean-leabhraibh na hÉireann le
fagháil i leabharlannaibh i mBaile Átha Cliath
- leabharlann Cholláiste na Trionóide,
agus leabharlann an Acadaimh Ríoghamhla.
Tá cuid mhaith aca i gcúpla leabharlann i
Sasana; agus tá tuilleadh aca i leabhar-
lannaibh i dtíorthaibh coigcríocha eile. Ais-
trigheadh agus foillsigheadh a lán rudaí as
na sean-leabharthaibh seo. Acht tá an chuid
is mó abhfad dá bhfuil ionnta gan baint
leis fós.


L. 386


Bhí leabhartha maithe an-daor, agus ba
dheacair iad fhagháilt is na sean-aoisibh.
Bhíodar ar fad sgríobhtha le peann-chleite
ar phár. Bhí an arradh so an-daor; mar
bhárr air seo, ní raibh mórán leabhar le
fagháil acht amháin is na mainistreachaibh, is
dtighthibh na ríogh, agus na bhflaithe, agus
na ndaoine foghlumtha. Do réir gnáis na
tíre, chongbhuightí leabhartha is na tighthibh
móra, agus is na mainistreachaibh i na
sgríobhtaí síos 'ch uile shaghas litirigheachta
i dteannta a chéile.



Tá leabhar na hUidhre ar an leabhar is
seannda dá bhfuil againn de'n litrigheacht
chomh-mheasgtha so. Is i leabharlann an
Acadaimh Ríoghamhla i mBaile Átha Cliath tá
an leabhar so fá láthair. B'é Maolmhuire
Mac Céiliochair a sgríobh é as sean-leabhar-
thaibh eile. Sgríbhneóir cliste, léigheanta
do bhí san Maolmhuire seo. Fuair sé bás
i gCluain Mhic Nóis, san mbliadhain 1106.
Tá an chuid is mó go mór de'n tsean-leabhar
so caillte anois. Is na leathanaigh atá le
fagháil againn, tá roinnt sean-sgéalta
fiannuidheachta, mar aon le haltaibh ar
go leór rudaí eile. Tá an Amhra, nó an
mharbhna do ceapadh ar Cholm Cille, is na
leathanaigh céadna. Tá an Ghaedhilg chomh
ársa agus chomh cruaidh ann agus nach féidir
le héinne beó an píosa ar fad do thuigsint.



Is é Leabhar Laigheann an leabhar is mó
de shean-leabharthaibh na hÉireann. Sgríobhadh
é timcheall na bliadhna 1160. Tá sé fá
láthair i léabharlann Cholláiste na Tríonóide,
i mBaile Átha Cliath. Tá i ngar do mhíle alt
de gach aon tsaghas ann, cuid aca i gcaint-
sgurtha agus an cuid eile i bhfilidheacht.
Baineann siad ar fad nach mór le gnóthaibh
na hÉireann. Tá sgéalta, stardha, agus
dinnseanchus ar áiteachaibh annso is annsúd
ar fud na tíre ann. Tá sean-sgéalta
fiannuidheachta agus ailt ag baint le
geinealaighibh agus le nidhthibh eile ann.



Is é an leabhar a dtugtar an Seanchas
Mór air, an leacht cuimhnighthe is mó dá
bhfuil againn ar eólas, ar léigheann, agus
ar shíbhialtacht ár sinsear. Leabhar an-mhór
is eadh é; agus is ann atá na sean-reachta
dlighe sgríobhtha. Tá Gaedhilg an-chruaidh
dho-thuigsionta ann. Is é Cormac Mac Airt
do sgríobh síos ar dtús na sean-reachta so.
Ní rabhadar acht ar bhéal-oideas roimhe sin.
Déanadh roinnt athruighthe ortha i n-aimsir
Phádraig. Is é an áit go bhfuil an Seanchas
Mór anois i leabharlainn Choláiste na
Tríonóide i mBaile Átha Cliath.



Tá Leabhar Árd Macha ar cheann de sna
leabharthaibh is ársaidhe dá bhfuil againn. Aith-
sgríobhadh é timcheall na bliadhna 807.
Baineann sé leis an Eaglais, agus tá sé
fa láthair i gColáiste na Tríonóide.



Tá Saltair Theamhrach agus Saltair
Chaisil i measg na leabhar so nach bhfuil aon
tuairisg ortha anois. Bhaineadar le ceart
na ríogh, agus iad so bhí fútha.



Tá sórt eile sean-leabhar againn nár
chuireas síos ortha fós - na leabhartha or-
náidighthe lí-dheisighthe. Is é Leabhar Cheanan-
nais an leabhar is deise agus is áilne aca
so. Sgríobhadh é 'san séamhadh aois. Tá
sé fá láthair i Leabharlann Choláiste na
Tríonóide. Deirthear ná fuil leabhar ar
bith san domhan níos áilne 'ná é. Ní'l ann
acht mac a-samhail na gceithre Soísgéalta
sgríobhtha i Laidin. Tá go leór leabhar de'n
tsaghas so le fagháil, acht is é Leabhar
Cheanannais an ceann is deise agus is áilne
go mór aca. Tá sé ornáidighthe chomh cliste
sin agus lí-dheisighthe chomh háluinn sin go
raibh sé ar bhéal-oideas gurab iad na
haingil féin do dhéan é ornáidiughadh agus
é lí-dheisiughadh.


L. 387


Dá mba le náisiún ar bith eile sa domhan
sean-leabhartha luachmhara na hÉireann, táim
lán-chinnte go mbeadh 'ch uile ceann aca
foillsighthe a bhfad roimhe so. Ní fhágfaidhe
ag dreóghchan is na leabharlannaibh iad mar
atá Éire dá bhfágaint.



TOMÁS Ó hEIDHIN.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services