Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sinn Féin.
Title
Sinn Féin.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SINN FÉIN Tá aiste againn ó'n Laoideach an taca so ag cur síos ar Chuanta na Féinne. Fear an-chúramach is eadh an Laoideach. Is gnáthach leis mórán aimsire a chaitheamh ag déanamh amach ainmneacha áiteanna go bhfuil trácht ortha ins na sean-leabhartha. Tá beagán de thoradh a shaothair ins an alt so ar na cuantaibh. Ní'l acht an beagán ann ámh, mar tá i bhfad níos mó ná an méid seo déanta ag an Laoideach i dtaobh dinnseanchais. Is iongantach an easbha eólais atá orainnn i dtaobh ainmneacha áiteanna i nÉirinn. Chailleamair an t-eólas soin leis an nGaedhilg, mar bhí eólas maith ag ár sinsir ar gach áit i nÉirinn gur thuit éan-rud amach ann, nó go raibh scéal éigint ag baint leis. Nuair do choisceadh ar shean-léigheann na nGaedheal do chuaidh an t-eólas úd i ndísc agus chomh luath agus tháinig an Béarla isteach chuir sé an ruag ar fad air. Tá súil againn go bhfillfidh an t-eólas so orainn do réir mar bheidh an Ghaedhilg ag casadh arís orainn. Do theastoghadh uainn congnamh gach éinne d'fhagháil chum an obair fhiúntach so chur chum cinn, agus ní dóigh linn go ndéanfaidh Gaedhilgeóirí dearmad air. Is linn féin cnuic agus gleannta, locha agus cuanta na hÉireann agus nár chóir dúinn eólas a bheith againn ar a n-ainmneacha i nGaedhilg. Tá beagán trácht á dhéanamh againn ar Scoil Chúnó Meidhear, agus ar an gcuma n-a bhfuil an scoil úd ag obair. Scoil i gcóir Sean-Ghaedhilge is eadh í. Scoil mhaith is eadh í, acht ar a shon soin is uile ní'lmíd ró-shásta léi; acht is dócha nach féidir gach éinne shásamh. Sa chéad áit b'fhearr linn féin bheith ag foghluim na Sean-Gaedhilge tríd an Nuadh-Ghaedhilg. Caithfimíd fuireach go fóill chuige sin is baoghalach, acht ní héin-díoghbháil é bheith mar chuspóir romhainn amach againn. 'N-a dhiaidh soin aríst' scoil mhaith Nuadh-Ghaedhilge is eadh badh cheart dúinn a chur ar bun; scoil go mbeadh múinteóirí maithe ann, do chuirfeadh i n-umhail do dhaoinibh eile cionnus an Ghaedhilg a mhúineadh i gceart. Sin í an scoil atá ag teastáil uainn. Mara mbeidh múinteóirí maithe Gaodhilge againn is suarach is fiú dúinn bheith ag iarraidh an Gheadhilg a leathadh ar fuid na tíre. Ealadha ann féin is eadh múineadh teangan, agus ní féidir í foghluim ar lic an teinteáin. Ní fuláir tamall a chaiteamh ar a fogh- luim. Acht cá bhféadfar í fhoghluim? Cuirimís scoil ar bun chuige sin amháin. Ó's féidir le Cúnó Meidhear scoil i gcóir Shean-Ghaedhilge do chur ar bun, agus do choimeád ar siubhal ní fulair nó d'fhéadfadh Connradh na Gaedhilge scoil mhaith i gcóir múinteóirí Gaedhilge a chur ar bun. Tá súil againn go dtógfar suas an cheist seo, mar tá gábhadh mór le scoil dá saghas. Tá ana-chuid daoine againn go bhfuil flúirse Gaedhilge bhreagh aca. Dá bhfuighidís acht tamall gairid féin i scoil de'n tsaghas so, ba ghearr go mbeadh múinteóirí fóghanta againn. Tabhraimís fé i n-ainm Dé. Tá dá phictiúir againn an tráth so ó Chonntae Loch gCarmain. Aithneoghaidh mórán de léightheóiríbh an IRISLEABHAIR Mícheál Ó Súilliobháin do chuir an chéad spréidh ar lasadh san gConntae sin. Tá i n-éinfeacht leis san bpictiúir beirt de na congantóirí is fearr bhí aige, an tAthair Ó Duinn agus an tAthair Ó Murchadha. Go deimhin ba dheacair beirt eile d'fhagháil atá ag obair chomh dian ar son na Gaedhilge is tá an bheirt chéadna. D'fhéadfaidhe an rud céadna a rádh i dtaobh gach éan tsagairt eile beagnách i gConntae Loch gCarmain; do mhúinfidís ceacht do Chléir chonntaethe eile. Duine de rúnuidhthibh Choiste na Gaedhilge i Loch gCarmain is eadh an Stampach. Duine dár dteagascthóirí maithe is eadh "Tadhg Saor." Tá sé ag obair fé láthair i nIubhar Chinn Trágha. Dheineadar léiriughadh ar Thadhg Saor an Athar Peadar san mbaile sin tá tamall ó shoin ann. Tá pictiúir na fuirinne againn dá chur i gcló an tráth so. Tá "Tadhg Saor" féin n-a measc. Ná tógaidís an Gruagach ná Seaghán Ó Muimhnea- cháin ná Tomás Ó hEidhin orainn i dtaobh a n-aistí a choimeád siar an taca so. Déanfam rud ortha an chéad uair eile. Is é "Cos Obann" .i. Micheál Ó Gríobhtha, ó Bhéal Feirsde do buaidh ár nduais an mhí seo. Fuair Athair Mhichíl bás tamall beag ó shoin. Fíor- Ghaedheal ar gach éan-nós do b'eadh é. Beannacht Dé len' anam.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services