Tá aiste againn ó'n Laoideach an taca so ag cur
síos ar Chuanta na Féinne. Fear an-chúramach is eadh
an Laoideach. Is gnáthach leis mórán aimsire a
chaitheamh ag déanamh amach ainmneacha áiteanna go
bhfuil trácht ortha ins na sean-leabhartha. Tá beagán
de thoradh a shaothair ins an alt so ar na cuantaibh.
Ní'l acht an beagán ann ámh, mar tá i bhfad níos mó
ná an méid seo déanta ag an Laoideach i dtaobh
dinnseanchais.
Is iongantach an easbha eólais atá orainnn i dtaobh
ainmneacha áiteanna i nÉirinn. Chailleamair an
t-eólas soin leis an nGaedhilg, mar bhí eólas maith
ag ár sinsir ar gach áit i nÉirinn gur thuit éan-rud
amach ann, nó go raibh scéal éigint ag baint
leis. Nuair do choisceadh ar shean-léigheann na
nGaedheal do chuaidh an t-eólas úd i ndísc agus chomh
luath agus tháinig an Béarla isteach chuir sé an ruag
ar fad air. Tá súil againn go bhfillfidh an t-eólas
so orainn do réir mar bheidh an Ghaedhilg ag casadh
arís orainn. Do theastoghadh uainn congnamh gach
éinne d'fhagháil chum an obair fhiúntach so chur chum
cinn, agus ní dóigh linn go ndéanfaidh Gaedhilgeóirí
dearmad air. Is linn féin cnuic agus gleannta,
locha agus cuanta na hÉireann agus nár chóir dúinn
eólas a bheith againn ar a n-ainmneacha i nGaedhilg.
Tá beagán trácht á dhéanamh againn ar Scoil Chúnó
Meidhear, agus ar an gcuma n-a bhfuil an scoil úd ag
obair. Scoil i gcóir Sean-Ghaedhilge is eadh í.
Scoil mhaith is eadh í, acht ar a shon soin is uile
ní'lmíd ró-shásta léi; acht is dócha nach féidir
gach éinne shásamh. Sa chéad áit b'fhearr linn
féin bheith ag foghluim na Sean-Gaedhilge tríd an
Nuadh-Ghaedhilg. Caithfimíd fuireach go fóill chuige
sin is baoghalach, acht ní héin-díoghbháil é bheith mar
chuspóir romhainn amach againn. 'N-a dhiaidh soin
aríst' scoil mhaith Nuadh-Ghaedhilge is eadh badh
cheart dúinn a chur ar bun; scoil go mbeadh
múinteóirí maithe ann, do chuirfeadh i n-umhail do
dhaoinibh eile cionnus an Ghaedhilg a mhúineadh i
gceart. Sin í an scoil atá ag teastáil uainn.
Mara mbeidh múinteóirí maithe Gaodhilge againn is
suarach is fiú dúinn bheith ag iarraidh an Gheadhilg a
leathadh ar fuid na tíre. Ealadha ann féin is eadh
múineadh teangan, agus ní féidir í foghluim ar lic an
teinteáin. Ní fuláir tamall a chaiteamh ar a fogh-
luim. Acht cá bhféadfar í fhoghluim? Cuirimís
scoil ar bun chuige sin amháin. Ó's féidir le Cúnó
Meidhear scoil i gcóir Shean-Ghaedhilge do chur ar
bun, agus do choimeád ar siubhal ní fulair nó d'fhéadfadh
Connradh na Gaedhilge scoil mhaith i gcóir múinteóirí
Gaedhilge a chur ar bun. Tá súil againn go dtógfar
suas an cheist seo, mar tá gábhadh mór le scoil dá
saghas. Tá ana-chuid daoine againn go bhfuil flúirse
Gaedhilge bhreagh aca. Dá bhfuighidís acht tamall
gairid féin i scoil de'n tsaghas so, ba ghearr go
mbeadh múinteóirí fóghanta againn. Tabhraimís fé i
n-ainm Dé.
Tá dá phictiúir againn an tráth so ó Chonntae Loch
gCarmain. Aithneoghaidh mórán de léightheóiríbh an
IRISLEABHAIR Mícheál Ó Súilliobháin do chuir an chéad
spréidh ar lasadh san gConntae sin. Tá i n-éinfeacht
leis san bpictiúir beirt de na congantóirí is fearr
bhí aige, an tAthair Ó Duinn agus an tAthair Ó Murchadha.
Go deimhin ba dheacair beirt eile d'fhagháil atá ag
obair chomh dian ar son na Gaedhilge is tá an bheirt
chéadna. D'fhéadfaidhe an rud céadna a rádh i dtaobh
gach éan tsagairt eile beagnách i gConntae Loch
gCarmain; do mhúinfidís ceacht do Chléir chonntaethe
eile. Duine de rúnuidhthibh Choiste na Gaedhilge i Loch
gCarmain is eadh an Stampach.
Duine dár dteagascthóirí maithe is eadh "Tadhg
Saor." Tá sé ag obair fé láthair i nIubhar Chinn
Trágha. Dheineadar léiriughadh ar Thadhg Saor an
Athar Peadar san mbaile sin tá tamall ó shoin ann.
Tá pictiúir na fuirinne againn dá chur i gcló an
tráth so. Tá "Tadhg Saor" féin n-a measc.
Ná tógaidís an Gruagach ná Seaghán Ó Muimhnea-
cháin ná Tomás Ó hEidhin orainn i dtaobh a n-aistí a
choimeád siar an taca so. Déanfam rud ortha an
chéad uair eile.
Is é "Cos Obann" .i. Micheál Ó Gríobhtha, ó Bhéal
Feirsde do buaidh ár nduais an mhí seo. Fuair
Athair Mhichíl bás tamall beag ó shoin. Fíor-
Ghaedheal ar gach éan-nós do b'eadh é. Beannacht Dé
len' anam.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11