Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Is Fearr Ciúineas 'ná Buirbe Mhór.
Title
Is Fearr Ciúineas 'ná Buirbe Mhór.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
IS FEARR CIÚINEAS 'NÁ BUIRBE MHÓR. A léightheóir uasail, má's maith leat bheith foighdeach ar feadh tamaillín, inneósad rud éigin duit do thuit amach orm roinnt bheag aimsire ó shoin. I bhfad i bhfad siar i gcathair cheódhach chífá tigh mór ag éirghe suas go mórdha san spéir os cionn na dtighthe eile mór-dtimcheall. Osbuidéal is seadh an tigh seo. A! is maith is cuimhin liom an oidhche uaigneach úd go rabhas im' luighe go tuirseach trom-chroidheach i leab- aidh chruaidh san osbuidéal soin, i bhfad óm' mhuinntir agus óm' bhaile, 's gan dóthchas agam ar theacht as go bráth arís. Oidhche chiúin, chumhra, spéar-ghlan i ndeireadh an Fhoghmhair do b'eadh an oidhche áirithe seo. Óm' leabaidh chífinn amach tríd an bhfuin- neóig, an ghealach bhreagh árd 'san spéir, agus na mílte réiltíní ag rinnce 'n-a timcheall. Bhí ceól na n-éan, a chuireadh áthas 'n-ár gcroidhthibh feadh an lae, 'n-a thost, agus ba thruaghmhéileach doilbheach é cneadaigh na ndaoine bochta breóidhte, do rith anois ar fuid an tighe. Ar uairibh do chiúinfeadh an tigh, agus 'n-a dhiaidh sin do bhrisfeadh scread fir éigin ar do chluasaibh, ag cur sgann- raidh i gceart-lár do chroidhe. Bhí sé díreach ar a hocht, agus, cé ná raibh aon chodladh orm, bhíos ag socrughadh dhom féin taréis lae fhada i gcóir oidhche bheadh a lán níos sia. Idir chodladh agus dúiseacht dom, bhíos ag síor-mhachtnamh ar dhonas an tsaoghail seo. Do chuimhnigheas im' chroidhe ar an ndifir mhóir do bhí idir an saoghal lasmuigh agus an saoghal uaigneach do bhí fá sgáth an osbuid- éil, agus anois agus arís d'fhiafruighinn díom féinig a mbeinn go deó amuigh i measc na ndaoine. Ag dian-mhachtnamh ar an gcruadh- cheist sin dom, tháinig ruanán beag orm, acht, mo lom! níor bh'fhada é, mar do bhuaileadh buille trom ar an ndoras las- muigh. Do rith fuaim an bhuille sin tríd an tigh ag cur gach croidhe a léimridh le lán- eagla. D'oscladh an doras, agus tháinig fear mór árd isteach, a lámh chlé ceangailte suas i n-éadach fuilteach, a shúile ar dearg- lasadh 'n-a cheann, agus dath an bháis ar a aghaidh. Cé go bhfuil bliadhanta fada im- thighthe ó shoin, éirigheann an aghaidh sin go soiléir os mo chomhair anois; chím na súile dearga ceadna, agus airighim guth garbh an fhir. Do shiubhluigh sé suas go neamh- spleádhach tríd an tseómra, agus shuidh sé go dána ar chathaoir do bhí le hais na teineadh. Uaireannta do chífá é ag féachaint go cruinn ar sméaróidíbh na teineadh, agus uaireanta eile d'iompóghadh a shúile ag síor-infhiúchadh gach nídh san tseomra - sceón 'n-a shúilibh agus fiadhantas 'n-a ghnúis. Ar fheicsint an trí-na-chéile do bhí air, níor bh'iongnadh go raibh scannradh ar na daoinibh, agus do chogarnuigh le n-a chéile mór- thimcheall go raibh rud éigin bnn-os-cionn ar an bhfear - gur dhóigh leó ná raibh sé 'n-a chéill cheart. Fáiríor! bhí a lán de'n fhírinne aca. Is amhlaidh do bhí rud éigint ag déanamh buaidheartha dhó, mar ba mhinic do tharraing sé a lámh láidir treasna ar a éadan allusmhar, agus anois agus arís do leig sé osnadh trom truaighmhéileach uaidh, a lán- chorrtha dhe féin agus de'n domhan uile. Tar- éis tamaill mar sin do, d'éirigh sé go hobann, chaith se a chasóg de agus shiubhluigh sé go mear síos agus aníos an seomra ag crothadh a lámh os a chionn, ag rádh gur bh'fíor-dhalta Phádraig é, go raibh cion aige ar a dhúthchas agus gur mhian leis, an oidhche sin, í shaoradh ó ghéar-airc Shasanna, í d'fhuascailt ó bhruid na nGall.
"Á!" ar seisean, "is ró-fhada d'fhanas gan an nídh seo do dhéanamh. Ní fhanfaidh mé níos sia. Déanfaidh mé anocht é - déanfaidh mé anois é!" agus leis sin do rug sé ar bhata trom do bhí len' ais. Bhí coinneal mhór ar lasadh ar an gclár, mar anois bhí dorchadas na hoidhche ann. Cheap sé gur namhad éigin an choinneal so, mar gan nóimeat righnis do scaip sé leis an mbata í, agus dhein míle píosa dhí ar fuid an tighe. Annsoin do táinic sé go cliatháin mo leabtha-sa, agus thug sé iarracht ar mé bhualadh sa' gceann, acht do choisc slabhradh do bhí os cionn mo leabtha an buille. Do dhruideas síos fé'n éadach, agus do lúbas mé féin díreach mar dhéanfadh eascú, cé gur dheacair dom é dhéanamh go deimhin. Do thuit rud éigin trom orm, agus cheapas go raibh deireadh lem' shaoghal. Ir mear do shéid an fuar-allus óm' bhallaibh go léir, agus is trom trom do bhuail mo chroidhe. Ní fhéadfainn innsinnt anois an iomdha paid- reacha adubhart ar an nóimeat uathbhásach soin, acht tá fhios agam go ndubhart cuid mhaith dhíobh. D'airigheas mo chroidhe ag preabadh; acht, a léightheóir, cad é an rud eile sin do chloiseas - rud do chuir mis- neach orm? Do fhéacas amach go ciúin socair agus chonnac an fear ag imtheacht as an tseomra idir bheirt phíléirí. Thairngeas anál fada, agus chuimilíos an t-allus dem' ghruaidh, acht is ró-bheag an codladh do dheineas an oidhche sin. Ar maidin lá'r n-a bháireach, nuair bí an ghrian ag éirighe go geal i bhfad thoir, agus guth na n-éan ag líonadh na spéire le binn- eas ceóil, do buaileadh buille ciúin faon ar an ndoras lasmuigh. Is é an fear céadna do bhí ann, acht is iongantach an t-atharrughadh do tháinic ar i rith na hoidhche, mar do shiubhluigh sé isteach anois chomh cneasta díreach le huan, a cheann cromtha fé, is gan focal aige. Tháinic sé chuige féin 'san bPoll Dubh. Taréis tamaill dubhairt se gur dhroch-bhiotáille d'ól sé do chuir as a mheabhair é. D'iarr sé párdún ar na daoinibh istigh, agus bhí gach aon rud réidh arís. Dalta de Chonnradh Naomh Pádraig is eadh an fear úd anois. A Rígh na bhfeart! a Rígh na ngrás! ó táim saor abhaile anois cois mo theineadh féin, cuirim mo mhíle buidheachas Chughat; agus chughat-sa, a léightheóir, i dtaobh éisteacht lem' dhrabhfuigheall. Chím go bhfuil tuirse ort. Táim féin ag fagháil tuirseachleis. Tá m'athair ag rádh sean-amhrán Ghaedhilge; caithfead éisteacht leis. Óidhche bhreagh dhuit. SEÓSAMH.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services