Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Is Fearr Ciúineas 'ná Buirbe Mhór.

Title
Is Fearr Ciúineas 'ná Buirbe Mhór.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

IS FEARR CIÚINEAS 'NÁ BUIRBE
MHÓR.



A léightheóir uasail, má's maith leat bheith
foighdeach ar feadh tamaillín, inneósad
rud éigin duit do thuit amach orm roinnt
bheag aimsire ó shoin. I bhfad i bhfad siar i
gcathair cheódhach chífá tigh mór ag éirghe
suas go mórdha san spéir os cionn na
dtighthe eile mór-dtimcheall. Osbuidéal
is seadh an tigh seo. A! is maith is cuimhin
liom an oidhche uaigneach úd go rabhas im'
luighe go tuirseach trom-chroidheach i leab-
aidh chruaidh san osbuidéal soin, i bhfad óm'
mhuinntir agus óm' bhaile, 's gan dóthchas agam
ar theacht as go bráth arís. Oidhche chiúin,
chumhra, spéar-ghlan i ndeireadh an Fhoghmhair
do b'eadh an oidhche áirithe seo.



Óm' leabaidh chífinn amach tríd an bhfuin-
neóig, an ghealach bhreagh árd 'san spéir, agus
na mílte réiltíní ag rinnce 'n-a timcheall.
Bhí ceól na n-éan, a chuireadh áthas 'n-ár
gcroidhthibh feadh an lae, 'n-a thost, agus ba
thruaghmhéileach doilbheach é cneadaigh na
ndaoine bochta breóidhte, do rith anois ar
fuid an tighe. Ar uairibh do chiúinfeadh an
tigh, agus 'n-a dhiaidh sin do bhrisfeadh scread
fir éigin ar do chluasaibh, ag cur sgann-
raidh i gceart-lár do chroidhe.



Bhí sé díreach ar a hocht, agus, cé ná raibh
aon chodladh orm, bhíos ag socrughadh dhom
féin taréis lae fhada i gcóir oidhche bheadh a
lán níos sia.



Idir chodladh agus dúiseacht dom, bhíos ag
síor-mhachtnamh ar dhonas an tsaoghail seo.
Do chuimhnigheas im' chroidhe ar an ndifir
mhóir do bhí idir an saoghal lasmuigh agus an
saoghal uaigneach do bhí fá sgáth an osbuid-
éil, agus anois agus arís d'fhiafruighinn díom
féinig a mbeinn go deó amuigh i measc na
ndaoine. Ag dian-mhachtnamh ar an gcruadh-
cheist sin dom, tháinig ruanán beag orm,
acht, mo lom! níor bh'fhada é, mar do
bhuaileadh buille trom ar an ndoras las-
muigh. Do rith fuaim an bhuille sin tríd an
tigh ag cur gach croidhe a léimridh le lán-
eagla. D'oscladh an doras, agus tháinig fear
mór árd isteach, a lámh chlé ceangailte
suas i n-éadach fuilteach, a shúile ar dearg-
lasadh 'n-a cheann, agus dath an bháis ar a
aghaidh. Cé go bhfuil bliadhanta fada im-
thighthe ó shoin, éirigheann an aghaidh sin go
soiléir os mo chomhair anois; chím na súile
dearga ceadna, agus airighim guth garbh an
fhir. Do shiubhluigh sé suas go neamh-
spleádhach tríd an tseómra, agus shuidh sé go
dána ar chathaoir do bhí le hais na teineadh.
Uaireannta do chífá é ag féachaint go
cruinn ar sméaróidíbh na teineadh, agus
uaireanta eile d'iompóghadh a shúile ag
síor-infhiúchadh gach nídh san tseomra -
sceón 'n-a shúilibh agus fiadhantas 'n-a ghnúis.



Ar fheicsint an trí-na-chéile do bhí air,
níor bh'iongnadh go raibh scannradh ar na
daoinibh, agus do chogarnuigh le n-a chéile mór-
thimcheall go raibh rud éigin bnn-os-cionn
ar an bhfear - gur dhóigh leó ná raibh sé 'n-a
chéill cheart. Fáiríor! bhí a lán de'n
fhírinne aca. Is amhlaidh do bhí rud éigint
ag déanamh buaidheartha dhó, mar ba mhinic
do tharraing sé a lámh láidir treasna ar a
éadan allusmhar, agus anois agus arís do leig sé
osnadh trom truaighmhéileach uaidh, a lán-
chorrtha dhe féin agus de'n domhan uile. Tar-
éis tamaill mar sin do, d'éirigh sé go
hobann, chaith se a chasóg de agus shiubhluigh sé
go mear síos agus aníos an seomra ag
crothadh a lámh os a chionn, ag rádh gur
bh'fíor-dhalta Phádraig é, go raibh cion aige
ar a dhúthchas agus gur mhian leis, an oidhche
sin, í shaoradh ó ghéar-airc Shasanna, í
d'fhuascailt ó bhruid na nGall.


L. 379


"Á!" ar seisean, "is ró-fhada d'fhanas
gan an nídh seo do dhéanamh. Ní fhanfaidh
mé níos sia. Déanfaidh mé anocht é -
déanfaidh mé anois é!" agus leis sin do
rug sé ar bhata trom do bhí len' ais. Bhí
coinneal mhór ar lasadh ar an gclár, mar
anois bhí dorchadas na hoidhche ann. Cheap
sé gur namhad éigin an choinneal so, mar
gan nóimeat righnis do scaip sé leis an
mbata í, agus dhein míle píosa dhí ar fuid an
tighe. Annsoin do táinic sé go cliatháin
mo leabtha-sa, agus thug sé iarracht ar mé
bhualadh sa' gceann, acht do choisc slabhradh
do bhí os cionn mo leabtha an buille. Do
dhruideas síos fé'n éadach, agus do lúbas mé
féin díreach mar dhéanfadh eascú, cé gur
dheacair dom é dhéanamh go deimhin. Do
thuit rud éigin trom orm, agus cheapas go
raibh deireadh lem' shaoghal. Ir mear do
shéid an fuar-allus óm' bhallaibh go léir, agus
is trom trom do bhuail mo chroidhe. Ní
fhéadfainn innsinnt anois an iomdha paid-
reacha adubhart ar an nóimeat uathbhásach
soin, acht tá fhios agam go ndubhart cuid
mhaith dhíobh. D'airigheas mo chroidhe ag
preabadh; acht, a léightheóir, cad é an rud
eile sin do chloiseas - rud do chuir mis-
neach orm? Do fhéacas amach go ciúin
socair agus chonnac an fear ag imtheacht as an
tseomra idir bheirt phíléirí. Thairngeas
anál fada, agus chuimilíos an t-allus dem'
ghruaidh, acht is ró-bheag an codladh do
dheineas an oidhche sin.



Ar maidin lá'r n-a bháireach, nuair bí an
ghrian ag éirighe go geal i bhfad thoir, agus
guth na n-éan ag líonadh na spéire le binn-
eas ceóil, do buaileadh buille ciúin faon
ar an ndoras lasmuigh. Is é an fear
céadna do bhí ann, acht is iongantach an
t-atharrughadh do tháinic ar i rith na hoidhche,
mar do shiubhluigh sé isteach anois chomh
cneasta díreach le huan, a cheann cromtha
fé, is gan focal aige. Tháinic sé chuige
féin 'san bPoll Dubh. Taréis tamaill
dubhairt se gur dhroch-bhiotáille d'ól sé do
chuir as a mheabhair é. D'iarr sé párdún
ar na daoinibh istigh, agus bhí gach aon rud réidh
arís.



Dalta de Chonnradh Naomh Pádraig is eadh
an fear úd anois.



A Rígh na bhfeart! a Rígh na ngrás! ó
táim saor abhaile anois cois mo theineadh
féin, cuirim mo mhíle buidheachas Chughat; agus
chughat-sa, a léightheóir, i dtaobh éisteacht
lem' dhrabhfuigheall. Chím go bhfuil tuirse
ort. Táim féin ag fagháil tuirseachleis.
Tá m'athair ag rádh sean-amhrán Ghaedhilge;
caithfead éisteacht leis. Óidhche bhreagh
dhuit.



SEÓSAMH.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services