Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Aeridheacht.
Title
Aeridheacht.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AERIDHEACHT. Má's mian leat aeridheacht mhaith d'fhagh- áil, siubhal liom-sa suas go barr hAille Ruaidhe; seo, gluaisimís. Acht beir bog ort féin, a bhuachaill; beidh séideán do dhóthain ort sula sroichfir a mullach. Ó, fan - cuir fead ar an madradh; b'féidir go gcasfaidhe girrfiadh linn. Hó, hó; seo chughainn é Bradamán; nách air atá an t-aiteas. Is lághach muinnteardha an gadhar é; féach an fonn súgraidh atá air. Ní fheadar an bhfeacaidh éinne riamh gadhar chomh greanamhar leis. Streachaile lom-easnadhach, gúngach; crubadán tútach gan crut, gan cuma lúith(e) ná gnímh air. Féach an ghuaireach liath-bhreac atá air, agus agus í chomh reamhar le rón muinge staile, agus chomh deilgneach le cleití gráineóige. Acht ní fuláir do steall de chineál chon a bheith ann atá a shoc chomh biorrach agus a iarbhall chomh caol-fhada soin. Is cumasach an lúbaire gadhair é ar tóir ghirrféidh. Nách géar an aill í seo; tá sí ag cur orm go mór. Téidhmís timcheall an bhuaic seo. Ní fada ó n-a mullach sinn anois; coiscéim nó dó eile. Suidhmís síos annso. Is beag nách bhfuilmíd i gceart-lár Thuadh-Mhumhan. Tá radharc againn os so ar mhacairíbh míne agus ar shléibhtibh garbha Eoghanachta agus Dál Chais, agus atá m-se meallta nó éirigheóidh do chroidhe ort le aiteas. Sin é thoir ó thuaidh Sliabh Binn Dís; mar fheicir na trí céime ó thiar thuaidh annso, ar dhruim an tsléibhe, 'seadh tá Léim mhór an Fhathaith; sin é Collán annsúd thuas go teann daingean sa mbeárnain. Tabhair t'aghaidh siar ó dheas anois, agus chífir faid do radhairc uait sléibhte móra, maola, loma Chiarraighe. Do chan Ciarraigheach éigin fad ó: - "Ciarraighe breágh na bprátaí gréine, Condae Chláir na bláithchí bréine." Ní dóigh liom gur ag scoil na Faithche d'fhoghluim sé a chuid rannuigheachta. An cnocán ceann-cruinn úd ar t'aghaidh anonn ar thaobh thall d'abhainn, sé sin Cnoc Phád- ruig; ó n-a mhullach soin do b'eadh chuir Pádruig naomhtha a bheannacht ag triall ar Thuadh-Mhumhain. Féach iad soir ó dheas Sléibhte Thiobraid Árann - Beárnain Éile, Sliabh na mBan agus Sléibhte móra na nGaillteach. Ní bhítear ag faireadh ar Shliabh na mBan anois mar bhítí fad ó le súil go dtiocfadh "Cailleach na nAdharc," nó "Tadhg a' dá Mhaide" chum é chur "ar chaor lasrach." Ní dóich go mbíonn braith go bhfeicfidhe "píce" nó "sleagh" féin ar "thaobh na gréine" dhe. Tá greann na Gaedhilge caillte. Tabhair rinn do shúl níos giorra do bhaile anois. 'Bhfeicir an adharc cloiche úd thoir ar mhalain Scumhail na Binne? 'Sí sin "Cloch an Fhorcamais", nó cloch fhóirchiméid na bhFiann. Tá "Leaba Dhiarmada" fúithi thíos ar thaobh na haille. Bhí sean-chathair chruinn chloch ar an machaire, ar aghaidh na cuaise amach, go dtí le gairid, acht leagadh í chum scioból do dhéanamh. Ar dtaobh abhus de'n scumhal (fé Bhéal Átha an Phortaigh) is eadh tá "Beárna Chathair Aodha". B'é sin an teóra bhí ar theamonn Sheanáin fad ó. Deir sean-thairngreacht éigin go mbuailfear cath éachtach, millteach ag "Beárna Chathair Aodha", agus go mbeidh Éire chomh traochta, stolta, céasta sin ó shíor-thóirneamh chogaidh, ná mbeidh síol daoine ná beathadhach le fagháil i n-aon áit i nÉirinn, acht i dtearmonn Sheanáin amháin. Acht ó's ag trácht ar thairngreacht dam é, ar chualais riamh é seo: - "Tiocfaidh an tsraith mhór, is leónfaidh 'n-bhur gcroidhe; Beidh fúd, fád, féasóg, 's teithfidh bodaigh an fhíon'. Tiocfaidh dól each, gan cur crúidh, gan srian leó, 'Na ndreamanaibh tiúgh, teó - Fianna bheó bheach,
Go húrcaoin dá n-éigean, agus ag baint na na hÉireann amach: - 'Na ndream anois, ná ndream arís, agus 'na ndream ar a' ball. Tiocfaidh an Franncach anoir agus an Spáinneach aniar; Tiocfaidh na Bráithre bána, beannaighthe anall, Is fágfaidh siad Áth a' Tairbh bán, is Gaillimh gan ceann." Tá bodaigh an fhíona sodalach go leór annso sós, acht tá ár ndaoine féin níos measa ná iad. Mo chumhadh géar, dóighte má's ar dhríodar Thuadh-Mhumhan do bheifear ag braith chum cabhrach tar éis an chogaidh mhóir! Maise má's eadh beidh Éire caillte. Is fíor dhuit é, go deimhin; is iad sliocht Chais iad gan amhras; do shíolruigheadar ó mhuinntir "n-a n-arm ngéar agus na gcruadh-lann," acht is meaithte, mí-chineálta atá an fhuil uasal soin anois. Tá cáil na dtréan-fhear breactha ag gliogairí na ngall-bhriathar, agus ag piasdaí díomhaoine an mhustair agus an tsaobhnóis. Is ion- gantach liom ná gcuireann an tSionnainn géim aisti le gráin agus le searbhas ortha féin, agus ar a gcuid ghalldachais. Tá daoine fóghanta ann fós, ámhthach, agus b'fhéidir gur dóibh sin atáthar ag tagairt ins an tsean-rann. Féach ar an tSionainn - díreach i gceart lár an amhairc - go leathan gléigeal mais- each áluinn, agus í ag triall go cuisleannach fé dhéin na haidhbhéise móire. Scéitheann sí agus trághann sí; tagann an rabharta agus an mhall-uair, an tsoineann agus an doineann ar an inbhear, mar thángadar ins an tSean-Reacht. Ní'l atharrughadh ar bith uirthi, ná ar an Fhearguis acht chomh beag, cé go ndearnadh iarracht ar an Slab do thíor- mughadh. Go deimhin féin ba mhaith an scéal dá bhféadfaidhe é sin do dhéanamh, acht ní féidir teóra do chur le tuile na mara le neart fear is pící. Tháinig Sasanach éigin darab ainim Sluguisce (Drinkwaters), agus do cheap sé claidhe teórann do dhéanamh treasna an ghabhaigh, agus do dhein. Acht tháinig rabharta borb millteach 'n-a dhiaidh, agus do réab an port. Cé chuirfidh smacht ar an rabhartha? Ní féidir é shlugadh. Acht éist; cad é seo? Uallfairt gadhar, an eadh? Tá fiadhach annso leath'stiar dínn. Féach thall ar an réidh iad, an girrfiadh agus dís con ag tafain air, agus aicme mion- ghadhar ag snámh 'n-a dhiaidh. Dar liaigh! Is maith an girrfhiadh beag í; chuir sí an t-iompódh soin aisti go gasta. Tá sí ag breith na gcos uatha. Acht taid ag teacht suas léithi arís ar an talamh gcothrom. Féach mar shínid chum an tsiubhail; nach aoibhinn an radharc é! Cé aca bhéarfaidh uirthi; táid araon buille ar bhuille. Seo i gcoinne an chnuic iad; féach chomh mear is chuireann sí an cnoc di. Acht an bhfeicir mo Bhradamán ag dul fé n-a mbrághaid, agus é ag bualadh an bháin mar dhéanfadh capall ráis. Seachain thú féin anois, a chréatúir bhig, ar dhrannadh Bhradamáin; tá na fiacla fada, geala, géara, nochtaighthe le íota chum do chod' fola. Am' bhriathar, is maith é sin! An bhfeacais mar iompuigh an girrffhiadh i leathtaoibh, agus leig do Bhradamán bualadh go fuinneamhach i gcoinne na gcon? Cuireadh ag unfairt síos le fán iad; agus do dhein Bradamán cleas a' chuaileadh. Anois nó riamh, a ghirrfhiadh, bailigh leat; tá aga maith agat uatha anois acht táid go dian ar do thóir anois. Nach truagh nach bhfuil aon áit aici chum dul i bhfolach! Tá sí ag tabhairt aighthe ar an mbeárnain, agus má éireoghaidh léithi scáth an aitinn a bhaint amach beidh an báire léithi. Tá Bradamán suas "le bearradh an tadhaill," féach mar chuireann sé a shoc fúithi isteach le thí í chaitheamh ar chúl a cínn. Tá sí imthighthe uaidh arís; tá
breall air. Fair an bheárna; buailfidh na cointe fé'n dos. Sin í amach tríd an tsúil bhig í, agus - nár dhubhras leat go ndéanfaidís! Acht mo ghroidhin é Brada- mán, is maith í a léim tar maide agus uile. Ó, an gcloisir an girrfiadh ag screadadh; is baoghal liom go bhfuil a gnó déanta anois. Mo thruagh í; tuitfidh an t-anam aisti. Tá sí caillte; ní'l dul as aici anois. Táid imthighthe as ár radharc thar bhruach na haille. Téidhmís síos. Scumhal - Aill an-ghéar. Girrfhaidh - Fireannach; acht oireann forainm buineannach do. "Le bearradh an tadhaill" aici - chomh gairid sin di go raibh sé ag baint leithi. COS OBANN.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services