Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Aeridheacht.

Title
Aeridheacht.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 372


AERIDHEACHT.



Má's mian leat aeridheacht mhaith d'fhagh-
áil, siubhal liom-sa suas go barr hAille
Ruaidhe; seo, gluaisimís.



Acht beir bog ort féin, a bhuachaill; beidh
séideán do dhóthain ort sula sroichfir a
mullach. Ó, fan - cuir fead ar an madradh;
b'féidir go gcasfaidhe girrfiadh linn. Hó,
hó; seo chughainn é Bradamán; nách air
atá an t-aiteas. Is lághach muinnteardha
an gadhar é; féach an fonn súgraidh atá
air. Ní fheadar an bhfeacaidh éinne riamh
gadhar chomh greanamhar leis. Streachaile
lom-easnadhach, gúngach; crubadán tútach
gan crut, gan cuma lúith(e) ná gnímh air.
Féach an ghuaireach liath-bhreac atá air, agus
agus í chomh reamhar le rón muinge staile,
agus chomh deilgneach le cleití gráineóige.
Acht ní fuláir do steall de chineál chon a
bheith ann atá a shoc chomh biorrach agus
a iarbhall chomh caol-fhada soin. Is cumasach
an lúbaire gadhair é ar tóir ghirrféidh.
Nách géar an aill í seo; tá sí ag cur orm
go mór. Téidhmís timcheall an bhuaic seo.
Ní fada ó n-a mullach sinn anois; coiscéim
nó dó eile. Suidhmís síos annso. Is beag
nách bhfuilmíd i gceart-lár Thuadh-Mhumhan.
Tá radharc againn os so ar mhacairíbh míne
agus ar shléibhtibh garbha Eoghanachta agus
Dál Chais, agus atá m-se meallta nó
éirigheóidh do chroidhe ort le aiteas. Sin é
thoir ó thuaidh Sliabh Binn Dís; mar fheicir
na trí céime ó thiar thuaidh annso, ar dhruim
an tsléibhe, 'seadh tá Léim mhór an Fhathaith;
sin é Collán annsúd thuas go teann
daingean sa mbeárnain. Tabhair t'aghaidh
siar ó dheas anois, agus chífir faid do
radhairc uait sléibhte móra, maola, loma
Chiarraighe. Do chan Ciarraigheach éigin
fad ó: -



"Ciarraighe breágh na bprátaí gréine,
Condae Chláir na bláithchí bréine."



Ní dóigh liom gur ag scoil na Faithche
d'fhoghluim sé a chuid rannuigheachta. An
cnocán ceann-cruinn úd ar t'aghaidh anonn
ar thaobh thall d'abhainn, sé sin Cnoc Phád-
ruig; ó n-a mhullach soin do b'eadh chuir
Pádruig naomhtha a bheannacht ag triall ar
Thuadh-Mhumhain. Féach iad soir ó dheas
Sléibhte Thiobraid Árann - Beárnain Éile,
Sliabh na mBan agus Sléibhte móra na
nGaillteach. Ní bhítear ag faireadh ar
Shliabh na mBan anois mar bhítí fad ó le
súil go dtiocfadh "Cailleach na nAdharc,"
nó "Tadhg a' dá Mhaide" chum é chur "ar
chaor lasrach." Ní dóich go mbíonn braith
go bhfeicfidhe "píce" nó "sleagh" féin
ar "thaobh na gréine" dhe. Tá greann na
Gaedhilge caillte. Tabhair rinn do shúl
níos giorra do bhaile anois. 'Bhfeicir an
adharc cloiche úd thoir ar mhalain Scumhail
na Binne? 'Sí sin "Cloch an Fhorcamais",
nó cloch fhóirchiméid na bhFiann. Tá "Leaba
Dhiarmada" fúithi thíos ar thaobh na haille.
Bhí sean-chathair chruinn chloch ar an machaire,
ar aghaidh na cuaise amach, go dtí le gairid,
acht leagadh í chum scioból do dhéanamh. Ar
dtaobh abhus de'n scumhal (fé Bhéal Átha an
Phortaigh) is eadh tá "Beárna Chathair Aodha".
B'é sin an teóra bhí ar theamonn Sheanáin
fad ó. Deir sean-thairngreacht éigin go
mbuailfear cath éachtach, millteach ag
"Beárna Chathair Aodha", agus go mbeidh
Éire chomh traochta, stolta, céasta sin ó
shíor-thóirneamh chogaidh, ná mbeidh síol
daoine ná beathadhach le fagháil i n-aon áit
i nÉirinn, acht i dtearmonn Sheanáin amháin.
Acht ó's ag trácht ar thairngreacht dam é,
ar chualais riamh é seo: -



"Tiocfaidh an tsraith mhór, is leónfaidh 'n-bhur
gcroidhe;
Beidh fúd, fád, féasóg, 's teithfidh bodaigh an
fhíon'.
Tiocfaidh dól each, gan cur crúidh, gan srian leó,
'Na ndreamanaibh tiúgh, teó - Fianna bheó bheach,


L. 373


Go húrcaoin dá n-éigean, agus ag baint na
na hÉireann amach: -
'Na ndream anois, ná ndream arís, agus 'na
ndream ar a' ball.
Tiocfaidh an Franncach anoir agus an Spáinneach
aniar;
Tiocfaidh na Bráithre bána, beannaighthe anall,
Is fágfaidh siad Áth a' Tairbh bán, is Gaillimh gan
ceann."



Tá bodaigh an fhíona sodalach go leór
annso sós, acht tá ár ndaoine féin níos
measa ná iad. Mo chumhadh géar, dóighte
má's ar dhríodar Thuadh-Mhumhan do bheifear
ag braith chum cabhrach tar éis an chogaidh
mhóir! Maise má's eadh beidh Éire caillte.
Is fíor dhuit é, go deimhin; is iad sliocht
Chais iad gan amhras; do shíolruigheadar ó
mhuinntir "n-a n-arm ngéar agus na
gcruadh-lann," acht is meaithte, mí-chineálta
atá an fhuil uasal soin anois. Tá cáil na
dtréan-fhear breactha ag gliogairí na
ngall-bhriathar, agus ag piasdaí díomhaoine
an mhustair agus an tsaobhnóis. Is ion-
gantach liom ná gcuireann an tSionnainn
géim aisti le gráin agus le searbhas ortha
féin, agus ar a gcuid ghalldachais. Tá
daoine fóghanta ann fós, ámhthach, agus
b'fhéidir gur dóibh sin atáthar ag tagairt
ins an tsean-rann.



Féach ar an tSionainn - díreach i gceart
lár an amhairc - go leathan gléigeal mais-
each áluinn, agus í ag triall go cuisleannach
fé dhéin na haidhbhéise móire. Scéitheann
sí agus trághann sí; tagann an rabharta
agus an mhall-uair, an tsoineann agus an
doineann ar an inbhear, mar thángadar ins
an tSean-Reacht. Ní'l atharrughadh ar bith
uirthi, ná ar an Fhearguis acht chomh beag, cé
go ndearnadh iarracht ar an Slab do thíor-
mughadh. Go deimhin féin ba mhaith an scéal dá
bhféadfaidhe é sin do dhéanamh, acht ní féidir
teóra do chur le tuile na mara le neart
fear is pící. Tháinig Sasanach éigin darab
ainim Sluguisce (Drinkwaters), agus do
cheap sé claidhe teórann do dhéanamh
treasna an ghabhaigh, agus do dhein. Acht
tháinig rabharta borb millteach 'n-a dhiaidh,
agus do réab an port. Cé chuirfidh smacht
ar an rabhartha? Ní féidir é shlugadh.



Acht éist; cad é seo? Uallfairt gadhar,
an eadh? Tá fiadhach annso leath'stiar dínn.
Féach thall ar an réidh iad, an girrfiadh agus
dís con ag tafain air, agus aicme mion-
ghadhar ag snámh 'n-a dhiaidh. Dar liaigh!
Is maith an girrfhiadh beag í; chuir sí an
t-iompódh soin aisti go gasta. Tá sí ag
breith na gcos uatha. Acht taid ag teacht
suas léithi arís ar an talamh gcothrom.
Féach mar shínid chum an tsiubhail; nach
aoibhinn an radharc é! Cé aca bhéarfaidh
uirthi; táid araon buille ar bhuille. Seo i
gcoinne an chnuic iad; féach chomh mear is
chuireann sí an cnoc di. Acht an bhfeicir mo
Bhradamán ag dul fé n-a mbrághaid, agus
é ag bualadh an bháin mar dhéanfadh capall
ráis. Seachain thú féin anois, a chréatúir
bhig, ar dhrannadh Bhradamáin; tá na fiacla
fada, geala, géara, nochtaighthe le íota chum
do chod' fola. Am' bhriathar, is maith é sin!
An bhfeacais mar iompuigh an girrffhiadh i
leathtaoibh, agus leig do Bhradamán bualadh
go fuinneamhach i gcoinne na gcon? Cuireadh
ag unfairt síos le fán iad; agus do dhein
Bradamán cleas a' chuaileadh. Anois nó
riamh, a ghirrfhiadh, bailigh leat; tá aga maith
agat uatha anois acht táid go dian ar do
thóir anois. Nach truagh nach bhfuil aon áit
aici chum dul i bhfolach! Tá sí ag tabhairt
aighthe ar an mbeárnain, agus má éireoghaidh
léithi scáth an aitinn a bhaint amach beidh an
báire léithi. Tá Bradamán suas "le
bearradh an tadhaill," féach mar chuireann
sé a shoc fúithi isteach le thí í chaitheamh ar
chúl a cínn. Tá sí imthighthe uaidh arís; tá


L. 374


breall air. Fair an bheárna; buailfidh
na cointe fé'n dos. Sin í amach tríd an
tsúil bhig í, agus - nár dhubhras leat go
ndéanfaidís! Acht mo ghroidhin é Brada-
mán, is maith í a léim tar maide agus
uile. Ó, an gcloisir an girrfiadh ag
screadadh; is baoghal liom go bhfuil a gnó
déanta anois. Mo thruagh í; tuitfidh an
t-anam aisti. Tá sí caillte; ní'l dul as
aici anois. Táid imthighthe as ár radharc
thar bhruach na haille. Téidhmís síos.



Scumhal - Aill an-ghéar. Girrfhaidh - Fireannach;
acht oireann forainm buineannach do. "Le bearradh
an tadhaill" aici - chomh gairid sin di go raibh sé ag
baint leithi.



COS OBANN.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services