Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Scoil na Suadh - Is Minic Buaireamh Aigne.
Title
Scoil na Suadh - Is Minic Buaireamh Aigne.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SCOIL NA SUADH. IS MINIC BUAIREAMH AIGNE. Is minic buaireamh aigine, Dhom' lascadhsa go mór … Nuair bhím i nduairceas leanna dhuibh, Ag machtnamh fé dhubh rón … Acht go bhfeicim tríd na scamallaibh, An taca is néata clódh … Do
ruaigfeadh dhíom gan mearathal, Gach aindheise dá shórt … Nuair bhím go dubhach lag atuirseach, Gan casadh puirt im' bhéol, Nó céasta ag tál an Ghalluighthe seo Ar chlanna mhaicne Sheóin, 'Seadh phreabann chugham de mheabhair mhir An chara is snuidhte snódh, 'Gus luisne léir in' athaibh glan Go tathacach gan smól. A Éamuinn aoibhinn cheannasaigh, Nár cheadathach dom' shórd Do thriall i bhfad ó'n mbaile sin 'N-a mblaisinn iomad sógh, Mo smaointe scaoileadh ar mheamaram I dtaisteal fé nbhur gcóir, 'S a chuimhneamh ar gach eachtra Do theangmaidh linn 's sinn óg. Ba shubhach an saoghal bhí againne A thaisce an ghrinn fad ó; Na tíortha trasna thaistil sinn Chum seanachais nó sceóil, Um meadhán na hoidhche fearthainne, Nó um eadarshuth san ló, Ó Chorcaigh mhóir na leabhar-bharc Go Mainistir na Leoghan. Acht thagadh tráth na scaramhna, 'S do chaithinn claoidhe le gnó I n-áitreabh chumhang nár ghradam dam 'S nár thaithneamhach lem' mheón; Acht bhíodh cuimhneamh suairc ar chlagairnigh Na n-abairt suilt ód' bheól Dom' thionnlac síor go ceanamhail, 'S dom' tharrac riamh san gcóir. Bíodh siúd a laogh ghil mh'anma Gan labhairt air fé dhó, Acht chughat-sa scaoilim beannacht geal Is dhafhichid ghlan 'n-a dheóidh, I dteangain mhín na Banban Do chan ár sinsir romhainn, Nuair bhí deagh-chuing ar Shasanna 'Ge scafairí na Rómha. TÓRNA. A Leabhar Phetrie is eadh bhaineadh fonn an amhráin thuas, agus is é an Clanndiliúnach do shocruigh dhúinn é. F. an I.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services