Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Scoil na Suadh - Is Minic Buaireamh Aigne.

Title
Scoil na Suadh - Is Minic Buaireamh Aigne.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 370


SCOIL
NA
SUADH.



IS MINIC BUAIREAMH AIGNE.



Is minic buaireamh aigine, Dhom' lascadhsa go mór … Nuair
bhím i nduairceas leanna dhuibh, Ag machtnamh fé dhubh rón … Acht go
bhfeicim tríd na scamallaibh, An taca is néata clódh … Do


L. 371


ruaigfeadh dhíom gan mearathal, Gach aindheise dá shórt …



Nuair bhím go dubhach lag atuirseach,
Gan casadh puirt im' bhéol,
Nó céasta ag tál an Ghalluighthe seo
Ar chlanna mhaicne Sheóin,
'Seadh phreabann chugham de mheabhair mhir
An chara is snuidhte snódh,
'Gus luisne léir in' athaibh glan
Go tathacach gan smól.



A Éamuinn aoibhinn cheannasaigh,
Nár cheadathach dom' shórd
Do thriall i bhfad ó'n mbaile sin
'N-a mblaisinn iomad sógh,
Mo smaointe scaoileadh ar mheamaram
I dtaisteal fé nbhur gcóir,
'S a chuimhneamh ar gach eachtra
Do theangmaidh linn 's sinn óg.



Ba shubhach an saoghal bhí againne
A thaisce an ghrinn fad ó;
Na tíortha trasna thaistil sinn
Chum seanachais nó sceóil,
Um meadhán na hoidhche fearthainne,
Nó um eadarshuth san ló,
Ó Chorcaigh mhóir na leabhar-bharc
Go Mainistir na Leoghan.



Acht thagadh tráth na scaramhna,
'S do chaithinn claoidhe le gnó
I n-áitreabh chumhang nár ghradam dam
'S nár thaithneamhach lem' mheón;
Acht bhíodh cuimhneamh suairc ar chlagairnigh
Na n-abairt suilt ód' bheól
Dom' thionnlac síor go ceanamhail,
'S dom' tharrac riamh san gcóir.



Bíodh siúd a laogh ghil mh'anma
Gan labhairt air fé dhó,
Acht chughat-sa scaoilim beannacht geal
Is dhafhichid ghlan 'n-a dheóidh,
I dteangain mhín na Banban
Do chan ár sinsir romhainn,
Nuair bhí deagh-chuing ar Shasanna
'Ge scafairí na Rómha.



TÓRNA.



A Leabhar Phetrie is eadh bhaineadh fonn an amhráin thuas, agus is é an Clanndiliúnach do shocruigh dhúinn é.
F. an I.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services