Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seanaid na nGaedheal - An Scoil Shean-Ghaedhilge.
Title
Seanaid na nGaedheal - An Scoil Shean-Ghaedhilge.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Seanaid na nGaedheal. AN SCOIL SHEAN-GHAEDHILGE. I n-aimsir an Oireachtais seo ghaibh thar- ainn d'éisteamair leis an Ollamh Cúnó Meidhear ag cur síos ar a Scoil Shean- Ghaedhilge. Do mhol gach éinne an obair a thóg sé ar láimh agus bhí mór-chuid díospóir- eacht 'n-a thaobh ins na páipéiríbh. Tais- peánann soin go bhfuil ana-shuim á chur i bhfoghluim na Gaedhilge, agus ní hamháin Gaedhilg na haimsire seo acht an Ghaedhilg is seanda go bhfuil fagháil ar soluidí dhi i n-éan-pháirt de'n domhan. Is maith an comhartha é sin, mar ní'l éin-tréith i ndaoine is fearr 'ná dúil a bheith aca i bhfoghluim ealadhnta d'fhóghnfaidh dá ndúthchas féin. Do thuig Cúnó Meidhear go maith go raibh sé i n-am ag muinntir na hÉireann tosnughadh ar eólas éigint d'fhagháil ar Shean-Ghaedhilg. Dhein sé machtnamh dian ar an gceist agus as an machtnamh úd is eadh tháinig an scoil seo atá ar bun anois aige. Ar an séamhadh lá de mhí Iúil is eadh bhí an chéad cheacht againn. Tháinig an tOllamh Strachán ale ó Chathair Mhancheastar i Sasanna chum sinn a mhúineadh. Scoláire clúmhail san tSean-Ghaedhilg is eadh an Strachánach. Tá leabhair agus aistí scríobhtha aige uirthi agus do réir dheallraimh is mór agus is leathan an t-eólas atá aige uirthi.
Deir sé féin go bhfuil beagán eólais aige ar Ghaedhilg na haimsire seo acht ná labhrann sé í i n-éan-chor. Sin í an chuid is measa de'n scéal acht ní'l éin-leigheas air go fóill go háirithe. Fear mór-léighinn is eadh an Strachánach, agus teagascthóir ana-chúramach is eadh é leis. Scrúduigheann sé gach éin-nídh go géar agus cuireann sé síos ar gach éan-phuint de go soiléir i gcomhnuidhe. Ar shon gur dóigh le mórán dá scoláirí go bhfuil sé ag imtheacht ró-mhear go léir, ní baoghal gurab í sin tuairim urmór na buidhne. Bíonn dá uair a chluig againn gach tráthnóna, ó n-a seacht go dtí a naoi, agus dhá dtabharfadh duine aire, agus níl amhras ná go mbítear go haireach annsúd, badh chóir go mbeadh roinnt mhaith eólais ar chúrsaí na Sean-Ghaedhilge piocatha suas ag buidhin i gceann éin-mhí amháin. Caitheann an Strachánach an chéad uair gach tráthnóna ag cur síos ar Ghraiméar na Sean-Ghaedhilge agus an tarna huair ag scrúdughadh téacsanna Sean-Ghaedhilge éigint. I dtaobh na buidhne a théidheann ag fogh- luim ann, ní gábhadh dham puinn a rádh. Tá gach éan-tsaghas daoine ortha, an tuath 's an chléir, mic léighinn agus daoine aosta; tá daoine ann ó gach áird de'n tír ó Bhéal Feirsde go Corcaigh, agus o'n nGaillimh go Baile Átha Cliath, agus ó Cholláiste na Tríonóide féin. Chuir os cionn deichneabhar is dafhichid a n-ainmneacha isteach, agus bíonn an méid sin geall leis láithreach gach éan- tráthnóna. Ó thosnuigheadh ar an tSean-Ghaedhilg do mhúineadh ní facathas buidhean chomh mór ná chomh dícheallach. Tá Gaedhilg na haimsire seo ag mór-chuid díobh cheana féin, agus is amhlaidh chuireann soin breis mhisnigh ionnta chum na Sean-Ghaedhilge d'fhoghluim. Is mór an áis do dhuine atá ag iarraidh an tSean-Ghaedhilg a léigheamh eólas a bheith aige ar Ghaedhilg na ndaoine. Is í Gaedhilg na daoine an chloch chúinne. Bíodh an chloch chúinne socair daingean agus féadfar team- poll tathacach a thógaint. Níor mhisde dhúinne aire thabhairt do'n tSean-Ghaedhilg, agus gan bheith 'gá fhágaint fé Ghearmáinigh is fé eachtrannaigh eile. Deallraigheann sé gur fearr a fhéadfadh Gaedheal seana-theanga na nGaedheal a scrúdughadh agus a thuigsint 'ná mar fhéadfadh eachtrannach dá fheabhas é. Acht caithfear an méid atá socair i dtaobh na Sean- Ghaedhilge a mheabhrughadh ar dtúis. Ann- soin féadfar bheith ag cur leis. Chaithfimíd, ámh an obair go léir a dhéanamh trí n-ár nGaedhilg féin. Cad déarfá le Gearmánach a scríobhfadh alt i dtaobh na Sean-Ghaedhilge i bhFraincis! Níor mhór dúinnne usáid a dhéanamh dár dteanga féin ar an nós so. Tá múinteóireacht cheatach fada go leór i n-ár measc. Is mithid dúinn í caitheamh uainn agus an earradh is duthchas dúinn a ghlacadh n-a hionad. TÓRNA.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services