Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seanaid na nGaedheal - An Scoil Shean-Ghaedhilge.

Title
Seanaid na nGaedheal - An Scoil Shean-Ghaedhilge.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Seanaid
na
nGaedheal.



AN SCOIL SHEAN-GHAEDHILGE.



I n-aimsir an Oireachtais seo ghaibh thar-
ainn d'éisteamair leis an Ollamh Cúnó
Meidhear ag cur síos ar a Scoil Shean-
Ghaedhilge. Do mhol gach éinne an obair a
thóg sé ar láimh agus bhí mór-chuid díospóir-
eacht 'n-a thaobh ins na páipéiríbh. Tais-
peánann soin go bhfuil ana-shuim á chur i
bhfoghluim na Gaedhilge, agus ní hamháin
Gaedhilg na haimsire seo acht an Ghaedhilg
is seanda go bhfuil fagháil ar soluidí dhi i
n-éan-pháirt de'n domhan. Is maith an
comhartha é sin, mar ní'l éin-tréith i ndaoine
is fearr 'ná dúil a bheith aca i bhfoghluim
ealadhnta d'fhóghnfaidh dá ndúthchas féin.



Do thuig Cúnó Meidhear go maith go
raibh sé i n-am ag muinntir na hÉireann
tosnughadh ar eólas éigint d'fhagháil ar
Shean-Ghaedhilg. Dhein sé machtnamh dian
ar an gceist agus as an machtnamh úd is
eadh tháinig an scoil seo atá ar bun anois
aige. Ar an séamhadh lá de mhí Iúil is eadh
bhí an chéad cheacht againn. Tháinig an
tOllamh Strachán ale ó Chathair Mhancheastar
i Sasanna chum sinn a mhúineadh. Scoláire
clúmhail san tSean-Ghaedhilg is eadh an
Strachánach. Tá leabhair agus aistí scríobhtha
aige uirthi agus do réir dheallraimh is mór
agus is leathan an t-eólas atá aige uirthi.


L. 369


Deir sé féin go bhfuil beagán eólais aige
ar Ghaedhilg na haimsire seo acht ná
labhrann sé í i n-éan-chor. Sin í an chuid is
measa de'n scéal acht ní'l éin-leigheas air
go fóill go háirithe.



Fear mór-léighinn is eadh an Strachánach,
agus teagascthóir ana-chúramach is eadh é
leis. Scrúduigheann sé gach éin-nídh go
géar agus cuireann sé síos ar gach éan-phuint
de go soiléir i gcomhnuidhe. Ar shon gur
dóigh le mórán dá scoláirí go bhfuil sé ag
imtheacht ró-mhear go léir, ní baoghal gurab
í sin tuairim urmór na buidhne. Bíonn dá
uair a chluig againn gach tráthnóna, ó n-a
seacht go dtí a naoi, agus dhá dtabharfadh
duine aire, agus níl amhras ná go mbítear go
haireach annsúd, badh chóir go mbeadh roinnt
mhaith eólais ar chúrsaí na Sean-Ghaedhilge
piocatha suas ag buidhin i gceann éin-mhí
amháin. Caitheann an Strachánach an chéad
uair gach tráthnóna ag cur síos ar Ghraiméar
na Sean-Ghaedhilge agus an tarna huair
ag scrúdughadh téacsanna Sean-Ghaedhilge
éigint.



I dtaobh na buidhne a théidheann ag fogh-
luim ann, ní gábhadh dham puinn a rádh. Tá
gach éan-tsaghas daoine ortha, an tuath 's
an chléir, mic léighinn agus daoine aosta; tá
daoine ann ó gach áird de'n tír ó Bhéal
Feirsde go Corcaigh, agus o'n nGaillimh go
Baile Átha Cliath, agus ó Cholláiste na
Tríonóide féin. Chuir os cionn deichneabhar
is dafhichid a n-ainmneacha isteach, agus bíonn
an méid sin geall leis láithreach gach éan-
tráthnóna.



Ó thosnuigheadh ar an tSean-Ghaedhilg do
mhúineadh ní facathas buidhean chomh mór ná
chomh dícheallach. Tá Gaedhilg na haimsire
seo ag mór-chuid díobh cheana féin, agus is
amhlaidh chuireann soin breis mhisnigh ionnta
chum na Sean-Ghaedhilge d'fhoghluim. Is
mór an áis do dhuine atá ag iarraidh an
tSean-Ghaedhilg a léigheamh eólas a bheith
aige ar Ghaedhilg na ndaoine. Is í Gaedhilg
na daoine an chloch chúinne. Bíodh an chloch
chúinne socair daingean agus féadfar team-
poll tathacach a thógaint.



Níor mhisde dhúinne aire thabhairt do'n
tSean-Ghaedhilg, agus gan bheith 'gá fhágaint
fé Ghearmáinigh is fé eachtrannaigh eile.
Deallraigheann sé gur fearr a fhéadfadh
Gaedheal seana-theanga na nGaedheal a
scrúdughadh agus a thuigsint 'ná mar fhéadfadh
eachtrannach dá fheabhas é. Acht caithfear
an méid atá socair i dtaobh na Sean-
Ghaedhilge a mheabhrughadh ar dtúis. Ann-
soin féadfar bheith ag cur leis. Chaithfimíd,
ámh an obair go léir a dhéanamh trí n-ár
nGaedhilg féin. Cad déarfá le Gearmánach
a scríobhfadh alt i dtaobh na Sean-Ghaedhilge
i bhFraincis! Níor mhór dúinnne usáid a
dhéanamh dár dteanga féin ar an nós so.
Tá múinteóireacht cheatach fada go leór
i n-ár measc. Is mithid dúinn í caitheamh
uainn agus an earradh is duthchas dúinn a
ghlacadh n-a hionad.



TÓRNA.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services