Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cuanta na Féinne.
Title
Cuanta na Féinne.
Author(s)
Laoide, Seosamh,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CUANTA NA FÉINNE. Agus dá bhrígh sin ní raibh cuan gabhála ná gabháil i n-Éirinn nach raibh fear fartha ó Fhionn mac Cumhaill air an uair sin, agus ag so anmanna na gcuanta agus lucht a gcoimeáda .i. Duabhán mac Daríne i gCarraig na gCurach ré a ráidhtear Binn Éadair agus Collach mac Caoilte i n-Inbhir Lifeach ré a ráidhtear Áth Cliath agus Colla Cas i n-Inbhir Breágh ré a ráidhtear Beárna Gaoithe agus Fiadh mac Máirne i n-Inbhir Dá Glas ré a ráidhtear Cill Mhanntáin agus Caoilte mac Rónáin ag an Inbhir Bheag ré a ráidhtear an Inbhir Mhór agus Donn mac Caoil Chródha ag Caislín ré a ráidhtear an Ghlasfhairrge agus Dáire ó Neamhuin ag Loch Faolcon ré a ráidhtear Loch Garmon agus Faolán mac Aodha Bhig i nGlaise an Bhanntracht ré a ráidhtear Cluain na mBan agus Caoinnce Corcairdhearg mac Finn ag Comur na dTrí nUisge mar a dtéid Siuir agus Feair agus Bearbha i muir agus Faolán mac Finn ag Ros Bruic ré a ráidhtear Dún Ga[r]bháin agus Roighne Roisgleathan mac Finn ag Tacmáin ré a ráidhtear Roinne Crú agus Aodh Beag mac Finn mic Glóir i bhFán an Tiobruide ré a ráidhtear Ceann tSáile agus Fionn mac Dubháin mic Murchadha ar an Uisge gCaol ré a ráidhtear Tigh Mholáise agus Fionn mac Seasgoinn i nGarga na dTréd ré a ráidhtear Gárda Ó gCairbre agus Lurga Liathbhán 'sa Chluthar ré a ráidhtear Cuan Dorn agus Caol Cródha mac Críomhthain i gCuan na hInnsi ré a ráidhtear Cuan an Tighe Mhóir agus Cuirioll ó Conbhfoinn ag Inis Creagáin ré a ráidhtear Dún Baoi agus Garg mac Maoinne ag Glascarraig ré a ráidhtear Sgeilig Mhichíl agus Finneirig mac Drucht mic Neamhuin ag coiméad na dtrí n-inbhir, Mong agus Leamhain [agus] Beithe, i dTonn Tóime, agus Caoinnce Gelmhéarach ó Chluthar go Tráighlí agus Mearus Ráithne Síodha ó Neamhuin ar an Uisge Geal ré a ráidhtear Casán Ciarraighe agus Fáil Féadha Beag ó Neamhuin i nInbhir na mBarc ré a ráidhtear Inis Catha agus Aodh Dearg ó Duibhne ó Léim Chongculainn go Croimlinn agus Dubh mac Deirg ag coiméad Dromann Trágha Bhaile ré a ráidhtear Dún Guaire agus Gadal Garbhliath ó Baoisgne ag Dún na dTrí gCath agus Glas nac Gadh i nInbhir na bhFleadh ré a ráidhtear Muicinis agus Caoilte Cosgurach ag Tiobruid Fála Béine ré a ráidhtear Tír Iarthach agus Díthreabhach Dian ó Baoisgne ag Fuarán na Féine ré a ráidhtear an Ghaillimh agus Dubhdhoilg ag an Inbhir Mór ré a ráidhtear Portláirge agus na trí Gairbh ag Áis Dá Bhun Baoghlacha agus Fear Luirg mac Oisín i nInis Ríoghna ré a ráidhtear Inis Bó Finne agus Oisín mac Oisín i Seanán Deirgiort ré a ráidhtear na hOileáin Bheaga agus Glas mac Oisín ag Seanchoill na bhFiann ré a ráidhtear Cliarach agus Bran ó Neamhuin ag Ros Broinn Duibh agus Bran Beag ó Buacháin ag Inbhir Uí Fhógurtaicc ré a ráidhtear an Mádh Méaghrach agus Coinsgleó mac Léan Clí ag Tráigh na Mná Mairbhe ré a ráidhtear Tráigh Eochuille agus Donn Monáig, .i. rígh-fhéinnidh Fiannaibh Alban, ag Srathán an Tobair Ghil ré a ráidhtear Sligeach agus Landara na hUrbóite ag Druim Cliabh na hÉirionn.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services