Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cuanta na Féinne.

Title
Cuanta na Féinne.
Author(s)
Laoide, Seosamh,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CUANTA NA FÉINNE.



Agus dá bhrígh sin ní raibh cuan gabhála ná
gabháil i n-Éirinn nach raibh fear fartha ó
Fhionn mac Cumhaill air an uair sin, agus
ag so anmanna na gcuanta agus lucht a
gcoimeáda .i. Duabhán mac Daríne i
gCarraig na gCurach ré a ráidhtear Binn
Éadair agus Collach mac Caoilte i n-Inbhir
Lifeach ré a ráidhtear Áth Cliath agus Colla
Cas i n-Inbhir Breágh ré a ráidhtear Beárna
Gaoithe agus Fiadh mac Máirne i n-Inbhir
Dá Glas ré a ráidhtear Cill Mhanntáin agus
Caoilte mac Rónáin ag an Inbhir Bheag ré
a ráidhtear an Inbhir Mhór agus Donn mac
Caoil Chródha ag Caislín ré a ráidhtear an
Ghlasfhairrge agus Dáire ó Neamhuin ag
Loch Faolcon ré a ráidhtear Loch Garmon
agus Faolán mac Aodha Bhig i nGlaise an
Bhanntracht ré a ráidhtear Cluain na mBan
agus Caoinnce Corcairdhearg mac Finn ag
Comur na dTrí nUisge mar a dtéid
Siuir agus Feair agus Bearbha i muir
agus Faolán mac Finn ag Ros
Bruic ré a ráidhtear Dún Ga[r]bháin
agus Roighne Roisgleathan mac Finn ag
Tacmáin ré a ráidhtear Roinne Crú agus
Aodh Beag mac Finn mic Glóir i bhFán an
Tiobruide ré a ráidhtear Ceann tSáile
agus Fionn mac Dubháin mic Murchadha ar
an Uisge gCaol ré a ráidhtear Tigh
Mholáise agus Fionn mac Seasgoinn i
nGarga na dTréd ré a ráidhtear Gárda Ó
gCairbre agus Lurga Liathbhán 'sa Chluthar
ré a ráidhtear Cuan Dorn agus Caol Cródha
mac Críomhthain i gCuan na hInnsi ré a
ráidhtear Cuan an Tighe Mhóir agus Cuirioll ó
Conbhfoinn ag Inis Creagáin ré a ráidhtear
Dún Baoi agus Garg mac Maoinne ag
Glascarraig ré a ráidhtear Sgeilig Mhichíl
agus Finneirig mac Drucht mic Neamhuin ag
coiméad na dtrí n-inbhir, Mong agus
Leamhain [agus] Beithe, i dTonn Tóime, agus
Caoinnce Gelmhéarach ó Chluthar go Tráighlí
agus Mearus Ráithne Síodha ó Neamhuin
ar an Uisge Geal ré a ráidhtear Casán
Ciarraighe agus Fáil Féadha Beag ó Neamhuin
i nInbhir na mBarc ré a ráidhtear Inis
Catha agus Aodh Dearg ó Duibhne ó Léim
Chongculainn go Croimlinn agus Dubh mac
Deirg ag coiméad Dromann Trágha Bhaile
ré a ráidhtear Dún Guaire agus Gadal
Garbhliath ó Baoisgne ag Dún na dTrí gCath
agus Glas nac Gadh i nInbhir na bhFleadh ré
a ráidhtear Muicinis agus Caoilte Cosgurach
ag Tiobruid Fála Béine ré a ráidhtear Tír
Iarthach agus Díthreabhach Dian ó Baoisgne
ag Fuarán na Féine ré a ráidhtear an
Ghaillimh agus Dubhdhoilg ag an Inbhir Mór
ré a ráidhtear Portláirge agus na trí
Gairbh ag Áis Dá Bhun Baoghlacha agus
Fear Luirg mac Oisín i nInis Ríoghna ré a
ráidhtear Inis Bó Finne agus Oisín mac
Oisín i Seanán Deirgiort ré a ráidhtear
na hOileáin Bheaga agus Glas mac Oisín ag
Seanchoill na bhFiann ré a ráidhtear Cliarach
agus Bran ó Neamhuin ag Ros Broinn Duibh
agus Bran Beag ó Buacháin ag Inbhir Uí
Fhógurtaicc ré a ráidhtear an Mádh
Méaghrach agus Coinsgleó mac Léan Clí
ag Tráigh na Mná Mairbhe ré a ráidhtear
Tráigh Eochuille agus Donn Monáig, .i.
rígh-fhéinnidh Fiannaibh Alban, ag Srathán
an Tobair Ghil ré a ráidhtear Sligeach agus
Landara na hUrbóite ag Druim Cliabh na
hÉirionn.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services