Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cromaill i nÉirinn.
Title
Cromaill i nÉirinn.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CROMAILL I nÉIRINN "FINNÉIGEAS" do scríobh. Tá dream daoine thall i Sasanna - na Non-Conformists a ghlaodhann siad ortha féin - agus, dá mbadh dhóigh leó go n-éireóghadh soin leó, do chuirfidís méar isteach id' shúil dá ndéarfá éin-nídh i gcoinnibh Chrom- aill. Dar leó, níor mhair riamh ó ló an domhain, ní hé amháin i Sasanna acht i n-éan-chúinne de'n domhan mhór, aon duine eile do b'fhearr gníomh agus tréithe 'ná é. Ní raibh i nAlastrom Mhór, do chuir an domhan go léir fé smacht, acht síonthuidhe duine bhig seachas é. D'réir tuairme na muinn- tire seo, ní'l i nÍosa Críost féin - moladh go deó leis! - acht fear beag an-shuarach nuair a chuirid an bheirt i gcompráid. Bhí duine aca so ag trácht ar Chromaill tá tamaillín ó shoin ann, agus dubhairt sé - agus ní raibh náire ná eagla air é rádh acht chomh beag - gur mó go mór a thaithnfeadh cur síos ar bheathaidh agus ar ghníomhartha an fhir seo leis féin 'ná mar thaithnfeadh cur síos ar bheathaidh ár Slánuightheóra. B'é an fear úd - dar leis na daoinibh seo - do dhein seo agus súd agus súd agus seo do Ríoghacht Shasanna. Muna mbeadh é, do caillfidhe í i n-aimsir an Chéad Shéarlas, agus, tar éis a bháis sin, ní raibh éan-fhagháil i n-éan-chor ar í choimeád le chéile muna mbeadh é. Muna mbeadh é, ní bheadh brigh ná fuinneamh ná neart i Sasanna go bráth na breithe, agus, gan na neithe seo, do bheadh sí choidhche gan éan-chómhacht aici. Eadrainn féin, dá dtuitfeadh an sgéal amach 'sa' chuma soin, ní bheadh an cineadh daonda puinn caillte leis. Is mó an díoghbháil go mór 'ná an mhaitheas a dhein muinntir Shasanna riamh. Fuair gach tír gur chuir- eadar-san crúca innti fola-thachtach gránda uatha, agus, má dheineadar maitheas beag anois is arís, do dheineadar riamh dhúinn-ne? Ó'n gcéad lá 'n-a bhfuaradar úghdarás ós ár gcionn, ní bhfuaramair ó chroidhe uatha acht an diabhal agus an donas. Do chuireadar reacht i ndiaidh reachta chum sinn do chur beó i dtalamh; agus do chuireadar na diabhail ba mhó bhí aca i leith chughainn chum sinn do sgrios amach ar ár mbailtibh agus as ár dtír féin, agus chum talamh na hÉireann d'fhágaint gan síol fear Gaedhealach. Acht, i measg na ndiabhal so, ní raibh éin-diabhal aca go léir ba neamh-sgrupalaighe 'ná Cromaill - ní raibh truagh, ná taise, ná daondacht, ná trócaire le fagháil i n-éa n chúinne d'á chroidhe sin. Lá lé Muire Fóghmhair, 1649, do tháinig sé anall chughainn 'n-a chuireadh gan iarraidh. Cad a thug é? Tháinig sé ag féachaint an bhféadfadh sé muinntir na hÉireann do ghlanadh amach, chum slighe do dhéanamh do féin agus d'á lucht leanamhna. Tá fhios ag an saoghal gur thóg muinntir na hÉireann páirt leis an gCéad Séarlas i gcoinnibh Féise Shasanna, agus tá a fhios arís againn gur chuir muinntir na Feise an Rí seo chum báis, agus gur thógadar obair na ríoghachta ortha féin d'éis a bháis. Chum soin a dhéanamh, do theastuigh a lán airgid uatha, agus níor bh'fhuirist é fhagháil go ró- aosáideach. Cad a dheineadar. Do chuir- eadar gairm-sgoile amach ar fuid na tíre 'ghá rádh go raibh dhá mhilleón go leith acra de thalamh na hÉireann ar láimh aca le roinnt, agus go bhfaghadh aon tSasannach a thabharfadh ádhbhairín beag airgid dóibh féin an méid gur mhaith leis a thógaint de'n talamh so. Ní gádh a rádh ná raibh éan-
easnamh airgid ortha 'n-a dhiaidh sin. Tháinig sé isteach go luath agus go tiugh chúcha. Fuair Cromaill féin timcheall trí mhíle acra dhe ar aon sé chéad púnt amháin. Do bheadh an sgéal ar a dtoil ag dream dhíoltha agus ceannughthe an tailimh seo muna mbeadh go raibh Éireannaigh i seilbh na n-acrí, agus go gcaithfidhe iad do ghlanadh amach sula bhféadfaidhe an margadh do chríochnughadh. Do seóladh Cromaill mar cheann airm anall chughainn chum soin do dhéanamh, agus ar ndóigh ní ceart dúinn éin-iongnadh do bheith orainn mar gheall ar an éirleach a dhein sé tar éis teacht dó. Dhéanfadh éinne oibri- ughadh go dian dícheallach ar son trí mhíle acra tailimh, gan labhairt i n-éan-chor ar pé méid tuarastail eile bhí aige le fagháil as. Nuair a tháinig sé go Baile Átha Cliath, do stad sé ar feadh tamaill chum ceóidh an bhóthair do chaitheamh de féin, agus chum féachaint 'n-a thimcheall. B'é an ceann a bhí ar an arm Gaedhealach an uair sin 'ná an tighearna Urmhumhan, agus le linn na haim- sire seo bhí seisesan agus a chumandracht bailighthe le chéile i nDroichead Átha. Tá an chathair bheag so suidhte ar bhruach na fairrge, agus bhí a fhios ag Cromaill dá bhféadfadh sé an áit do thógaint go ndéanfadh sé an-mhaitheas dhó agus go loitfeadh sé an mhuinntir eile. An tríomhadh lá do Mheadhon Fhóghmhair, bhí sé féin agus a chamthaí taraicthe suas i dtaobh 'muigh do'n bhaile seo. Nuair airigh Ur- mhumhan go rabhthas chuige, do dhein sé a dhícheall ar na fallaí mór-thimcheall an bhaile do neartughadh agus do dheisiughadh suas. Chuir sé fir toghtha a airm chum na háite do chosaint, agus d'fhág sé beagán éigin lóin i gcóir na bhfear agus i gcóir na ngunnaí móra; acht, nuair a chonnaic sé Cromaill a' teacht fé n-a dhéin gléasuighthe suas go fíochmhar chum troda, do sgeinn sé amach leis féin, agus d'fhág sé an baile fé chúram an Tighearna Artúr Aston. Togha fir chum na hoibre sin do b'eadh Aston; acht ní hé sin an cheist i n-éan-chor, acht cad 'n-a thaobh nár fhan Urmhumhan féin chum féachaint 'n-a dhiaidh? Déarfadh a lán daoine gan amhras gur mó an obair a rith- feadh leis a dhéanamh, acht cead a chos a bheith aige. Acht tá daoine eile ann agus déarfadh siad gur chirte go mór dhó fan- amhaint agus féachaint i ndiaidh a ghnótha féin, agus gan soin d'fhágaint fé chúram an fhir thall. Acht b'fhéidir gur eagla bhí air. An deichmheadhl lá de'n mhí, bhí na gunnaí móra curtha i dtreó ag Cromaill i dtaobh theas de'n chathair ós comhair Eaglais Mhuire amach. Annsoin do chuir sé fógra isteach chum Aston 'ghá rádh leis go raibh sé ullamh 'n-a chóir, agus beith air, muna n-osglóghadh sé geataí na cathrach dho féin agus dhá chamthaíbh. Acht beagán toraidh tugadh air. Bhí greidhm daingean ag Aston ar an gcathair - dar leis féin - agus bhí sé ceaptha an greidhm sin do choimeád. An lá 'n-a dhiaidh sin, máiseadh, d'iom- puigh Cromaill na gunnaí móra ar fhala na cathrach i dtaobh thiar de'n eaglais, agus, tar éis timcheall trí chéad urchar do stealladh 'n-a choinnibh, do dheineadh poll mór do réabadh ann. Nuair chonnaic Cromaill an méid sin, d'órduigh sé d'á shaighdiúiríbh iad féin do chaitheamh isteach fé'n tsráid tríd an bpoll soin, agus an áit do thógaint de gheit i n-ainm na Feise. Léimeadar-san chum na hoibre láithreach le fonn; acht, máiseadh, ba ghearr gur baineadh cuid de'n fhonn díobh - gan puinn moille do cuireadh an teicheadh ortha. Thángadar an dara huair; acht, má thángadar, b'éigin dóibh filleadh thar n-ais arís agus deithneas ortha.
Acht mo thruagh go deó sibh, a Éirreannaigh bhochta! Is baoghlach go bhfuil buaidhte oraibh an iarracht so. Acht seasaidh le chéile agus ná géillidh dóibh. Is maith é sin! Feic- eam bhur ngníomh agus bhur gcalmacht. Leag- aidh ar lár iad! Tugaidh dóibh an faobhar go géar agus go marbhthach! Ná fágaidh fuigheall nirt i n-éan-bhuille. Tá an faol-chú féin ag gríosughadh a chonairt fúibh. Do thángadar an tríomhadh uair mar bheadh tréan- tuile sléibhe, ag réabadh, agus ag briseadh, agus ag basgadh gach uile nídh roimpi. Níor chuir soin puinn goraibhuaise ar na hÉireannaigh, ámhthach. Do sheas- adar go dána 'n-a gcoinnibh i nós cairrge a bheadh suidhte go daingean i lár abhann, agus go mbeadh ar an uisge iompáil ar leath-taoibh, nó imtheacht ós a cionn amach, sula bhféad-fadh neart na tuile an charraig do strac-adh aníos as an áit 'n-a raibh sí. Is follus go raibh Cromaill ceaptha ó thúis ar ár d'imirt ar Éireannaigh bhochta na háite seo. Bhí túr beag díreach 'dtaobh istigh de'n áit 'n-ar réabadh fala na cathrach, agus bhí dá fhichid éigin fear 'ghá chosaint. B'shin í an chéad áit a thuit chuige, agus do cuireadh chum báis gach uile dhuine dh'á lucht cosanta. Ar feadh i bhfad 'n-a dhiaidh seo bhí an coimheasgar ag dul i ndéine agus i dtreise, i mboirbe agus i bhfíochmhaireacht. Uair amháin is iad na hÉir- eannaigh a bheadh ag déanamh madhma ar an namhaid, agus dí reach 'n-a dhiaidh sin do bheadh an lámh uachtar ag an dtaobh eile, agus mar sin dóibh. Fé dheir- eadh do chonnaic oifigigh Chromaill ná raib éin-breith aca ar an áit do thógaint gan éir- leach uathbhásach bheith déanta ar a lucht troda, agus dubharadar leis an taobh eile go mbeadh cead saor aca chum imtheacht leó féin amach as an gcath- air, acht a gcuid airm do leo- gaint ar leath-taoibh, agus an áit do thabhairt suas dóibh féin. Do thoiligh na hÉireannaigh leis seo, agus do thugadar suas a gcuid airm. Acht nuair inniseadh do Chromaill cad a bhí déanta - agus is dócha gur bh'é féin fé ndear tairgsint na n-oifigeach - airiú! d'éirigh sé 'n-a dhiabhal ar buile.
"Ní raibh éin-cheart agaibh," ar seision, "a leithéid sin a dhéanamh gan úghdarás uaim- se. Ná bainidh lé héan-duine aca do leogaint uaibh. Cuirtear gach éan-mhac máthar aca chum báis." Agus chomh maith do cuireadh; agus ní amháin gur cuireadh na fir a bhí ag troid 'n-a gcoinnibh chum báis, acht do cuireadh na sean-daoine, na mná, agus na leanbhaí chomh maith. Idir óg agus aosta, lag agus láidir, fear agus mnaoi, garsún agus gearr-chaile - níor fágaidh 'na mbeathaidh ar fuaid na cathrach soin Droichead Átha an t-am soin acht sé dhuine déag ar fhichid! Thug seisear aca so a n-anam agus a mbeatha saor leó, acht díbreadh an deichneabhar ar fhichid thar caladh. [Leanfar de seo.]
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services