Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cromaill i nÉirinn.

Title
Cromaill i nÉirinn.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CROMAILL I nÉIRINN



"FINNÉIGEAS" do scríobh.



Tá dream daoine thall i Sasanna - na
Non-Conformists a ghlaodhann siad ortha
féin - agus, dá mbadh dhóigh leó go n-éireóghadh
soin leó, do chuirfidís méar isteach id'
shúil dá ndéarfá éin-nídh i gcoinnibh Chrom-
aill. Dar leó, níor mhair riamh ó ló an
domhain, ní hé amháin i Sasanna acht i
n-éan-chúinne de'n domhan mhór, aon duine
eile do b'fhearr gníomh agus tréithe 'ná é. Ní
raibh i nAlastrom Mhór, do chuir an domhan
go léir fé smacht, acht síonthuidhe duine
bhig seachas é. D'réir tuairme na muinn-
tire seo, ní'l i nÍosa Críost féin - moladh
go deó leis! - acht fear beag an-shuarach
nuair a chuirid an bheirt i gcompráid. Bhí
duine aca so ag trácht ar Chromaill tá
tamaillín ó shoin ann, agus dubhairt sé - agus ní
raibh náire ná eagla air é rádh acht chomh
beag - gur mó go mór a thaithnfeadh cur
síos ar bheathaidh agus ar ghníomhartha an fhir seo
leis féin 'ná mar thaithnfeadh cur síos ar
bheathaidh ár Slánuightheóra.



B'é an fear úd - dar leis na daoinibh
seo - do dhein seo agus súd agus súd agus seo do
Ríoghacht Shasanna. Muna mbeadh é, do
caillfidhe í i n-aimsir an Chéad Shéarlas, agus,
tar éis a bháis sin, ní raibh éan-fhagháil i
n-éan-chor ar í choimeád le chéile muna
mbeadh é. Muna mbeadh é, ní bheadh brigh
ná fuinneamh ná neart i Sasanna go bráth
na breithe, agus, gan na neithe seo, do bheadh sí
choidhche gan éan-chómhacht aici. Eadrainn
féin, dá dtuitfeadh an sgéal amach 'sa'
chuma soin, ní bheadh an cineadh daonda
puinn caillte leis. Is mó an díoghbháil go
mór 'ná an mhaitheas a dhein muinntir
Shasanna riamh. Fuair gach tír gur chuir-
eadar-san crúca innti fola-thachtach gránda
uatha, agus, má dheineadar maitheas beag
anois is arís, do dheineadar riamh dhúinn-ne? Ó'n
gcéad lá 'n-a bhfuaradar úghdarás ós ár
gcionn, ní bhfuaramair ó chroidhe uatha acht
an diabhal agus an donas. Do chuireadar
reacht i ndiaidh reachta chum sinn do chur
beó i dtalamh; agus do chuireadar na diabhail
ba mhó bhí aca i leith chughainn chum sinn
do sgrios amach ar ár mbailtibh agus as
ár dtír féin, agus chum talamh na hÉireann
d'fhágaint gan síol fear Gaedhealach. Acht,
i measg na ndiabhal so, ní raibh éin-diabhal
aca go léir ba neamh-sgrupalaighe 'ná
Cromaill - ní raibh truagh, ná taise, ná
daondacht, ná trócaire le fagháil i n-éa n
chúinne d'á chroidhe sin.



Lá lé Muire Fóghmhair, 1649, do tháinig
sé anall chughainn 'n-a chuireadh gan iarraidh.
Cad a thug é? Tháinig sé ag féachaint an
bhféadfadh sé muinntir na hÉireann do
ghlanadh amach, chum slighe do dhéanamh do
féin agus d'á lucht leanamhna.



Tá fhios ag an saoghal gur thóg muinntir
na hÉireann páirt leis an gCéad Séarlas
i gcoinnibh Féise Shasanna, agus tá a fhios arís
againn gur chuir muinntir na Feise an Rí
seo chum báis, agus gur thógadar obair na
ríoghachta ortha féin d'éis a bháis. Chum
soin a dhéanamh, do theastuigh a lán airgid
uatha, agus níor bh'fhuirist é fhagháil go ró-
aosáideach. Cad a dheineadar. Do chuir-
eadar gairm-sgoile amach ar fuid na tíre
'ghá rádh go raibh dhá mhilleón go leith acra
de thalamh na hÉireann ar láimh aca le
roinnt, agus go bhfaghadh aon tSasannach a
thabharfadh ádhbhairín beag airgid dóibh féin
an méid gur mhaith leis a thógaint de'n
talamh so. Ní gádh a rádh ná raibh éan-


L. 353


easnamh airgid ortha 'n-a dhiaidh sin. Tháinig
sé isteach go luath agus go tiugh chúcha. Fuair
Cromaill féin timcheall trí mhíle acra dhe
ar aon sé chéad púnt amháin. Do bheadh an
sgéal ar a dtoil ag dream dhíoltha agus
ceannughthe an tailimh seo muna mbeadh go
raibh Éireannaigh i seilbh na n-acrí, agus go
gcaithfidhe iad do ghlanadh amach sula
bhféadfaidhe an margadh do chríochnughadh.
Do seóladh Cromaill mar cheann airm
anall chughainn chum soin do dhéanamh, agus ar
ndóigh ní ceart dúinn éin-iongnadh do bheith
orainn mar gheall ar an éirleach a dhein sé
tar éis teacht dó. Dhéanfadh éinne oibri-
ughadh go dian dícheallach ar son trí mhíle
acra tailimh, gan labhairt i n-éan-chor ar pé
méid tuarastail eile bhí aige le fagháil as.



Nuair a tháinig sé go Baile Átha Cliath,
do stad sé ar feadh tamaill chum ceóidh
an bhóthair do chaitheamh de féin, agus chum
féachaint 'n-a thimcheall. B'é an ceann a
bhí ar an arm Gaedhealach an uair sin 'ná
an tighearna Urmhumhan, agus le linn na haim-
sire seo bhí seisesan agus a chumandracht
bailighthe le chéile i nDroichead Átha. Tá
an chathair bheag so suidhte ar bhruach na
fairrge, agus bhí a fhios ag Cromaill dá
bhféadfadh sé an áit do thógaint go ndéanfadh
sé an-mhaitheas dhó agus go loitfeadh sé an
mhuinntir eile.



An tríomhadh lá do Mheadhon Fhóghmhair, bhí
sé féin agus a chamthaí taraicthe suas i dtaobh
'muigh do'n bhaile seo. Nuair airigh Ur-
mhumhan go rabhthas chuige, do dhein sé a
dhícheall ar na fallaí mór-thimcheall an
bhaile do neartughadh agus do dheisiughadh suas.
Chuir sé fir toghtha a airm chum na háite do
chosaint, agus d'fhág sé beagán éigin lóin i
gcóir na bhfear agus i gcóir na ngunnaí móra;
acht, nuair a chonnaic sé Cromaill a' teacht
fé n-a dhéin gléasuighthe suas go fíochmhar
chum troda, do sgeinn sé amach leis féin, agus
d'fhág sé an baile fé chúram an Tighearna
Artúr Aston.



Togha fir chum na hoibre sin do b'eadh
Aston; acht ní hé sin an cheist i n-éan-chor,
acht cad 'n-a thaobh nár fhan Urmhumhan féin
chum féachaint 'n-a dhiaidh? Déarfadh a lán
daoine gan amhras gur mó an obair a rith-
feadh leis a dhéanamh, acht cead a chos a
bheith aige. Acht tá daoine eile ann agus
déarfadh siad gur chirte go mór dhó fan-
amhaint agus féachaint i ndiaidh a ghnótha féin, agus
gan soin d'fhágaint fé chúram an fhir thall.
Acht b'fhéidir gur eagla bhí air.



An deichmheadhl lá de'n mhí, bhí na gunnaí
móra curtha i dtreó ag Cromaill i dtaobh
theas de'n chathair ós comhair Eaglais
Mhuire amach. Annsoin do chuir sé fógra
isteach chum Aston 'ghá rádh leis go raibh sé
ullamh 'n-a chóir, agus beith air, muna
n-osglóghadh sé geataí na cathrach dho féin agus
dhá chamthaíbh. Acht beagán toraidh tugadh
air. Bhí greidhm daingean ag Aston ar an
gcathair - dar leis féin - agus bhí sé ceaptha
an greidhm sin do choimeád.



An lá 'n-a dhiaidh sin, máiseadh, d'iom-
puigh Cromaill na gunnaí móra ar fhala na
cathrach i dtaobh thiar de'n eaglais, agus, tar
éis timcheall trí chéad urchar do stealladh
'n-a choinnibh, do dheineadh poll mór do
réabadh ann. Nuair chonnaic Cromaill an
méid sin, d'órduigh sé d'á shaighdiúiríbh iad
féin do chaitheamh isteach fé'n tsráid tríd
an bpoll soin, agus an áit do thógaint de
gheit i n-ainm na Feise. Léimeadar-san
chum na hoibre láithreach le fonn; acht,
máiseadh, ba ghearr gur baineadh cuid de'n
fhonn díobh - gan puinn moille do cuireadh
an teicheadh ortha. Thángadar an dara
huair; acht, má thángadar, b'éigin dóibh
filleadh thar n-ais arís agus deithneas ortha.


L. 354


Acht mo thruagh go deó sibh, a Éirreannaigh
bhochta! Is baoghlach go bhfuil buaidhte
oraibh an iarracht so. Acht seasaidh le chéile
agus ná géillidh dóibh. Is maith é sin! Feic-
eam bhur ngníomh agus bhur gcalmacht. Leag-
aidh ar lár iad! Tugaidh dóibh an faobhar
go géar agus go marbhthach! Ná fágaidh
fuigheall nirt i
n-éan-bhuille. Tá
an faol-chú féin
ag gríosughadh a
chonairt fúibh.
Do thángadar an
tríomhadh uair
mar bheadh tréan-
tuile sléibhe, ag
réabadh, agus ag
briseadh, agus ag
basgadh gach uile
nídh roimpi. Níor
chuir soin puinn
goraibhuaise ar
na hÉireannaigh,
ámhthach. Do sheas-
adar go dána
'n-a gcoinnibh i
nós cairrge a
bheadh suidhte go
daingean i lár
abhann, agus go
mbeadh ar an
uisge iompáil
ar leath-taoibh,
nó imtheacht ós a
cionn amach, sula bhféad-fadh neart na
tuile an charraig do strac-adh aníos as an
áit 'n-a raibh sí.



Is follus go raibh Cromaill ceaptha ó
thúis ar ár d'imirt ar Éireannaigh bhochta na
háite seo. Bhí túr beag díreach 'dtaobh
istigh de'n áit 'n-ar réabadh fala na
cathrach, agus bhí dá fhichid éigin fear 'ghá
chosaint. B'shin í an chéad áit a thuit chuige,
agus do cuireadh chum báis gach uile dhuine dh'á
lucht cosanta.



Ar feadh i bhfad 'n-a dhiaidh seo bhí an
coimheasgar ag dul i ndéine agus i dtreise, i
mboirbe agus i bhfíochmhaireacht. Uair amháin
is iad na hÉir-
eannaigh a bheadh
ag déanamh
madhma ar an
namhaid, agus dí
reach 'n-a dhiaidh
sin do bheadh an
lámh uachtar ag
an dtaobh eile,
agus mar sin
dóibh. Fé dheir-
eadh do chonnaic
oifigigh Chromaill
ná raib éin-breith
aca ar an áit do
thógaint gan éir-
leach uathbhásach
bheith déanta ar
a lucht troda, agus
dubharadar leis
an taobh eile go
mbeadh cead
saor aca chum
imtheacht leó féin
amach as an gcath-
air, acht a gcuid
airm do leo-
gaint ar leath-taoibh, agus an áit do
thabhairt suas dóibh féin. Do thoiligh na
hÉireannaigh leis seo, agus do thugadar suas
a gcuid airm. Acht nuair inniseadh do
Chromaill cad a bhí déanta - agus is dócha gur
bh'é féin fé ndear tairgsint na n-oifigeach
- airiú! d'éirigh sé 'n-a dhiabhal ar buile.


L. 355


"Ní raibh éin-cheart agaibh," ar seision, "a
leithéid sin a dhéanamh gan úghdarás uaim-
se. Ná bainidh lé héan-duine aca do
leogaint uaibh. Cuirtear gach éan-mhac
máthar aca chum báis." Agus chomh maith
do cuireadh; agus ní amháin gur cuireadh na
fir a bhí ag troid 'n-a gcoinnibh chum báis,
acht do cuireadh na sean-daoine, na mná, agus
na leanbhaí chomh maith. Idir óg agus aosta,
lag agus láidir, fear agus mnaoi, garsún agus
gearr-chaile - níor fágaidh 'na mbeathaidh ar
fuaid na cathrach soin Droichead Átha an
t-am soin acht sé dhuine déag ar fhichid!
Thug seisear aca so a n-anam agus a mbeatha
saor leó, acht díbreadh an deichneabhar ar
fhichid thar caladh.
[Leanfar de seo.]



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services