Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sinn Féin.
Title
Sinn Féin.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Sinn Féin. Is mithid dúinn rud a déanamh ar ár gcáirdibh "Finnéigeas" agus Seaghán Ó Ruadhrí. Ní'l éan- bhaoghal ná go dtaithneóghaidh a n-aistí le léightheóiríbh an IRISLEABHAIR. Is í Gaedhilg Chonntae Sligigh atá ag Mac Uí Ruadhrí, agus tá geallta aige tuilleadh scéalta agus rl. a chur chugainn. Beidh fáilte is fiche roimhe i gcomhnuidhe. Tá críochnuighthe ag an gCleasuidhe an taca so ar Art Mac Murchadha Caomhánach, agus táimíd deimhinitheach go bhfuil breis eólais ag a lán dár léíghtheóiríbh ar Art Mac Murchadha agus ar an aimsir n-ar mhair sé thar mar bhí sular thosnuigh an Cleasuidhe. Gheobhaimíd aistí eile uaidh ag baint le Stair na hÉireann. Mar adubhramar is mithid tosnughadh ar Stair ár dtíre do mhúineadh tre theangaidh ár dtíre. Is fálta an meas do bheidh againn ar ár dtír féin muna mbheidh eólas againn ar a stair chomh fada siar agus is féidir dul. Fad ó do thutgaoi aire mhaith do sheanchus na hÉireann mar léighmíd go gceartuighthí an Seanchus ar Fheis Teamhrach, gach tríomhadh bliadhain. Má's maith linne Seanchus ar dtíre d'fhoghluim - agus ní'l amhras ná go bhfuil spéis mhór againn ann - caithfimíd aire thabhairt dó do réir mar do dhéin ár sinsir fad ó. Is é an tAthair Tomás Mac Liam do sholáthruigh i gcóir Scoil na Suadh dhúinn an mhí seo. Tá "An Túirnín Lín" an choitcheanta i gCúige Mumhan go háirithé agus tá súil againn gur gairid go gcloisfeam á sfreagadh ó cheann ceann na hÉireann é. Tá "An Áit dar Ghabhas" tabhartha amach againn 'n-a dhuilleachán fé leit. Tá sé cló-bhuailte go deas agus tá páipéar maith faoi. Pinginn is eadh a fiacha agus beidh súil againn leis na mílte dhíobh a dhíol. Má rithfidh an ceann so linn thabharfaimíd na cinn eile amach i ndiaidh a chéile. Scéal i nGaedhilg Chonntae an Chabháin is eadh bhuaidh ár nduais an mhí seo. Is aith linn gan slige againn chuige go léir an iarracht so, acht is fearr leath- bhairighin 'ná bheith gan arán. Tá alt againn ó'n Laoideach ar Chuanta na Féinne. Níor mhaith linn éan dá leath a dhéanamh dhe, agus táimíd dá choinneáil siar go dtí an chéad uimhir eile. Do thug Tomás Mac Giolla Pádraig pictiúir an Phíobaire dhúinn. Ceann a dhein sé féin le cré is eadh é. Is fada ná feacamair ceann ba dheise nó ba shlactmhaire 'ná é. Tá sé ar intinn ag ar gcara Mac Giolla Pádraig, deilbhe chré thiormuighthe do dhéanamh as agus iad do dhíol. Badh cheart do gach éinne a chuireann dúil san bpíob Ghaedhaalach, nó i bpíobaireacht fios chur ar cheann díobh. Tá Mac Giolla Phádraig 'n-a chomhnuidhe ar 6 Sráid Uachtarach Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services