Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sinn Féin.

Title
Sinn Féin.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 349


Sinn Féin.



Is mithid dúinn rud a déanamh ar ár gcáirdibh
"Finnéigeas" agus Seaghán Ó Ruadhrí. Ní'l éan-
bhaoghal ná go dtaithneóghaidh a n-aistí le léightheóiríbh
an IRISLEABHAIR. Is í Gaedhilg Chonntae Sligigh atá
ag Mac Uí Ruadhrí, agus tá geallta aige tuilleadh
scéalta agus rl. a chur chugainn. Beidh fáilte is fiche
roimhe i gcomhnuidhe.



Tá críochnuighthe ag an gCleasuidhe an taca so ar
Art Mac Murchadha Caomhánach, agus táimíd deimhinitheach
go bhfuil breis eólais ag a lán dár léíghtheóiríbh ar
Art Mac Murchadha agus ar an aimsir n-ar mhair sé thar
mar bhí sular thosnuigh an Cleasuidhe. Gheobhaimíd
aistí eile uaidh ag baint le Stair na hÉireann.



Mar adubhramar is mithid tosnughadh ar Stair ár
dtíre do mhúineadh tre theangaidh ár dtíre. Is fálta
an meas do bheidh againn ar ár dtír féin muna mbheidh
eólas againn ar a stair chomh fada siar agus is
féidir dul. Fad ó do thutgaoi aire mhaith do sheanchus
na hÉireann mar léighmíd go gceartuighthí an Seanchus
ar Fheis Teamhrach, gach tríomhadh bliadhain. Má's
maith linne Seanchus ar dtíre d'fhoghluim - agus ní'l
amhras ná go bhfuil spéis mhór againn ann - caithfimíd
aire thabhairt dó do réir mar do dhéin ár sinsir fad ó.



Is é an tAthair Tomás Mac Liam do sholáthruigh
i gcóir Scoil na Suadh dhúinn an mhí seo. Tá "An
Túirnín Lín" an choitcheanta i gCúige Mumhan go
háirithé agus tá súil againn gur gairid go gcloisfeam á
sfreagadh ó cheann ceann na hÉireann é.



Tá "An Áit dar Ghabhas" tabhartha amach againn
'n-a dhuilleachán fé leit. Tá sé cló-bhuailte go deas
agus tá páipéar maith faoi. Pinginn is eadh a fiacha agus beidh
súil againn leis na mílte dhíobh a dhíol. Má rithfidh
an ceann so linn thabharfaimíd na cinn eile amach i
ndiaidh a chéile.



Scéal i nGaedhilg Chonntae an Chabháin is eadh bhuaidh
ár nduais an mhí seo. Is aith linn gan slige againn
chuige go léir an iarracht so, acht is fearr leath-
bhairighin 'ná bheith gan arán.



Tá alt againn ó'n Laoideach ar Chuanta na Féinne.
Níor mhaith linn éan dá leath a dhéanamh dhe, agus táimíd
dá choinneáil siar go dtí an chéad uimhir eile.



Do thug Tomás Mac Giolla Pádraig pictiúir an
Phíobaire dhúinn. Ceann a dhein sé féin le cré is eadh
é. Is fada ná feacamair ceann ba dheise nó ba
shlactmhaire 'ná é. Tá sé ar intinn ag ar gcara
Mac Giolla Pádraig, deilbhe chré thiormuighthe do
dhéanamh as agus iad do dhíol. Badh cheart do gach
éinne a chuireann dúil san bpíob Ghaedhaalach, nó i
bpíobaireacht fios chur ar cheann díobh. Tá Mac
Giolla Phádraig 'n-a chomhnuidhe ar 6 Sráid Uachtarach
Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services