Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Láimh-scríbhinne.
Title
Láimh-scríbhinne.
Author(s)
Mac Cunsaidín, Séamus,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
LÁIMH SCRÍBHINNE. Ar leathannaigh a 5, a 6, a 7 is a 8, tá amhrán bhreagh do cheap Séamus Mac Cunsaidín, file eile ó Chontae an Chláir, ag moladh bean uasal éigin. Is dóigh liom nár cuireadh i gcló riamh é agus b'éidir nár mhisde é chur os comhair léightheóirí an IRISLEABHAIR. "IS TAOMACH 'TÁIM GAN TAPA." Séamus Mac Cunsaidín, cct. I. Is taomach 'táim gan tapa I ngéibhionn ghnáith fá ghlasa Faon mar scáil ar bhalla 'Om thúrnadh ag an éag, I gcréimibh cráidhte galair Gan réim ar áird le sealad, Traochta tráighte i bpeannaid 'S i ndubh-chreathaibh léin, Le héigean ghrádh do'n ainnir, Craobh is bláth na maise, Ler éaluigh barr na taise I gclú cheart 's i méinn, De shíor shliocht árd na bhflatha Shaothruigh cáil gach rachmuil Ba thréan i mbeárnain bagair S i n-úr-scaipeadh séad. II. Ní'l aon le fagháil mar mheasaim D'fhéachfadh áille a pearsan Ná staonfadh tláth chum lagair I gúin taidhsibh (?) néal, 'S gan créim ná cáim dar ceapadh Dhéanfadh gráin ná deacair, Acht maordhacht ghnáith ag taithneamh Go lonnrach na scéimh. Ta séimhe grádhmhar cneasta, Féile fáilte 's freastal, Bréithre blátha blasta, Is múnadh gan bhéim, Is tréithibh árd' gan easbha Nach léir dham áireamh feasta, Ag tigheacht le grásta Fhlaithis I bplúr gheal na mbéith. III. Is dréimreach fáinneach fada Slaodach scáineach altach A céibh ag fás n-a mbeartaibh Dlútha go faon; Is caol gan cháim a mala Ar éadan bláith mar shneachtadh;
Is maordha scáil a dearca Mar gheamhar aille a' téacht; A déid mhín áluinn chailce; A béilín tláth is taise Bréithre blátha blasta Is múnadh gan bhéim; Is gléire a brághad mar aluinn Go néata ag snámh ar abhainn; S a gné gan fán gan alta Go sleamhain-bharra a méar. IV. Mo léan go bráth mar dhearcas Réiltean árd na maidne, Chlaon mé tláth i ngalar Túirseach gan réim; 'S gan taobh le trácht i mballaibh Ná Phoenix d'fhás le feartaibh Gan saegheada grádh dá gcaitheamh Ó Chúipid go tréan; A bréithre blátha is blasta 'Ná éanlaith ar bharr na gcranna, 'S 'ná an mhéar le fagháil is gasta Ag lúith-sheinim téad; 'S gan gné le rádh ar talamh 'Ná éisc ag snámh na mara, Nach léir le snáith ar bhrataibh A dlúth-chur do'n bhéith. V. Dá dtéidhinn le grásta an Athar 'S le réimibh árd' na leabhar I gcléith na ndámh do b'fhearra Is ughdar na ndréacht A ndéanfainn dán gan easbha I n-éifeacht ráidhte gasta A scéimh a cáil 's a bearta Scrúdfainn do'n tsaoghal. Ná Bhénus bláth na maise Ná Hélen chráidh na flatha Ná Déirdre mhánla bheartuigh Túrnamh na laoch 'S ná an spéirbhean Bláthnait chailce Chlaon mac Dáir faoi leaca Is léir gur sháruigh 'n ainnir I lonnradh gach scéimh. VI. An phréimh ó'r fás mo chara A réim ní nár le n-aithris Saor-shliocht árd na bhflatha Dhiúltuigh do'n chlaon Féastach fáilteach feasach Déarcach dáilteach scaiptheach Do bhréagfadh dáimh ar fhleadhaibh Ag tionnscal gach scéil Léidmhar láidir lannach Tréan gan tlás i dtreasaibh I scléip 's i ngáir 's i n-airm Nár umhluigh do'n tréan Is tréithe is fearr le n-aithris Cléir de ghnáth 'n-a aice Ag léigheamh na dtráth 's ag cantain Úird ghil Mhic Dé. VII. A ghéag de'n Tál-fhuil neartmhair Féach mé tláth gan tapa I ngéibhionn ghnáith 's mo dhearca Ag úr-shileadh dhéar Gan saoghal ná sláinte acht galar Saoithibh (?) báis is creatha Saegheada ghnáith 'om chealgadh I gcumhangrach mo chléibh Dá réir sin tárthuigh feasta Réab i dtráth mo ghalar Déin gan spás mo ghlacadh I ndlúth-cheangal Chléir' 'S an Té thug slán le feartaibh Daor-shliocht Ádhaimh ó pheacadh Bhéarfaidh arán gan easmailt Dúinne go héag. Tagra. Ceathramha I: - De shíor-shliocht: is dócha gur "de shaor-shliocht" badh cheart bheith annso. Rachmuil = rachmais (?) Bearnain bagair = bearnain bhaoghail, i lár catha. Ceathr 2: - I gcúin taidhsibh = i gcuman- gaisibh (?). Séimhe grádhmhar; is ait mar atá "séimhe" fireann aige. Ceathr 3: - Cad chuige "n-a mbear- taibh"? Nach fearr d'oirfeadh "na beartaibh no 'i mbeartaibh"? "Mar gheamhar agus rl," "mar géabhar aille téacht" atá san lscr. I gCo. an Chláir is é "giúmhar" a churtar ar an bhfocal "geamhar" "súmhradh" ar "samhradh," "liúmhas" ar "leamhas" agus rl. Bréithre blátha agus rl; tá an dá líne seo fé dhó san amhrán. Comhartha laige nó droch-chóip é. "Aluinn," cás tabharthach ar "ala"; is annamh i n-usáid é. Ceathr 4:- Barr na gcranna = Barr na gcrann. A dluth-chur = a ndluth-chur (?) Ceathr 5: - A ndéanfainn = go ndéanfainn, i n-áit "do dhéan- fainn." Tá an nós so coitchianta. Ceathr 6:- B'éidir gurab ainm áite "árd na bhflatha," nó an t-"árd" go háirithe. "Lannach," "lonnach" atá san lscr. Ceathr 7: - Saoithibh báis = saobhadh báis (?) Saeghada = saighdeda.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services