Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Láimh-scríbhinne.

Title
Láimh-scríbhinne.
Author(s)
Mac Cunsaidín, Séamus,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

LÁIMH SCRÍBHINNE.



Ar leathannaigh a 5, a 6, a 7 is a 8, tá amhrán bhreagh
do cheap Séamus Mac Cunsaidín, file eile ó Chontae
an Chláir, ag moladh bean uasal éigin. Is dóigh liom
nár cuireadh i gcló riamh é agus b'éidir nár mhisde é chur
os comhair léightheóirí an IRISLEABHAIR.



"IS TAOMACH 'TÁIM GAN TAPA."
Séamus Mac Cunsaidín, cct.



I.



Is taomach 'táim gan tapa
I ngéibhionn ghnáith fá ghlasa
Faon mar scáil ar bhalla
'Om thúrnadh ag an éag,
I gcréimibh cráidhte galair
Gan réim ar áird le sealad,
Traochta tráighte i bpeannaid
'S i ndubh-chreathaibh léin,
Le héigean ghrádh do'n ainnir,
Craobh is bláth na maise,
Ler éaluigh barr na taise
I gclú cheart 's i méinn,
De shíor shliocht árd na bhflatha
Shaothruigh cáil gach rachmuil
Ba thréan i mbeárnain bagair
S i n-úr-scaipeadh séad.



II.



Ní'l aon le fagháil mar mheasaim
D'fhéachfadh áille a pearsan
Ná staonfadh tláth chum lagair
I gúin taidhsibh (?) néal,
'S gan créim ná cáim dar ceapadh
Dhéanfadh gráin ná deacair,
Acht maordhacht ghnáith ag taithneamh
Go lonnrach na scéimh.
Ta séimhe grádhmhar cneasta,
Féile fáilte 's freastal,
Bréithre blátha blasta,
Is múnadh gan bhéim,
Is tréithibh árd' gan easbha
Nach léir dham áireamh feasta,
Ag tigheacht le grásta Fhlaithis
I bplúr gheal na mbéith.



III.



Is dréimreach fáinneach fada
Slaodach scáineach altach
A céibh ag fás n-a mbeartaibh
Dlútha go faon;
Is caol gan cháim a mala
Ar éadan bláith mar shneachtadh;


L. 348


Is maordha scáil a dearca
Mar gheamhar aille a' téacht;
A déid mhín áluinn chailce;
A béilín tláth is taise
Bréithre blátha blasta
Is múnadh gan bhéim;
Is gléire a brághad mar aluinn
Go néata ag snámh ar abhainn;
S a gné gan fán gan alta
Go sleamhain-bharra a méar.



IV.



Mo léan go bráth mar dhearcas
Réiltean árd na maidne,
Chlaon mé tláth i ngalar
Túirseach gan réim;
'S gan taobh le trácht i mballaibh
Ná Phoenix d'fhás le feartaibh
Gan saegheada grádh dá gcaitheamh
Ó Chúipid go tréan;
A bréithre blátha is blasta
'Ná éanlaith ar bharr na gcranna,
'S 'ná an mhéar le fagháil is gasta
Ag lúith-sheinim téad;
'S gan gné le rádh ar talamh
'Ná éisc ag snámh na mara,
Nach léir le snáith ar bhrataibh
A dlúth-chur do'n bhéith.



V.



Dá dtéidhinn le grásta an Athar
'S le réimibh árd' na leabhar
I gcléith na ndámh do b'fhearra
Is ughdar na ndréacht
A ndéanfainn dán gan easbha
I n-éifeacht ráidhte gasta
A scéimh a cáil 's a bearta
Scrúdfainn do'n tsaoghal.
Ná Bhénus bláth na maise
Ná Hélen chráidh na flatha
Ná Déirdre mhánla bheartuigh
Túrnamh na laoch
'S ná an spéirbhean Bláthnait chailce
Chlaon mac Dáir faoi leaca
Is léir gur sháruigh 'n ainnir
I lonnradh gach scéimh.



VI.



An phréimh ó'r fás mo chara
A réim ní nár le n-aithris
Saor-shliocht árd na bhflatha
Dhiúltuigh do'n chlaon
Féastach fáilteach feasach
Déarcach dáilteach scaiptheach
Do bhréagfadh dáimh ar fhleadhaibh
Ag tionnscal gach scéil
Léidmhar láidir lannach
Tréan gan tlás i dtreasaibh
I scléip 's i ngáir 's i n-airm
Nár umhluigh do'n tréan
Is tréithe is fearr le n-aithris
Cléir de ghnáth 'n-a aice
Ag léigheamh na dtráth 's ag cantain
Úird ghil Mhic Dé.



VII.



A ghéag de'n Tál-fhuil neartmhair
Féach mé tláth gan tapa
I ngéibhionn ghnáith 's mo dhearca
Ag úr-shileadh dhéar
Gan saoghal ná sláinte acht galar
Saoithibh (?) báis is creatha
Saegheada ghnáith 'om chealgadh
I gcumhangrach mo chléibh
Dá réir sin tárthuigh feasta
Réab i dtráth mo ghalar
Déin gan spás mo ghlacadh
I ndlúth-cheangal Chléir'
'S an Té thug slán le feartaibh
Daor-shliocht Ádhaimh ó pheacadh
Bhéarfaidh arán gan easmailt
Dúinne go héag.



Tagra.



Ceathramha I: - De shíor-shliocht: is dócha gur "de
shaor-shliocht" badh cheart bheith annso. Rachmuil =
rachmais (?) Bearnain bagair = bearnain bhaoghail, i
lár catha. Ceathr 2: - I gcúin taidhsibh = i gcuman-
gaisibh (?). Séimhe grádhmhar; is ait mar atá "séimhe"
fireann aige. Ceathr 3: - Cad chuige "n-a mbear-
taibh"? Nach fearr d'oirfeadh "na beartaibh no
'i mbeartaibh"? "Mar gheamhar agus rl," "mar géabhar
aille téacht" atá san lscr. I gCo. an Chláir is é
"giúmhar" a churtar ar an bhfocal "geamhar"
"súmhradh" ar "samhradh," "liúmhas" ar "leamhas"
agus rl. Bréithre blátha agus rl; tá an dá líne seo fé dhó
san amhrán. Comhartha laige nó droch-chóip é.
"Aluinn," cás tabharthach ar "ala"; is annamh i
n-usáid é. Ceathr 4:- Barr na gcranna = Barr na
gcrann. A dluth-chur = a ndluth-chur (?) Ceathr 5: -
A ndéanfainn = go ndéanfainn, i n-áit "do dhéan-
fainn." Tá an nós so coitchianta. Ceathr 6:-
B'éidir gurab ainm áite "árd na bhflatha," nó an
t-"árd" go háirithe. "Lannach," "lonnach" atá san
lscr. Ceathr 7: - Saoithibh báis = saobhadh báis (?)
Saeghada = saighdeda.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services