Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Aiste ar an aimsir 'n-ar mhair Art Mac Murchadha Caomhánach.
Title
Aiste ar an aimsir 'n-ar mhair Art Mac Murchadha Caomhánach.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AISTE AR AN AIMSIR 'N-AR MHAIR ART MAC MURCHADHA CAOMHÁNACH. "AN CLEASUIDHE" do scríobh. (Ar leanmhaint). AN TRÍOMHADH ROINN. Do chonncamair cheana go raibh dearbhtha ag Art, agus ag maithibh Laighean, gan staonadh do chogadh go bráth an fhaid do bheadh cumhacht bagartach i bhfogus dóibh; acht caithfimíd admhughadh go raibh na Sasannaigh sár-ghlic agus fealltach, agus le cródhacht agus ní le ceilg d'oibrigh Art. Chímíd 'san mbliadhain 1395 gur thug na Gaill cuireadh chum fleidhe d'Art go Caisleán Mágh Nuadhat, agus gur tháinig Art, agus gan leis acht an cruitire, óir níor imthigh sé riamh 'n-a éaghmais seo - do bhíodh sé de shíor 'n-a fhochair. Nuair do rángadar an caisleán, do fearadh fáilte rómpa gan amhras. Is beag do shíl sé go raibh an feall le himirt air. Do dáileadh fleadh mhór do. Do bhí gach sórd bídh agus dighe 'n-a láthair. Do bhí gnúis mheidhreach ar gach aoinne. Anois, bí mór-thrácht ar fheabhas chruitire Airt chum ceóil do sheinnim, agus ba mhéin leó a chlos, agus d'iarr an Rí air seinnim do'n chuideachtain. D'éirigh an cruitire chum an chruit fhagháil, agus, pé cuma gur thárlaidh dhó féachaint tríd an bhfuinneóig amach, do chonnaic sé go raibh an caisleán mór-thimcheall leathsmuigh fé ghárda saighdiúirí armtha. Do thóg sé an chruit 'n-a láimh, agus do sheinn suas an Rosc- catha. Níor thuig an Rí cad ba bhun leis an méid sin, mar is amhlaidh thug sé milleán dó mar gheall ar nídh chomh neamh-oireamhneach leis do dhéanamh. Annsoin do leig an cruitire air atharrughad ceóil do sheinnim, acht is amhlaidh sheinn sé an Rosg-catha níos buirbe 'ná riamh. Láithreach do thuig Art go raibh sé i gconntabhairt. Do shiubhail sé go dtí an fhuinneóg, agus do chonnaic gach nídh mar do bhí. D'atharruigh a dheilbh agus a scéimh. Do tháinig misneach iongantach dhó. Do lámhuigh sé a sciath agus a chlaidheamh. Do tháinig an oiread soin scannradh ar lucht na fleidhe a chaitheamh nár fhéadadar cosc do chur leis, acht do liughadar ar na fear- aibh armtha é ghabháil; acht le neart a lámh agus a ghaisce d'imthigh sé uatha - é féin agus an cruitire - gan bascsadh, gan deargadh airm; agus, óir b'í seo an dara huair aca ag tabhairt fé n-a ghabháil, do thug sé aire mhaith dhó féin ortha as sin amach. Is dócha gur bhrostuigh an nídh seo é chum éirligh ar na Gaill. Do ghríosuigh sé na prionnsaí Gaedhealacha eile, agus, do réir an tuairisc atá le fagháil againn, is iomdha cath fuil- teach do bhí eatortha 'san mbliadhain 1396, agus is iomdha caisleán agus daingean láidir do thóg na Gaedhil i gCúige Laighean. Do bhí Ruaidhrí Mortimer trí bliadhna 'n-a cheann-raon ar na Gaill i nÉirinn an uair seo, agus, ó chuaidh de Art Mac Mur- chadha do ghabháil, do mheas sé cath do bhual- adh leis. Ar an intinn sin, do bhaililgh sé leis a mhór-shlóighte, agus do ghluais leis tríd an tír go ráinig sé na Cealla i gConndae Chill Chainnigh, é féin agus an Tighearna Ur- mhumhan. Is cosmhail gur bh'amhlaidh do lean Art agus a shlóighte é; acht go háirithe annso is eadh d'ionnsaigh an dá shlógh a chéile, Lá Fhéile Maighréad, sé sin an fichead lá de'n mhí Iúl 'san mbliadhain 1398. D'ionnsaigh an dá dhream a chéile ar bhruach glaise ar a nglaodhtar Abhainn a' Ríogh. B'iad Art agus Domhnall Ó Broinn bhí mar cheannphuirt ar an arm Ghaedhealach. Bhí timcheall fiche míle fear ar gach taobh, agus do bhí cath fuilteach fada eatortha. Do thuit mórán
fear ar gach taobh, agus, i measc na buidhne Gallda, do thuit Ruaidhrí Mortimer féin i mbláth na hóige, mar ní raibh sé an uair seo acht ceithre bliadhna fichead, agus is chuige do thuitfeadh coróin Shasanna dhá maireadh sé chúichi. Do theith an bhuidheann Ghalldha mar theithfeadh tréad chaorach de mhullach sléibhe lá fuar geimhridh, agus níor staonadar gur rángadar Baile Átha Cliath; agus is dócha gur shuarach ar fhill thar n-ais díobh. Do cuireadh teachtairí chum an Ríogh le haghaidh an scéal brónach d'innsint dó. Do bhí an oiread acharainn thall agus bhí i bhfus; acht, mar sin féin, do thug an Rí teidiol na hÉireann dá leas-dearbhráthair Tomás, agus do bheartuigh teacht é féin seal 'n-a dhiaidh. Acht, faid do bhí na nidhthe seo ar socrughadh, do bhí cumhacht Airt ag dul i dtreise agch lá agus do bhí na Gaill beagnach curtha ó réim aige. Seo mar do sheasaimh an scéal 'san mbliadhain 1399, nuair do tháinig Rí Shas- anna an dara huair go hÉirinn. Go Cuan Phortláirge do thángadar, an chéadh lá de Mhetheamh an tSamhraidh 'san mbliadhan 1399. Ba chlaoidhte ocrach an ball Portláirge an t-am soin, i gcás nuair chonncadar áthraighe an lóin do shiubhladar isteach tríd an uisce ag lorg bídh. Níor fhan an Rí 'san áit seo acht seachtmhain; acht do thug a aghaidh ar Chill Chainnigh le n-a mhór-shlógh d'fhearaibh - cheithre mhíle fichead laoch, agus tuilleadh chum teacht 'n-a ndiaidh. D'fhan sé i gCill Chainnigh, ag feitheamh leis an gcongnamh so, go Lá Fhéile 'n Sheagháin; acht níor tháinig an congnamh. Níor fhan an Rí níos sia, acht thug aghaidh ar Cheatharlach. Do chuir fógra chum Airt géilleadh dhó, acht b'é an freagra thug Art air gur bh'é féin Rí ceart na hÉireann agus go raibh sé ullamh chum seasamh ar son a thíre go lá a bháis. Do bhí Art i meadhon aoise an t-am so, agus bhí aige le n-a bhean-chéile beirt mhac - Art, an t-oighre, agus Donnchadh. Do bhíodar so 'n-a fhochair, agus, maraon leó, trí mhíle laoch. Do bhí na mná agus na beithidhigh agus na daoine aosta abhfad isteach 'san tír, agus d'fhan sé fhéin 'n-a dhún- bhrogh, ag feitheamh le Rígh Shasanna. B'fhada an mhoill ar siúd triall air, oir bhí an áit lán de choilltibh agus de phortachaibh, agus, do réir mar thógadh sé aon bhlúire thailimh ó Rígh Laighean, do chuireadh a mheirg féin 'n-a seasamh ar an nuadh-thalamh so. Do theith Art roimhe, ag breith leis gach éin-nídh luachmhar de'n talamh, agus ag marbh- ughadh na nGall nuair thagaidís 'n-a threó. Ní raibh sé ar aigne troid leó, mar ní raibh a shluagh líonmhar a dhóthain chuige sin. Do ghéill Maoilsheachlainn Caomhánach do Rígh Shasanna, agus do tugadh 'n-a láthair é, agus ceannrach ar a mhuinéal, a shluagh 'n-a dhiaidh, gan bróg, gan ceannbhart, ag teacht do láthair an Ríogh ag éileamh maitheamhnais air. Do fuaradar sain ar choinnghíoll go ndearbhoghad gach fear aca bheith dílis dó féin as soin suas. Annsoin do chuir teachtairí arís go dtí Art, ag geallamhaint a shaoir- seacht dó, acht teacht 'n-a láthair agus ceann- rach air, mar bhí déanta ag Maoilsheachlain. Dubhairt Art ná déanfadh soin ar shaidhbhreas na mara, acht go seasomhadh cómhrac leis. Do thiomáin an Rí leis, ag tabhairt aghaidh ar Bhaile Átha Cliath, agus Art de shíor ag creach-ghabháil na tíre roimhe; agus, ó ná raibh lón ag Rígh Shasanna do na capaill, do cailleadh go leór aca. Ní raibh biadh aige do na fearaibh, agus do cailleadh go leór aca so leis an ocras. 'San deireadh do thángadar i radharc na mara i gConntae Chill Mhantáin, agus do chonncadar a dó nó a trí d'árthaighe bídh do seóladh as Baile Átha Cliath 'n-a gcóir. Bhí
an oiread soin scannradh agus ampal ortha chuige gur léimeadar isteach 'san uisce fé dhéin na n-árthaighe, agus go mbídis ag bruigh- eann le chéile mar gheall ar bhlúire aráin. An lá 'n-a dhiaidh sin do ghluais sé air go Baile Átha Cliath, acht ba ghearr do ghluais nuair chonnaic sé chuige bráthair d'Ord San Phroinnsias ag teacht le cuireadh chum síothcána ó Art. B'áthasach a bhí an rí ar chlos an méid sin dó, agus do chinneadar i gcomhairle teachtaire do chur ar ais chum Airt, le haghaidh síothchána agus caradais do shnaidhmeadh leis. 'Sé an duine do chuireadar uatha, Iarla Ghloucester, Dé Spenser. D'imthigh sé leis - é féin agus maith- shluagh maith fear - agus d'ionnsaigh sé féin agus Art a chéile le hais an bhaile sin go nglaoidhaid siad An tInbhear Mór air. D'éis mion-scrúdughadh do dhéanamh ar gach gníomh droich-bheartach, do theip ortha réiteach le n-a chéile, agus do b'éigin do gach duine aca filleadh thar n-ais ar a shlógh féin. Do bhí an rí ag feitheamh go neamh-fhoidh- neach le freagra Airt, agus, nuair chualaidh sé ná raibh Art ar aigne géilleadh acht ar choingheall a thalamh féin do beith aige go síothchánta gan éan-chur isteach ag an Rígh air, is dócha gur chuir sin fearg ar Rígh Shasanna, agus do dhearbhaigh sé ar an láthair sin ná fágfadh sé oileán na hÉireann go bhfuigheadh sé Art faoi n-a smacht, beó nó marbh. Do thug sé aghaidh ar Bhaile Átha Cliath, ag gabháil dó tré Chill Mhantáin, agus 'sa' deireadh thiar thall do shroich sé Baile Átha Cliath le n-a mhór-shlógh, deich míle fichead fear; acht tá áirimhthe 'ná measg so gach éinne do ghéill dó ar a shlighe. 'San mbaile seo do bhí fleadh agus féasta 'n-a gcóir, agus ba ghearr gur scaip a mbrón, do bhí an saol chomh háluinn sin aca. Acht fós ní raibh an Rí sásta, agus, da bhrigh sin, do gheall sé duais - "céad marc de ghlan-ór" - d'éinne do thabharfadh Art Mac Mur- chadha chuige beó nó marbh. Annsoin do rinne sé trí ranna dá fhearaibh, agus do chuir amach iad ar fuid na gcoillte le haghaidh Art do ghabháil; agus fós do dhearbhuigh Ris- teárd ar theacht an fhóghmhair go gcuirfeadh sé na coillte go léir tre theinidh chum go bhfuigheadh sé Art ar ais nó ar éigin. Acht do bhí buaidhirt go leór 'n-a chóir féin, mar ba ghearr gur tháinig thuairisc anall go raibh Hannraoi, mac an Diúic Lancastar, d'éis éirighe amach i gcoinnibh an Ríogh, agus mórán de mhaithibh agus de chléir Shasanna iompuighthe leis. Ba scíosmhar an tuairisc í seo do Risteárd. Láithreach bonn do chuir sé roimis triall go Sasana, agus d'fhág mar Fhear-ionaid 'n-a dhiaidh an Ridire Seaghán Stanlaí. Ní'l gábhadh le hinnsint cad é an t-ár do bhí idir an dá bhuidhean i Sasanna, acht do chuireadh as Ríoghacht Risteárd, agus fuair Hannraoi ceannas Shasanna. Cogadh na Rósanna a ghlaodhtar ar an gcogadh so. Cé gur tháinig atharrughadh Uachtaráin i Sasanna, níor chuir soin críoch ar acharann i nÉirinn, agus nuair thagann Rí nua tagann dlighe nua, agus sin mar dho thárlaidh 'san am úd. Do chuir an Rí nua so a mhac féin, Tomás, mar Fhear-ionaid go hÉirinn, agus láithreach d'fhill sé thar n-ais, agus thug a oifig d'fhear dár bh'ainm Scrúp. Is gearr gur thug sé seo suas a theidiol do'n Tighearna Urmhumhan; agus, ó bhí an tsean-ghráin aige sin ar Art agus ar na triatha Gaedhealacha eile, do bhí cath fuilteach eatortha an t-aonmhadh lá déag de mhí Iúl 'san mbliadhain 1404, le hais Brí, i gConntae Chill Mhantáin. Do chaill na Gaedhil timcheall chúig céad fear, acht fós is dóibh áirimhthear an buadh. Ní'l cur síos ar an méid do chaill na Gaill.
Do cailleadh Urmhumhan 'san mbliadhain 1405, agus do toghadh 'n-a ionad Scrúp arís. Áirimhtear gur fear glic ciallmhar é seo, agus gur mheall sé mórán do na hÉireannaig chum a bhrataigh féin i n-aghaidh Mhac Mur- chadha, agus go raibh cath idir Ghaedhil agus Gaill i gConntae Chill Dara le hais Challain, agus áirimhtear go raibh an buadh leis na Gaedhil i dtúis an lae, acht gur tháinig cabhair chum na nGall, agus gur cuireadh an ruathar ar Ghaedhealaibh. I réim an Ríogh so 'sé an chéad chath eile do bhí eatorra, cath Chill Lúcáin i nIar- Mhidhe, agus ba bhuadh iongantach d'Art an cath so. Do tháinig an Cúigmheadh Hannraoi i Ríogacht Shasanna 'san mbliadhain 1413, agus do choimeád sé an spréidh ar lasadh ar fuid na hÉireann. Áirimhtear go raibh cath eile idir Ghaedhil agus Gaill i gCill Chainnigh, agus, ó bhí Art aosta 'san am so, is é a mhac Art Óg do chuir sé dá smachtughadh; agus deirtear gur thóg sé mórán de sna Gallaibh 'n-a bpríosúnaigh. Acht ins an mbliadhain céadna do cailleadh an prionnsa óg, agus ba chumhadh mór le n-a athair a bhás. Ins an mbliadhain 1415 do fuair an Tighearna Talbóid ceannus i n-áitreabh na nGall i nÉirinn, agus timcheall an ama so is iomdha bruighean garg do bhí idir na Gaill féin. Is siad Gaill Locha Gharmain is mó do sheasaimh le chéile i n-aghaidh na nGaedheal, acht ní raibh sé i
ndán dóibh laoch chomh tréan le hArt Mac Murchadha do chur fé n-a smacht. Ag smaoineamh go raibh Rí Art fé chumhadh i ndiaidh a mhic, agus gur bh'shin í uair na foghla dhóibh féin, d'éirigheadar amach go láidir 'n-a choinnibh. Acht do chuaidh an sean-laoch i bhfíor-cheann a mhór-shlóighte féin dá n-ionnsaighe, agus d'imir ár agus ruathar ortha. Do mhill agus do ghaibh dhá chéad go leith aca, acht do rinneadar síothcháin leis lá ar n-a bháireach. Tar éis an chogaidh so do thug Art agus a mhac Donnchadh agus a ollamh nó a fhear teagaisc, sé sin Ua Dobharaín, a n-aghaidh ar Ros Mhic Triúin, leis an Nodlaig do dhéanamh ann. Acht mo léan géar, do bhí a namhaid 'n-a chomhfhogus, agus léighimíd an scéal doil- gheasach gur marbhuigheadh le nimh Art Mac Murchadha agus a fhear teagaisc, ar an dara lá de'n bhliadhain 1417, nó do réir Annála an Cheathrair Ollamh, ar an seachtmhadh lá de'n bhliadhan 1417. Deirtear gur bhean friothála do thug an nimh dóibh, agus gur bh'amhlaidh bhreab nó cheannuigh an dream Galldha í chum an feall-bheart soin do dhéanamh. I stair na hÉireann go léir ní raibh rí ná flaith mar Art Mac Murchadha, do thug a shaoghal ó thúis go deireadh ag cur síos namhaid a thíre. Fear baoth le lagaibh, agus teann le teannaibh do b'eadh é; fear diadha, déirceamhail, carthanach; agus Éireannach fíor-uasal; fear do chuir suas mórán tighthe riaghalta ar fuid Chúige Laighean; fear cosanta a thíre ó mhasla na nGall. Agus cé gur dhuine dá shinsir do chas ar dtúis chum an oileán seo iad, do shaor sé siúd é ó'n masla soin le n-a chródhacht agus le n-a mhisneach, agus ó laethibh Airt ní raibh aon rí chomh misneamhail leis i gCúige Laighean. CRÍOCH.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services