Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Aiste ar an aimsir 'n-ar mhair Art Mac Murchadha Caomhánach.

Title
Aiste ar an aimsir 'n-ar mhair Art Mac Murchadha Caomhánach.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AISTE AR AN AIMSIR 'N-AR MHAIR
ART MAC MURCHADHA CAOMHÁNACH.



"AN CLEASUIDHE" do scríobh.
(Ar leanmhaint).



AN TRÍOMHADH ROINN.



Do chonncamair cheana go raibh dearbhtha
ag Art, agus ag maithibh Laighean, gan staonadh
do chogadh go bráth an fhaid do bheadh
cumhacht bagartach i bhfogus dóibh; acht
caithfimíd admhughadh go raibh na Sasannaigh
sár-ghlic agus fealltach, agus le cródhacht agus
ní le ceilg d'oibrigh Art. Chímíd 'san
mbliadhain 1395 gur thug na Gaill cuireadh
chum fleidhe d'Art go Caisleán Mágh
Nuadhat, agus gur tháinig Art, agus gan leis acht
an cruitire, óir níor imthigh sé riamh 'n-a
éaghmais seo - do bhíodh sé de shíor 'n-a
fhochair. Nuair do rángadar an caisleán,
do fearadh fáilte rómpa gan amhras. Is
beag do shíl sé go raibh an feall le himirt
air. Do dáileadh fleadh mhór do. Do bhí
gach sórd bídh agus dighe 'n-a láthair. Do bhí
gnúis mheidhreach ar gach aoinne. Anois, bí
mór-thrácht ar fheabhas chruitire Airt chum
ceóil do sheinnim, agus ba mhéin leó a chlos, agus
d'iarr an Rí air seinnim do'n chuideachtain.



D'éirigh an cruitire chum an chruit fhagháil,
agus, pé cuma gur thárlaidh dhó féachaint tríd
an bhfuinneóig amach, do chonnaic sé go raibh
an caisleán mór-thimcheall leathsmuigh fé
ghárda saighdiúirí armtha. Do thóg sé an
chruit 'n-a láimh, agus do sheinn suas an Rosc-
catha. Níor thuig an Rí cad ba bhun leis an
méid sin, mar is amhlaidh thug sé milleán
dó mar gheall ar nídh chomh neamh-oireamhneach
leis do dhéanamh. Annsoin do leig an
cruitire air atharrughad ceóil do sheinnim,
acht is amhlaidh sheinn sé an Rosg-catha níos
buirbe 'ná riamh. Láithreach do thuig Art
go raibh sé i gconntabhairt. Do shiubhail sé
go dtí an fhuinneóg, agus do chonnaic gach nídh
mar do bhí. D'atharruigh a dheilbh agus a scéimh.
Do tháinig misneach iongantach dhó. Do
lámhuigh sé a sciath agus a chlaidheamh. Do
tháinig an oiread soin scannradh ar lucht
na fleidhe a chaitheamh nár fhéadadar cosc
do chur leis, acht do liughadar ar na fear-
aibh armtha é ghabháil; acht le neart a lámh agus
a ghaisce d'imthigh sé uatha - é féin agus an
cruitire - gan bascsadh, gan deargadh airm;
agus, óir b'í seo an dara huair aca ag
tabhairt fé n-a ghabháil, do thug sé aire
mhaith dhó féin ortha as sin amach. Is dócha
gur bhrostuigh an nídh seo é chum éirligh ar na
Gaill. Do ghríosuigh sé na prionnsaí
Gaedhealacha eile, agus, do réir an tuairisc
atá le fagháil againn, is iomdha cath fuil-
teach do bhí eatortha 'san mbliadhain 1396,
agus is iomdha caisleán agus daingean láidir do
thóg na Gaedhil i gCúige Laighean.



Do bhí Ruaidhrí Mortimer trí bliadhna
'n-a cheann-raon ar na Gaill i nÉirinn an
uair seo, agus, ó chuaidh de Art Mac Mur-
chadha do ghabháil, do mheas sé cath do bhual-
adh leis. Ar an intinn sin, do bhaililgh sé
leis a mhór-shlóighte, agus do ghluais leis tríd
an tír go ráinig sé na Cealla i gConndae
Chill Chainnigh, é féin agus an Tighearna Ur-
mhumhan. Is cosmhail gur bh'amhlaidh do lean
Art agus a shlóighte é; acht go háirithe annso
is eadh d'ionnsaigh an dá shlógh a chéile, Lá
Fhéile Maighréad, sé sin an fichead lá de'n
mhí Iúl 'san mbliadhain 1398. D'ionnsaigh
an dá dhream a chéile ar bhruach glaise ar
a nglaodhtar Abhainn a' Ríogh. B'iad Art
agus Domhnall Ó Broinn bhí mar cheannphuirt
ar an arm Ghaedhealach. Bhí timcheall fiche
míle fear ar gach taobh, agus do bhí cath
fuilteach fada eatortha. Do thuit mórán


L. 343


fear ar gach taobh, agus, i measc na buidhne
Gallda, do thuit Ruaidhrí Mortimer féin i
mbláth na hóige, mar ní raibh sé an uair
seo acht ceithre bliadhna fichead, agus is chuige
do thuitfeadh coróin Shasanna dhá maireadh
sé chúichi. Do theith an bhuidheann Ghalldha
mar theithfeadh tréad chaorach de mhullach
sléibhe lá fuar geimhridh, agus níor staonadar
gur rángadar Baile Átha Cliath; agus is dócha
gur shuarach ar fhill thar n-ais díobh. Do
cuireadh teachtairí chum an Ríogh le haghaidh
an scéal brónach d'innsint dó.



Do bhí an oiread acharainn thall agus bhí i
bhfus; acht, mar sin féin, do thug an Rí
teidiol na hÉireann dá leas-dearbhráthair
Tomás, agus do bheartuigh teacht é féin seal
'n-a dhiaidh. Acht, faid do bhí na nidhthe seo
ar socrughadh, do bhí cumhacht Airt ag dul i
dtreise agch lá agus do bhí na Gaill beagnach
curtha ó réim aige.



Seo mar do sheasaimh an scéal 'san
mbliadhain 1399, nuair do tháinig Rí Shas-
anna an dara huair go hÉirinn. Go Cuan
Phortláirge do thángadar, an chéadh lá de
Mhetheamh an tSamhraidh 'san mbliadhan 1399.
Ba chlaoidhte ocrach an ball Portláirge an
t-am soin, i gcás nuair chonncadar áthraighe
an lóin do shiubhladar isteach tríd an uisce
ag lorg bídh. Níor fhan an Rí 'san áit seo
acht seachtmhain; acht do thug a aghaidh ar
Chill Chainnigh le n-a mhór-shlógh d'fhearaibh -
cheithre mhíle fichead laoch, agus tuilleadh chum
teacht 'n-a ndiaidh. D'fhan sé i gCill
Chainnigh, ag feitheamh leis an gcongnamh so,
go Lá Fhéile 'n Sheagháin; acht níor tháinig
an congnamh. Níor fhan an Rí níos sia, acht
thug aghaidh ar Cheatharlach. Do chuir fógra
chum Airt géilleadh dhó, acht b'é an freagra
thug Art air gur bh'é féin Rí ceart na
hÉireann agus go raibh sé ullamh chum seasamh
ar son a thíre go lá a bháis. Do bhí Art i
meadhon aoise an t-am so, agus bhí aige le n-a
bhean-chéile beirt mhac - Art, an t-oighre,
agus Donnchadh. Do bhíodar so 'n-a fhochair, agus,
maraon leó, trí mhíle laoch. Do bhí na mná
agus na beithidhigh agus na daoine aosta abhfad
isteach 'san tír, agus d'fhan sé fhéin 'n-a dhún-
bhrogh, ag feitheamh le Rígh Shasanna. B'fhada
an mhoill ar siúd triall air, oir bhí an áit
lán de choilltibh agus de phortachaibh, agus, do réir
mar thógadh sé aon bhlúire thailimh ó Rígh
Laighean, do chuireadh a mheirg féin 'n-a
seasamh ar an nuadh-thalamh so.



Do theith Art roimhe, ag breith leis gach
éin-nídh luachmhar de'n talamh, agus ag marbh-
ughadh na nGall nuair thagaidís 'n-a threó.
Ní raibh sé ar aigne troid leó, mar ní raibh
a shluagh líonmhar a dhóthain chuige sin. Do
ghéill Maoilsheachlainn Caomhánach do Rígh
Shasanna, agus do tugadh 'n-a láthair é, agus
ceannrach ar a mhuinéal, a shluagh 'n-a dhiaidh,
gan bróg, gan ceannbhart, ag teacht do
láthair an Ríogh ag éileamh maitheamhnais
air. Do fuaradar sain ar choinnghíoll go
ndearbhoghad gach fear aca bheith dílis dó féin
as soin suas. Annsoin do chuir teachtairí
arís go dtí Art, ag geallamhaint a shaoir-
seacht dó, acht teacht 'n-a láthair agus ceann-
rach air, mar bhí déanta ag Maoilsheachlain.



Dubhairt Art ná déanfadh soin ar
shaidhbhreas na mara, acht go seasomhadh
cómhrac leis. Do thiomáin an Rí leis, ag
tabhairt aghaidh ar Bhaile Átha Cliath, agus Art
de shíor ag creach-ghabháil na tíre roimhe; agus,
ó ná raibh lón ag Rígh Shasanna do na
capaill, do cailleadh go leór aca. Ní raibh
biadh aige do na fearaibh, agus do cailleadh go
leór aca so leis an ocras.



'San deireadh do thángadar i radharc na
mara i gConntae Chill Mhantáin, agus do
chonncadar a dó nó a trí d'árthaighe bídh do
seóladh as Baile Átha Cliath 'n-a gcóir. Bhí


L. 344


an oiread soin scannradh agus ampal ortha
chuige gur léimeadar isteach 'san uisce fé
dhéin na n-árthaighe, agus go mbídis ag bruigh-
eann le chéile mar gheall ar bhlúire aráin.
An lá 'n-a dhiaidh sin do ghluais sé air go
Baile Átha Cliath, acht ba ghearr do ghluais
nuair chonnaic sé chuige bráthair d'Ord
San Phroinnsias ag teacht le cuireadh chum
síothcána ó Art. B'áthasach a bhí an rí ar
chlos an méid sin dó, agus do chinneadar i
gcomhairle teachtaire do chur ar ais chum
Airt, le haghaidh síothchána agus caradais
do shnaidhmeadh leis. 'Sé an duine do
chuireadar uatha, Iarla Ghloucester, Dé
Spenser. D'imthigh sé leis - é féin agus maith-
shluagh maith fear - agus d'ionnsaigh sé féin agus
Art a chéile le hais an bhaile sin go
nglaoidhaid siad An tInbhear Mór air. D'éis
mion-scrúdughadh do dhéanamh ar gach gníomh
droich-bheartach, do theip ortha réiteach le
n-a chéile, agus do b'éigin do gach duine aca
filleadh thar n-ais ar a shlógh féin.



Do bhí an rí ag feitheamh go neamh-fhoidh-
neach le freagra Airt, agus, nuair chualaidh sé
ná raibh Art ar aigne géilleadh acht ar
choingheall a thalamh féin do beith aige go
síothchánta gan éan-chur isteach ag an Rígh
air, is dócha gur chuir sin fearg ar Rígh
Shasanna, agus do dhearbhaigh sé ar an láthair
sin ná fágfadh sé oileán na hÉireann go
bhfuigheadh sé Art faoi n-a smacht, beó nó
marbh. Do thug sé aghaidh ar Bhaile Átha
Cliath, ag gabháil dó tré Chill Mhantáin, agus
'sa' deireadh thiar thall do shroich sé Baile
Átha Cliath le n-a mhór-shlógh, deich míle
fichead fear; acht tá áirimhthe 'ná measg
so gach éinne do ghéill dó ar a shlighe. 'San
mbaile seo do bhí fleadh agus féasta 'n-a
gcóir, agus ba ghearr gur scaip a mbrón, do
bhí an saol chomh háluinn sin aca. Acht
fós ní raibh an Rí sásta, agus, da bhrigh sin, do
gheall sé duais - "céad marc de ghlan-ór"
- d'éinne do thabharfadh Art Mac Mur-
chadha chuige beó nó marbh. Annsoin do
rinne sé trí ranna dá fhearaibh, agus do chuir
amach iad ar fuid na gcoillte le haghaidh
Art do ghabháil; agus fós do dhearbhuigh Ris-
teárd ar theacht an fhóghmhair go gcuirfeadh
sé na coillte go léir tre theinidh chum go
bhfuigheadh sé Art ar ais nó ar éigin.



Acht do bhí buaidhirt go leór 'n-a chóir
féin, mar ba ghearr gur tháinig thuairisc
anall go raibh Hannraoi, mac an Diúic
Lancastar, d'éis éirighe amach i gcoinnibh
an Ríogh, agus mórán de mhaithibh agus de chléir
Shasanna iompuighthe leis. Ba scíosmhar an
tuairisc í seo do Risteárd. Láithreach
bonn do chuir sé roimis triall go Sasana,
agus d'fhág mar Fhear-ionaid 'n-a dhiaidh an
Ridire Seaghán Stanlaí. Ní'l gábhadh le
hinnsint cad é an t-ár do bhí idir an dá
bhuidhean i Sasanna, acht do chuireadh as
Ríoghacht Risteárd, agus fuair Hannraoi
ceannas Shasanna. Cogadh na Rósanna a
ghlaodhtar ar an gcogadh so. Cé gur
tháinig atharrughadh Uachtaráin i Sasanna,
níor chuir soin críoch ar acharann i nÉirinn,
agus nuair thagann Rí nua tagann dlighe nua,
agus sin mar dho thárlaidh 'san am úd.



Do chuir an Rí nua so a mhac féin,
Tomás, mar Fhear-ionaid go hÉirinn, agus
láithreach d'fhill sé thar n-ais, agus thug a oifig
d'fhear dár bh'ainm Scrúp. Is gearr gur
thug sé seo suas a theidiol do'n Tighearna
Urmhumhan; agus, ó bhí an tsean-ghráin aige sin
ar Art agus ar na triatha Gaedhealacha eile,
do bhí cath fuilteach eatortha an t-aonmhadh
lá déag de mhí Iúl 'san mbliadhain 1404,
le hais Brí, i gConntae Chill Mhantáin. Do
chaill na Gaedhil timcheall chúig céad fear,
acht fós is dóibh áirimhthear an buadh. Ní'l
cur síos ar an méid do chaill na Gaill.


L. 345


Do cailleadh Urmhumhan 'san mbliadhain
1405, agus do toghadh 'n-a ionad Scrúp arís.
Áirimhtear gur fear glic ciallmhar é seo,
agus gur mheall sé mórán do na hÉireannaig
chum a bhrataigh féin i n-aghaidh Mhac Mur-
chadha, agus go raibh cath idir Ghaedhil agus Gaill i
gConntae Chill Dara le hais Challain, agus
áirimhtear go raibh an buadh leis na Gaedhil
i dtúis an lae, acht gur tháinig cabhair chum
na nGall, agus gur cuireadh an ruathar ar
Ghaedhealaibh.



I réim an Ríogh so 'sé an chéad chath eile
do bhí eatorra, cath Chill Lúcáin i nIar-
Mhidhe, agus ba bhuadh iongantach d'Art an
cath so. Do tháinig an Cúigmheadh Hannraoi
i Ríogacht Shasanna 'san mbliadhain 1413,
agus do choimeád sé an spréidh ar lasadh ar
fuid na hÉireann.



Áirimhtear go raibh cath eile idir Ghaedhil
agus Gaill i gCill Chainnigh, agus, ó bhí Art aosta
'san am so, is é a mhac Art Óg do chuir sé
dá smachtughadh; agus deirtear gur thóg sé
mórán de sna Gallaibh 'n-a bpríosúnaigh.
Acht ins an mbliadhain céadna do cailleadh
an prionnsa óg, agus ba chumhadh mór le n-a
athair a bhás. Ins an mbliadhain 1415 do
fuair an Tighearna Talbóid ceannus i
n-áitreabh na nGall i nÉirinn, agus timcheall
an ama so is iomdha bruighean garg do bhí
idir na Gaill féin. Is siad Gaill Locha
Gharmain is mó do sheasaimh le chéile i
n-aghaidh na nGaedheal, acht ní raibh sé i


L. 346


ndán dóibh laoch chomh tréan le hArt Mac
Murchadha do chur fé n-a smacht. Ag
smaoineamh go raibh Rí Art fé chumhadh i
ndiaidh a mhic, agus gur bh'shin í uair na foghla
dhóibh féin, d'éirigheadar amach go láidir
'n-a choinnibh. Acht do chuaidh an sean-laoch
i bhfíor-cheann a mhór-shlóighte féin dá
n-ionnsaighe, agus d'imir ár agus ruathar ortha.
Do mhill agus do ghaibh dhá chéad go leith aca,
acht do rinneadar síothcháin leis lá ar n-a
bháireach. Tar éis an chogaidh so do thug
Art agus a mhac Donnchadh agus a ollamh nó a
fhear teagaisc, sé sin Ua Dobharaín, a
n-aghaidh ar Ros Mhic Triúin, leis an
Nodlaig do dhéanamh ann.



Acht mo léan géar, do bhí a namhaid 'n-a
chomhfhogus, agus léighimíd an scéal doil-
gheasach gur marbhuigheadh le nimh Art Mac
Murchadha agus a fhear teagaisc, ar an dara
lá de'n bhliadhain 1417, nó do réir Annála
an Cheathrair Ollamh, ar an seachtmhadh lá
de'n bhliadhan 1417. Deirtear gur bhean
friothála do thug an nimh dóibh, agus gur
bh'amhlaidh bhreab nó cheannuigh an dream
Galldha í chum an feall-bheart soin do
dhéanamh.



I stair na hÉireann go léir ní raibh rí ná
flaith mar Art Mac Murchadha, do thug a
shaoghal ó thúis go deireadh ag cur síos
namhaid a thíre. Fear baoth le lagaibh, agus
teann le teannaibh do b'eadh é; fear diadha,
déirceamhail, carthanach; agus Éireannach
fíor-uasal; fear do chuir suas mórán tighthe
riaghalta ar fuid Chúige Laighean; fear
cosanta a thíre ó mhasla na nGall. Agus
cé gur dhuine dá shinsir do chas ar dtúis
chum an oileán seo iad, do shaor sé siúd é
ó'n masla soin le n-a chródhacht agus le
n-a mhisneach, agus ó laethibh Airt ní raibh
aon rí chomh misneamhail leis i gCúige
Laighean.



CRÍOCH.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services