Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Fear Éada agus an Seoltóir Dubh.
Title
An Fear Éada agus an Seoltóir Dubh.
Author(s)
Mac an Ultaigh, Seaghán,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN FEAR ÉADA AGUS AN SEÓLTÓIR DUBH. Bhí fear ann aon uair amháin roinn mhaith bliadhna ó shoin agus bhí bean chéile dheas ar fad amach aige agus shíl sé na raibh a léitheid ins an domhan mór. Níor mhaith leis duine ar bith acht an té mholfadh a bhean agus mheas sé gur badh cóir do achan nduine í do mheasughadh. Bhí sé ar an dóigh seo tamall maith go dtí ar a' deireadh gur shíl sé go raibh barraidheacht do na fir ag éirighe an-mhór léithi agus d'éirigh éad beag i n-a chroidhe aige acht gan dadaí leigint air féin do n-a bhean. Ní raibh dóigh ar bith aige le fhagháil réidhte do'n bhuaidhreamh seo, acht é chonghbháil ó eólas achan nduine eile. Ar a' deireadh rinne sé suas a intinn leis an áit d'fhagáil ar fad go ceann tamaill. D'imthigh sé lá amháin gan dadaí do leigint air féin go dtí áit a raibh eólas aige go raibh teach le fagháil ar chíos míosa agus ghlac sé an teach ar feadh ráithche. Ba bhaile beag, ag cois na fairrge é, agus áit an-deas ar fad do bhí ann. Thiocfadh luingeas isteach corr- uair le lastaí guail ó Shacsan no áit in- teacht (iongantach) eile tar lear. Chuaidh sé féin agus a bhean chaomh mhodhamhail i n-a gcomhnuidhe go dtí an teach breagh seo, agus bhí siad go suaimhneach sásta ar feadh tamaill ghiorr go bhfuair na comhursain aithne ortha. Choimhéad seisean go maith gan í leigint amach léithi féin go mbeadh sé cois le cois léithi ar eagal go mbeadh duine ar bith ag cainnt léithi. Chuaidh siad achan Domhnach go dtí an teampull agus ar ais le n-a chéile gan duine ar bith ag siubhal leó acht iad féin araon; agus gan labhairt le duine ar bith. Acht an chéad Domhnach bhí siad ag teach- phobal thug an Ministear fá ndeara an bhean áluinn seo ag dul tré an teampull agus cha raibh aithne aige cia í. Chuir sé ceist ar dhaoine anois agus aríst go bhfuair sé amach cia í, agus an áit a raibh sí i n-a comhnuidhe. Thug sé céilidhe dhóibh mar ba chóir dhó sin do dhéanamh agus ba mhór leis, an bhean deas seo. Thug a fear faoi ndeara é seo agus bhí sé ag déanamh a dhicheall gan leigint dó dul ar aghaidh. Acht tháinic sé arís agus arís, agus cha dtiocfadh leis é chongbháil ar siubhal, mar nachar mhaith leis fios do thabhairt do n-a bhean shéimh go raibh fearg air mar bhí sí an-mhaith dó féin; acht is leis an chléireach óg bhí an t-olcas aige. Ba bhrathach le cléireach óg eile theacht leis corr-uair mar bhí an bheirt ins an aon pharoiste amháin. Ar a' deireadh d'éirigh an oiread sin éada, agus mioscais aige ar an fhear seo go rinne sé suas a intinn é mharbhadh an dara uair thiocfadh sé fa dtaobh do'n teach. Chuir sé faobhar ar chlaidheamh nó sleagh do bhí aige leis an ghraithche (gnó) dhéanamh agus ag smuaineadh cian an dóigh ab fhearr dó é dhéanamh i gan fhios do achan nduine agus go háirithe a bhean chéile chaomh. Bhí an bheirt seo ag dul ar shiubhal ó'n áit le tamall soghchais nó pléisiúir do ghlacaint dóibh féin agus tháinic siad le slán fhágáil ag an fhear seo agus an bhean deis mhaiseach do bhí aige. Smuaintigh an fear seo gur mhaith an t-am é seo le déanamh ar siubhal leó mar ná mbeadh mórán soinnreamh ortha go mbeadh an t-am sin caithte, agus go mb'éidir go mbeadh achan nídh socair aige roimhe sin. Nuar do bhí siad ag imtheacht an oidhche sin ó'n teach thug se síos go dtí seiléir faoi tha- lamh iad le rud inteacht do thaispeánt dóibh, má b'fhíor dó agus nuair a fuair sé
iad istigh ins an áit uaigneach dhorcha seo dhruid sé amach an doras, agus sul a raibh am aca le amharc fá dtaobh dhíobh tharraing sé amach an sleagh agus mharbhuigh sé an bheirt. D'fhág sé annsoin iad agus d'imthigh i n-a luighe. D'éirigh sé lá thar n-a bhárach agus bhí imnidhe mór air le iad d'fhagháil réidhte ó'n tigh i gan fhios mar bhí eagla air go mbréitheadh (mbéarfadh) an dligheadh air. Bhí sé amuigh ag siubhal feadh an chéidh an lá sin agus bhí long istigh le gual agus thainic (chonnaic) sé na seóltóirí ag teacht amach ar an chéadh, agus fear dubh eatortha; fear mór furunta láidir a bhí ann. Cuaidh sé ar bórd agus cuireadh an fear dubh seo leis tré an loing. Thoisigh sé ag caint go haoibhneach leis an fhear mór dubh seo, agus thug coróin dó, agus d'éirigh mar a' gceart leis má b'fhíor dó. Tug sé suas 'n-a bhaile é agus thug a sháith biotáille le ól dó. Ar a' deireadh, dubhairt sé leis go raibh nídh beag aige le déanamh agus go ndíolfadh sé go maith an fear do dhéanfadh an obair i gan fhios. Dubhairt an fear dubh go ndéan- fadh sé féin é leis an airgead do chosnadh. Dubhairt sé leis annsoin teacht fá mheadhon oidhche agus go mbeadh sé ag fuireacht leis ar an tsráid. Tháinic an fear dubh, mar a gheall, fá tuairim meadhon oidhche, agus thug sé tuilleadh le ól dó agus thug isteach na shéiléir annsoin é. Do thaispeán an obar dó, acht gan ar amharc, acht aon fhear amháin agus cha deachaidh sé ar deireadh le n-a dhéanamh. Dubhairt sé go gcaithfeadh an fear dubh é thabhairt leis agus é chaitheamh amach ins an taoide chomh fada is thiocfadh leis; agus annsoin teacht arís fa dhéin a chuid pháighe. Nuair d'imthigh an fear dubh, agus an fear marbh leis, tharraing seisean an fear eile amach ar amharc, agus d'fhan go dtioc- fadh an fear dubh arís. Nuar tháinig, dubh- airt sé leis go raibh an duine marbh annso roimhe mar nachar chaith sé amach fada go leór é. Thug sé an dara fear leis annsoin agus chaith sé amach é trí uaire níos bhfuide agus tharraing ar an teach fá dhéin a chuid pháighe. Acht nuar do bhí sé ag teacht arís, bhí fear eile ag siubhal ar an taobh eile do'n tsráid agus bhí culaidh dubh ar, agus shíl sé gur bh'é an fear céadna ag dul ar ais arís. Léim sé anonn ag glaodhach amach. "Ní'l tú chomh gasta an iarraidh seo agus cuirfidh mise trí uair déag níos bhfuide amach thu a dóigh ná dtigh tú arís go bráth." Bheir sé ar an fhear seo, agus thug bualadh ceart dó agus rinne mar dubhairt sé agus tháinic arís. Fuair sé a chuid pháighe; chuaidh ar bórd agus d'imthigh leis ag siubhal ar uisce. SEAGHÁN MAC AN ULTAIGH.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services