Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Fear Éada agus an Seoltóir Dubh.

Title
An Fear Éada agus an Seoltóir Dubh.
Author(s)
Mac an Ultaigh, Seaghán,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AN FEAR ÉADA AGUS AN SEÓLTÓIR
DUBH.



Bhí fear ann aon uair amháin roinn mhaith
bliadhna ó shoin agus bhí bean chéile dheas ar
fad amach aige agus shíl sé na raibh a
léitheid ins an domhan mór. Níor mhaith
leis duine ar bith acht an té mholfadh a bhean
agus mheas sé gur badh cóir do achan nduine
í do mheasughadh. Bhí sé ar an dóigh seo
tamall maith go dtí ar a' deireadh gur shíl
sé go raibh barraidheacht do na fir ag
éirighe an-mhór léithi agus d'éirigh éad beag
i n-a chroidhe aige acht gan dadaí leigint air
féin do n-a bhean.



Ní raibh dóigh ar bith aige le fhagháil réidhte
do'n bhuaidhreamh seo, acht é chonghbháil ó
eólas achan nduine eile. Ar a' deireadh
rinne sé suas a intinn leis an áit d'fhagáil
ar fad go ceann tamaill. D'imthigh sé lá
amháin gan dadaí do leigint air féin go
dtí áit a raibh eólas aige go raibh teach le
fagháil ar chíos míosa agus ghlac sé an teach
ar feadh ráithche. Ba bhaile beag, ag cois
na fairrge é, agus áit an-deas ar fad do
bhí ann. Thiocfadh luingeas isteach corr-
uair le lastaí guail ó Shacsan no áit in-
teacht (iongantach) eile tar lear. Chuaidh
sé féin agus a bhean chaomh mhodhamhail i n-a
gcomhnuidhe go dtí an teach breagh seo,
agus bhí siad go suaimhneach sásta ar feadh
tamaill ghiorr go bhfuair na comhursain
aithne ortha. Choimhéad seisean go maith gan
í leigint amach léithi féin go mbeadh sé cois
le cois léithi ar eagal go mbeadh duine ar
bith ag cainnt léithi. Chuaidh siad achan
Domhnach go dtí an teampull agus ar ais
le n-a chéile gan duine ar bith ag siubhal leó
acht iad féin araon; agus gan labhairt le
duine ar bith.



Acht an chéad Domhnach bhí siad ag teach-
phobal thug an Ministear fá ndeara an
bhean áluinn seo ag dul tré an teampull
agus cha raibh aithne aige cia í. Chuir sé
ceist ar dhaoine anois agus aríst go bhfuair
sé amach cia í, agus an áit a raibh sí i n-a
comhnuidhe. Thug sé céilidhe dhóibh mar ba
chóir dhó sin do dhéanamh agus ba mhór leis,
an bhean deas seo. Thug a fear faoi ndeara
é seo agus bhí sé ag déanamh a dhicheall gan
leigint dó dul ar aghaidh. Acht tháinic sé
arís agus arís, agus cha dtiocfadh leis é
chongbháil ar siubhal, mar nachar mhaith leis
fios do thabhairt do n-a bhean shéimh go raibh
fearg air mar bhí sí an-mhaith dó féin; acht is
leis an chléireach óg bhí an t-olcas aige.
Ba bhrathach le cléireach óg eile theacht leis
corr-uair mar bhí an bheirt ins an aon
pharoiste amháin.



Ar a' deireadh d'éirigh an oiread sin
éada, agus mioscais aige ar an fhear seo
go rinne sé suas a intinn é mharbhadh an
dara uair thiocfadh sé fa dtaobh do'n teach.



Chuir sé faobhar ar chlaidheamh nó sleagh
do bhí aige leis an ghraithche (gnó) dhéanamh agus
ag smuaineadh cian an dóigh ab fhearr dó é
dhéanamh i gan fhios do achan nduine agus go
háirithe a bhean chéile chaomh. Bhí an bheirt
seo ag dul ar shiubhal ó'n áit le tamall
soghchais nó pléisiúir do ghlacaint dóibh féin
agus tháinic siad le slán fhágáil ag an fhear
seo agus an bhean deis mhaiseach do bhí aige.



Smuaintigh an fear seo gur mhaith an
t-am é seo le déanamh ar siubhal leó mar ná
mbeadh mórán soinnreamh ortha go mbeadh
an t-am sin caithte, agus go mb'éidir go
mbeadh achan nídh socair aige roimhe sin.
Nuar do bhí siad ag imtheacht an oidhche sin
ó'n teach thug se síos go dtí seiléir faoi tha-
lamh iad le rud inteacht do thaispeánt
dóibh, má b'fhíor dó agus nuair a fuair sé


L. 338


iad istigh ins an áit uaigneach dhorcha seo
dhruid sé amach an doras, agus sul a raibh
am aca le amharc fá dtaobh dhíobh tharraing
sé amach an sleagh agus mharbhuigh sé
an bheirt. D'fhág sé annsoin iad agus
d'imthigh i n-a luighe. D'éirigh sé lá thar n-a
bhárach agus bhí imnidhe mór air le iad
d'fhagháil réidhte ó'n tigh i gan fhios mar bhí
eagla air go mbréitheadh (mbéarfadh) an
dligheadh air.



Bhí sé amuigh ag siubhal feadh an chéidh an
lá sin agus bhí long istigh le gual agus
thainic (chonnaic) sé na seóltóirí ag teacht
amach ar an chéadh, agus fear dubh eatortha;
fear mór furunta láidir a bhí ann. Cuaidh
sé ar bórd agus cuireadh an fear dubh seo
leis tré an loing. Thoisigh sé ag caint go
haoibhneach leis an fhear mór dubh seo, agus
thug coróin dó, agus d'éirigh mar a' gceart
leis má b'fhíor dó. Tug sé suas 'n-a bhaile
é agus thug a sháith biotáille le ól dó. Ar
a' deireadh, dubhairt sé leis go raibh nídh
beag aige le déanamh agus go ndíolfadh sé
go maith an fear do dhéanfadh an obair i
gan fhios. Dubhairt an fear dubh go ndéan-
fadh sé féin é leis an airgead do chosnadh.
Dubhairt sé leis annsoin teacht fá mheadhon
oidhche agus go mbeadh sé ag fuireacht leis
ar an tsráid. Tháinic an fear dubh, mar a
gheall, fá tuairim meadhon oidhche, agus thug
sé tuilleadh le ól dó agus thug isteach na
shéiléir annsoin é. Do thaispeán an obar
dó, acht gan ar amharc, acht aon fhear amháin
agus cha deachaidh sé ar deireadh le n-a
dhéanamh. Dubhairt sé go gcaithfeadh an
fear dubh é thabhairt leis agus é chaitheamh
amach ins an taoide chomh fada is thiocfadh
leis; agus annsoin teacht arís fa dhéin a
chuid pháighe.



Nuair d'imthigh an fear dubh, agus an
fear marbh leis, tharraing seisean an fear
eile amach ar amharc, agus d'fhan go dtioc-
fadh an fear dubh arís. Nuar tháinig, dubh-
airt sé leis go raibh an duine marbh annso
roimhe mar nachar chaith sé amach fada go
leór é. Thug sé an dara fear leis annsoin
agus chaith sé amach é trí uaire níos bhfuide
agus tharraing ar an teach fá dhéin a chuid
pháighe. Acht nuar do bhí sé ag teacht arís,
bhí fear eile ag siubhal ar an taobh eile do'n
tsráid agus bhí culaidh dubh ar, agus shíl sé
gur bh'é an fear céadna ag dul ar ais arís.
Léim sé anonn ag glaodhach amach. "Ní'l
tú chomh gasta an iarraidh seo agus cuirfidh
mise trí uair déag níos bhfuide amach thu a
dóigh ná dtigh tú arís go bráth." Bheir sé
ar an fhear seo, agus thug bualadh ceart
dó agus rinne mar dubhairt sé agus tháinic arís.
Fuair sé a chuid pháighe; chuaidh ar bórd agus
d'imthigh leis ag siubhal ar uisce.



SEAGHÁN MAC AN ULTAIGH.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services