Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An teanga agus an Croiméal
Title
An teanga agus an Croiméal
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Bealtaine 20, 1899 An teanga agus an Croiméal Bhí sagart agus ministéir i bparáiste Cuma Cá hÁit fad ó, agus bhíodar go han-mhuinnteardha le chéile. Aon mhaidin Domhnaigh amháin bhí an sagart ag déanamh ar an tigh phobail, agus cia casfaidhe sa tslighidh air acht an minis- téir agus é ag dul chum a theampuill féin. D'aithin an sagart ar an ministéir go raibh rud éigin ag luighe ar a aigneadh. "A chuisle mo chroidhe, caidé an ghruaim sin ort?" ars' an sagart. "Tá seanmóir do sgríobh mé aréir," ars' an ministéir, " agus chuir an cailín sa teinidh í ar maidin, agus ní fios dom ar thalamh an domhain cá bhfuighidh mé seanmóir do'n phobal indiu." "Muna bhfuil ort acht an méid sin," ars' an sagart, "ní'l an cás go ró-dhona. Tabhair bualadh maith dhom-sa, agus geallaim dhuit go mbeidh an pobal go sar-bhuidheach dhíot." Rinne an ministéir amhlaidh, agus b'é baramhail an phobail gur bh'í sin seanmóir do b'fhearr dá gcualadar riamh." Nach é dálta an mhinistéara againn-ne go minic. Leigimíd d'ár gcuid féin dul i mugha tré fáillighe, agus ní fuláir linn annsoin cúiteamh do bhaint as an bhfear thall. Do leigeamar d'ár dteangaidh féin dul i bhfóid, an seód do b'uaisle agus ba luachmhaire dá raibh againn, agus gabhmaid ár leithsgéal le chéile - muna mbeadh so agus muna mbeadh súd - acht os chionn soin ar fad, is gnáthach linn an milleán do chur ar an Sasanach. Nach minic do chluinimíd trácht ar na dlighthibh cruadha do rinneadh i n-aghaidh na Gaedhilge sa tsean-aimsir? Is fá'n aimsir chéadna soin, má's fíor dom, do rinneadh dligheadh i n-aghaidh na gcroiméal - nó na mustaches, má's breágh leat - do bhíodh ag fás ar bhéal gach Gaedhil fad ó, sul ar leathadh an nós ar fud an domhain. Dá mbeadh Gaedhilg ar theangaidh gach duine ag a bhfuil croiméal ar iomchar os cionn a bhéil i nÉirinn san am so, ní bheadh trácht ar aindlighthibh Sasanach i n-aghaidh na Gae- dhilge acht chomh beag agus tá trácht ar dligheadh na gcroi- méal. Agus dá dtiubhradh cuid de na fearaibh óga an oiread aire dá dteangaidh dhúthchais agus bheir siad do'n chroiméal, ní abraim ná go mbeadh an oiread tairbhe d'á bhárr acu, agus ní bheidís an oiread bliadhan ag feitheamh leis an tairbhe, freisin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services