Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An teanga agus an Croiméal

Title
An teanga agus an Croiméal
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Bealtaine 20, 1899



An teanga agus an Croiméal



Bhí sagart agus ministéir i bparáiste Cuma Cá hÁit
fad ó, agus bhíodar go han-mhuinnteardha le chéile. Aon
mhaidin Domhnaigh amháin bhí an sagart ag déanamh ar an
tigh phobail, agus cia casfaidhe sa tslighidh air acht an minis-
téir agus é ag dul chum a theampuill féin. D'aithin an
sagart ar an ministéir go raibh rud éigin ag luighe ar
a aigneadh. "A chuisle mo chroidhe, caidé an ghruaim
sin ort?" ars' an sagart. "Tá seanmóir do sgríobh
mé aréir," ars' an ministéir, " agus chuir an cailín sa teinidh
í ar maidin, agus ní fios dom ar thalamh an domhain cá
bhfuighidh mé seanmóir do'n phobal indiu." "Muna
bhfuil ort acht an méid sin," ars' an sagart, "ní'l an
cás go ró-dhona. Tabhair bualadh maith dhom-sa, agus
geallaim dhuit go mbeidh an pobal go sar-bhuidheach dhíot."
Rinne an ministéir amhlaidh, agus b'é baramhail an phobail
gur bh'í sin seanmóir do b'fhearr dá gcualadar riamh."



Nach é dálta an mhinistéara againn-ne go minic.
Leigimíd d'ár gcuid féin dul i mugha tré fáillighe, agus
ní fuláir linn annsoin cúiteamh do bhaint as an bhfear
thall. Do leigeamar d'ár dteangaidh féin dul i bhfóid,
an seód do b'uaisle agus ba luachmhaire dá raibh againn,
agus gabhmaid ár leithsgéal le chéile - muna mbeadh so agus
muna mbeadh súd - acht os chionn soin ar fad, is
gnáthach linn an milleán do chur ar an Sasanach. Nach
minic do chluinimíd trácht ar na dlighthibh cruadha do
rinneadh i n-aghaidh na Gaedhilge sa tsean-aimsir? Is
fá'n aimsir chéadna soin, má's fíor dom, do rinneadh
dligheadh i n-aghaidh na gcroiméal - nó na mustaches, má's
breágh leat - do bhíodh ag fás ar bhéal gach Gaedhil fad ó,
sul ar leathadh an nós ar fud an domhain. Dá mbeadh
Gaedhilg ar theangaidh gach duine ag a bhfuil croiméal
ar iomchar os cionn a bhéil i nÉirinn san am so, ní
bheadh trácht ar aindlighthibh Sasanach i n-aghaidh na Gae-
dhilge acht chomh beag agus tá trácht ar dligheadh na gcroi-
méal. Agus dá dtiubhradh cuid de na fearaibh óga an
oiread aire dá dteangaidh dhúthchais agus bheir siad do'n
chroiméal, ní abraim ná go mbeadh an oiread tairbhe
d'á bhárr acu, agus ní bheidís an oiread bliadhan ag feitheamh
leis an tairbhe, freisin.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services