Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Láimh-scríbhinne.
Title
Láimh-scríbhinne.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
LÁIMH-SCRÍBHINNE. I. An lá faoi dheireadh fuaras láimh-scríbhinn ó Pheadar Ó hAnnracháin, Timthire Chonntae an Chláir. Táim gá chur romham annso cur síos do dhéanamh uirthi agus áireamh ar a bhfuil innti. Táim deimhin- itheach go bhfuil mór-chuid dá shaghas ar fuid na tíre, agus i n-indeóin a bhfuil dá dhéanamh ag Coiste an Oireachtais 'n-a leith, is baoghlach gur beag an meas atá ag daoinibh ortha agus ná tugtar aire mhaith dhóibh. Ar an ádhbhar soin, badh mhaith an rud é clár-áirimh do dhéanamh ar an méid díobh go bhfagham breith ortha agus éan-rudaí ná beadh coitcheann nó ná beadh fagháil i leabhar cheana ortha do chur i gcló. Láimh-scríbhinn bheag is eadh í seo. Ní'l ann ar fad acht cheithre leathanaigh is dá fhichid, ná ní'l éan-áireamh thíos ortha. Páipéar an earra atá ann. Tá ocht leathanaigh i dtosach an leabhairín beagán stractha acht níor loiteadh puinn de'n scríbhneóireacht. Tá faid agus leithead gach leathanaigh díreach mar atáid i nAmhráin Eoghain Ruaidh nó Thaidhg Ghaedhealaigh. Ní'l éan-chlúdach ar an leabhairín agus is mór an truagh soin. Tá tuinnte bheag de shnáith dhubh sáithte tré 'n-a lár dá cheangal le chéile. Ní'l focal scríobhtha ar an dá leathanach deiridh agus deallruigheann sé ná fuil ann acht tosach leabhair éigin, acht gur stad an scríbh- neóir ar leathanach a 42. I gConntae an Chláir do dheineadh é scríobhadh. Seaghán Ó Briain, ainm an scríbhneóra, agus tá 1826 mar dháta thíos aige i n-áit amháin ann. Déanfaidh mé áireamh anois ar a bhfuil ann. I. "Maidin fhliuch cois scairte amuigh"; An Man- gaire Súgach cct. Leathanaigh a haon, a dó 's a trí. Ní chuirfar an t-amhrán so choidhche i gcló chionn é bheith buille beag barbartha, dálta mórán dár scríobh an Mangaire súgach. Tá sé ceathramhna ann, agus curfá ar thrí nósaibh. Tá an cheathramha so thíos ag bun an tríomhadh leathanaigh: "Duine gan stór ní mór a charaid san tsaoghal, Duine gan stór ní'l comfhogus aige ná gaol, Duine gan stór a ghlór ní meastar i gcéill, 'S a dhuine gan stór dom' dhóich is aindeis do chéim." II. "Is fada mílte dá gcartadh síos agus suas ar fán," amhrán ar an bhfonn "Caitlín Ní Uallacháin" Uilliam Ó hAnnracháin, file ó Chonntae an Chláir do cheap é. Tá chúig ceathramhna ann. (Ní críoch.) Ní'l iseal ná uasal ná bíonn síos seal is suas seal.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services