LÁIMH-SCRÍBHINNE.
I.
An lá faoi dheireadh fuaras láimh-scríbhinn ó
Pheadar Ó hAnnracháin, Timthire Chonntae an Chláir.
Táim gá chur romham annso cur síos do dhéanamh
uirthi agus áireamh ar a bhfuil innti.  Táim deimhin-
itheach go bhfuil mór-chuid dá shaghas ar fuid na tíre,
agus i n-indeóin a bhfuil dá dhéanamh ag Coiste an
Oireachtais 'n-a leith, is baoghlach gur beag an meas
atá ag daoinibh ortha agus ná tugtar aire mhaith dhóibh.
Ar an ádhbhar soin, badh mhaith an rud é clár-áirimh do
dhéanamh ar an méid díobh go bhfagham breith ortha agus
éan-rudaí ná beadh coitcheann nó ná beadh fagháil i
leabhar cheana ortha do chur i gcló.
Láimh-scríbhinn bheag is eadh í seo.  Ní'l ann ar fad
acht cheithre leathanaigh is dá fhichid, ná ní'l éan-áireamh
thíos ortha.  Páipéar an earra atá ann.  Tá ocht
leathanaigh i dtosach an leabhairín beagán stractha
acht níor loiteadh puinn de'n scríbhneóireacht.  Tá
faid agus leithead gach leathanaigh díreach mar atáid
i nAmhráin Eoghain Ruaidh nó Thaidhg Ghaedhealaigh.  Ní'l
éan-chlúdach ar an leabhairín agus is mór an truagh
soin.  Tá tuinnte bheag de shnáith dhubh sáithte tré 'n-a
lár dá cheangal le chéile.  Ní'l focal scríobhtha ar an
dá leathanach deiridh agus deallruigheann sé ná fuil
ann acht tosach leabhair éigin, acht gur stad an scríbh-
neóir ar leathanach a 42.  I gConntae an Chláir do
dheineadh é scríobhadh.  Seaghán Ó Briain, ainm an
scríbhneóra, agus tá 1826 mar dháta thíos aige i n-áit
amháin ann.
Déanfaidh mé áireamh anois ar a bhfuil ann.
I. "Maidin fhliuch cois scairte amuigh"; An Man-
gaire Súgach cct.  Leathanaigh a haon, a dó 's a trí.
Ní chuirfar an t-amhrán so choidhche i gcló chionn é bheith
buille beag barbartha, dálta mórán dár scríobh an
Mangaire súgach.  Tá sé ceathramhna ann, agus curfá
ar thrí nósaibh.  Tá an cheathramha so thíos ag bun an
tríomhadh leathanaigh:
"Duine gan stór ní mór a charaid san tsaoghal,
Duine gan stór ní'l comfhogus aige ná gaol,
Duine gan stór a ghlór ní meastar i gcéill,
'S a dhuine gan stór dom' dhóich is aindeis do chéim."
II. "Is fada mílte dá gcartadh síos agus suas ar
fán," amhrán ar an bhfonn "Caitlín Ní Uallacháin"
Uilliam Ó hAnnracháin, file ó Chonntae an Chláir do
cheap é.  Tá chúig ceathramhna ann. 
(Ní críoch.)
Ní'l iseal ná uasal ná bíonn síos seal is suas
seal.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11