Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Greann Eóghain Ruaidh.
Title
Greann Eóghain Ruaidh.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
GREANN EÓGHAIN RUAIDH. Bhí Eóghan ag taisteal na tíre mar ba ghnáthach leis lá. Um thráthnóna bhuail sé isteach i dtigh chluthmhar mar a raibh bean an tighe an-ghnóthach istigh roimis. Bhí ocras buile ar an bhfear bocht agus b'é a dhóthain iarraidh uirthe rud éigin le n-ithe. Cheap bean an tighe gur cheart do dhuine de'n lucht siubhail bheith istigh d'fhagháil gan bac le biadh. D'imthigh sí agus thaispeáin sí d'Eóghan an cúinne, na raibh sé an oidhche do chur thairis. Chaith Eoghan é féin ar an leabaidh i gcruadhchás acht níor bh'fhada gur airigh sé ciscéim capaill agus cé bhí ann acht fear an tighe agus é ag teacht ó'n aonach. Bun Mhacan do b'ainm do'n bhaile. Tháinig fear an tighe isteach agus d'fhiafruigh sé dá mhnaoi cé an stróinséar bhí aici agus 'san am chéadna dhruid dé anonn chun Eóghain. Ní raibh d'am aige ceist do chur ar an bhfile 'nuair scaoil Eóghan chuige: - Bun Mhacan na gcloch ruadh, Is ann is cruaidhe atáid na mná; Má's i mbolg duine tá an suan Ní dual domh-sa codladh sámh. Bhí a shios ag an bhfeirmeóir ansoin cia bhí aige agus thuig sé cad a bhí air. "Éirigh, a Eóghain ar seisean "agus ith do dhóthain im' theannta." DIARMAID. Uair eile bhí rud beag déanta as an slighe ag Eóghan. Bhí súil aige go ndéanfadh an sagart foth- rom mór mar gheall air an Domhnach bhí chuige agus níor theip air bheith láithreach. Nuair tháinig am na seanmóine bhí cluas ar gach éinne. D'iompuigh an sagart timcheall agus "'bhfuil Eóghan Ua Súilleabháin annso" ar seisean i n-árd-ghuth feargach. Níor tugadh freagra air. "An bhfuil Eóghan Ua Súil- leabháin annso" ar seisean an t-ath-uair. Níor tugadh freagra air. "An bhfuil Eóghan Ruadh annso" ar seisean fé dheireadh; "Táim" arsa Eóghan "agus nár fheicir-se an Dathadóir." Do scairt ar an bpobul go léir agus b'éigin do'n tsagart iompódh isteach gan a thuilleadh a rádh. DIARMAID.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services