GREANN EÓGHAIN RUAIDH.
Bhí Eóghan ag taisteal na tíre mar ba ghnáthach
leis lá. Um thráthnóna bhuail sé isteach i dtigh
chluthmhar mar a raibh bean an tighe an-ghnóthach istigh
roimis. Bhí ocras buile ar an bhfear bocht agus b'é a
dhóthain iarraidh uirthe rud éigin le n-ithe. Cheap bean
an tighe gur cheart do dhuine de'n lucht siubhail
bheith istigh d'fhagháil gan bac le biadh. D'imthigh sí
agus thaispeáin sí d'Eóghan an cúinne, na raibh sé an
oidhche do chur thairis. Chaith Eoghan é féin ar an
leabaidh i gcruadhchás acht níor bh'fhada gur airigh sé
ciscéim capaill agus cé bhí ann acht fear an tighe agus é ag
teacht ó'n aonach. Bun Mhacan do b'ainm do'n bhaile.
Tháinig fear an tighe isteach agus d'fhiafruigh sé dá
mhnaoi cé an stróinséar bhí aici agus 'san am chéadna
dhruid dé anonn chun Eóghain. Ní raibh d'am aige
ceist do chur ar an bhfile 'nuair scaoil Eóghan
chuige: -
Bun Mhacan na gcloch ruadh,
Is ann is cruaidhe atáid na mná;
Má's i mbolg duine tá an suan
Ní dual domh-sa codladh sámh.
Bhí a shios ag an bhfeirmeóir ansoin cia bhí aige
agus thuig sé cad a bhí air. "Éirigh, a Eóghain ar
seisean "agus ith do dhóthain im' theannta."
DIARMAID.
Uair eile bhí rud beag déanta as an slighe ag
Eóghan. Bhí súil aige go ndéanfadh an sagart foth-
rom mór mar gheall air an Domhnach bhí chuige agus
níor theip air bheith láithreach. Nuair tháinig am na
seanmóine bhí cluas ar gach éinne. D'iompuigh an
sagart timcheall agus "'bhfuil Eóghan Ua Súilleabháin
annso" ar seisean i n-árd-ghuth feargach. Níor
tugadh freagra air. "An bhfuil Eóghan Ua Súil-
leabháin annso" ar seisean an t-ath-uair. Níor
tugadh freagra air. "An bhfuil Eóghan Ruadh
annso" ar seisean fé dheireadh; "Táim" arsa
Eóghan "agus nár fheicir-se an Dathadóir." Do
scairt ar an bpobul go léir agus b'éigin do'n tsagart
iompódh isteach gan a thuilleadh a rádh.
DIARMAID.