Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Aiste ar an aimsir 'n-ar mhair Art Mac Murchadha Caomhánach.
Title
Aiste ar an aimsir 'n-ar mhair Art Mac Murchadha Caomhánach.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AISTE AR AN AIMSIR 'N-AR MHAIR ART MAC MURCHADHA CAOMHÁNACH. "An Cleasnidhe" do scríobh. (Ar leanmhaint). Do phós Art timcheall an ama so bean de'n treibh Ghalldha, inghean Mhuiris an ceathramhadh Iarla Chill Dara agus do gealladh dó stát mar spré léi acht mar do choisc Reacht Chill Choinnigh ar Ghall Éireannach do phósadh ní raibh fagháil aige ar an maoin seo, agus is é an nídh seo is mó do neartuigh misneach Airt i n-aghaidh na nGall. B'é rí bhí ar Shasanna an uair seo Risteárd, 'sé sin an Dara Risteárd, acht cé go bhfuair sé an choróin san mbliadhain chéadna go bhfuair Art ríoghacht Chúige Laighean, "mar ba chomh-aois dóibh beagnach," do bhí sé fá stiúrughadh a réamh-bhráithreacha, an Diúic Lancastar, agus an Diúic Gloucester. Acht san mbliadhain 1389 d'iarr sé cead ar Phárlamaid chum riaghlughadh é féin, mar bhí sé san am so trí bliadhna fichead d'aois. Fuair sé an cead soin; seal grearr sic 'n-a dhiaidh so do phós sé Áine baintighearna Bhóhémia san Almáin, agus bhí ag éileamh Ríoghacht 'san tír sin, acht sé adubhairt mór- uaisle na tíre sin leis ceannas fhagháil i nÉirinn. Is dócha gur bhrostuigh an cómh- rádh so é chum teacht d'ionnsaighe an Oileáin so. Do mholadar muinntir na Párlamaid dó an deichmhadh cuid de cháin na Ríogh- achta, agus do ghléas sé a chabhlach san mbliadhain 1394, agus do chruinnigh a shlóighte, deich míle fichead saighdiúirí agus cheithre míle d'fhearaibh armtha, cabhlach trom gléasta, trí chéad long, agus an Rí féin mar cheann- phort ortha. Níor stad an cabhlach gléasta so go rang- adar cuan Phortláirge, agus ba mhór an radharc do mhuintir Phortláirge teacht an mharc-shluaigh i dtír. Do chrunnigheadar ó gach áird chum an radharc iongantach so d'fheicsint. D'fhan an Rí Sacsanach i bPortláirge ar feadh seachtmhaine, agus do ghlaoidh chuige maithe agus mór-uaisle an cheanntair sin. Do thug sé fleadh agus féasta do gac éinne ar feadh na seachtmhaine do bhí ann, acht i gcionn na seachtmhaine, do chuir romhe triall go Baile Átha Clilath tríd an dtír le n-a mhór-shlógh. Do chualaidh Art go raibh Rí Shacsanna ar intinn an aistir son do dhéanamh agus ó bhí a fhios aige ná raibh a shluagh líon- mhar a dhóthain chum cogaidh do sheasamh i n-aghaidh sluaigh chomh láidir agus bhí ag an Rí, 'sé an rud a dhein sé, bualadh roimhe agus Cathair Ros Mhic Triúin do thógbháil, mar bhí a fhios aige gurab é seo an chéad áit do stadfadh Risteárd agus a shluagh ann. Ní gan duadh do thóg Art an Chathair seo, mar bhí falla daingean 'n-a timcheall, agus maith-shluagh saighdiúirí, trí chéad agus trí fichid boghadóirí, agus trí mhíle d'fhearaibh tuaighe ag coimeád na catharach soin. Dá n-aimhdheóin do thóg Art an chathair agus a cuid óir agus airgid, agus chum críoch do chuir léi go hiomlán do chuir tré theinidh í. Annsoin d'fhill sé thar ais ar a dhúthaigh féin. Nuair chualaidh Risteárd go raibh Ros Mhic Triúin 'n-a luaithrigh, d'imthigh air go Baile Átha cliath, agus do dáileadh fleadh agus féasta do mhaithibh agus do mhór-uaislibh na cathrach soin. An Rí féin, éidighthe i mbrataibh síoda agus sróil, faoi fhleascaibh óir agus airgid, go cúramach 'n-a measc ag riar flaitheamhlacht i measc na buidhne, go háir- ighthe i measc na gcuraidhe Gaedhealach do bhí láithreach. I gcaitheamh na hoidhche, nuair mhéaduigh an t-ól ortha féin agus ar an Rí mar aon leó, do thug sé aghaidh a chomhráidh
air Bharún Chill Mhaghnáin, agus dubhairt leis: "Is olc do phléidhis ár gcúis, óir is ort-sa bhí ár mbrath go meallfá chughainn tuilleadh de'n treibh mhí-chreideamhnach Gheadh- lach, go háirithe, Art Mac Murchadha. Tá sé féin agus athair roimhe tar éis claonadh ó'n ngrádh galldha do lean a réamh-athair, Diarmaid Mac Murchadha, i n-aimsir an Iarla Strongbó." "Bíodh a fhios agat," arsa Barún Chill Mhaghnáin ná raibh neart againn an charadas a shnaidhmeadh le hArt Mac Murchadha, nó Caomhánach, mar a ghlaodh- ann sé anois air féin; mar nuair d'iarras air caradas do shnaidhmeadh agus síothcháin a bheith eadrainn, b'é a fhreagra orm, ná beadh síothcháin eadrainn go bráth chum go bhfuigheadh sé uainn stát a mhná agus díol- uigheacht mhaith san fhaid do bhí coimeádta uaidh. B'shin rud ná raibh ar m'aigneadh a dhéanamh, agus dá bhrigh sin táimíd gan síoth- cháin." "Cad a dhéanfar leis," ar san Rí, agus tuilleadh dá raibh láithreach. "Cad a dhéanfar leis, a Cheann Cléire," ar seisean, le Seaghán, Ab Mainistreach Chill Mhaghnáin, "A lascadh, má's féidir libh," ar seisean, "nó a ghéilleadh ar aon mhodh is féidir libh." D'fhiafruigheadh ó dhuine go duine, agus san ndeireadh d'fhiafruigheadh de Thighearna Urmhumhan. "Le toil d'Onóra," ar seisean, táim i measc na nGaedheal so le fada, agus tá a fhios agam ná fuil éin-tslighe chum a réim a bhriseadh acht le cogadh. Is éigin damh-sa féin maith-shluagh saighdiúirí a choi- meád chum mo chuid a chosaint ó chreacha- dóireacht Mhac Mhurchadha agus a cháirde; is iad san, Ó Broin, Ó Coileáin, Ó Mórdha, agus Ó Tuathail. Chum seasamh 'n-a n-aghaidh seo beidh mo lámh-sa leat 'sann obair i bpáirc an bhualaidh." "Agus cad fáth dío- mhaoin sinn mar sin," do ráidh an tUasal an Tighearna Hannraoi Lancastar. "Go réidh," ar san tIarla Marascail Móbraé," "bíodh a fhios agat nách éin-leanbhaí na Gaedhil ar pháirc an bhualaidh. Do b'fhearr go mór a gclaoidhe le gliocas, má's é toil ár Ríogh é." "Agus an dtógfair-se ort féin an nídh sin a dhéanamh?" ar san Rí. "Le congnamh Dé, agus le gach nídh riachtanach agus oir- eamhnach d'fhagháil, ní'l eagla ar bith orm ná go dtabharfad ar shróin chum do chois é, 'n-a bheithidheadh mhínighthe mhacánta." "Dar mo láimh," ar san Rí, "gheabhair gach nídh aca- san, agus giollaí córa chum do stiúrughadh; is iad-san Ó Laoghaire, Dhúnlaoghaire, agus Ó Lochlainn na Cairrge Míne". Beirt de Chlanna Míleadh do cinneadh air seo do dhéanamh. Do fhiafruigheadh de'n dís Éirean- nach an rachaidís san gcuideachtain, agus dubhairt Ó Laoghaire: "Is éigin dhúinn ár ngiollaí do chuir le scéala romhainn go dtí Rí Art, chum innsint dó fáth ár n-aistir; 'n-a éaghmuis seo ní féidir linn a dhéanamh. Nuair airigh an Rí an comhrádh so dubhairt go bhfuigheadh a mhalairt de ghiollaí, mar nár thaithin leis an freagra do fuair uatha. "Anois," ar seisean leis an mbuidhin Ghallda, "cia eadraibh do stiúreoghaidh an champlacht so go Cúirt Ríogh Art?" "Bead-sa ar dhuine aca," ar óglach d'ár bh'ainm Bhátéir Mac Rualáin. 'N-a dhiaidh seo do labhair Sir Aodh Búrc agus tuil- leadh, i gcás gur shocruidheadar ar dhul d'ionnsaighe Ríogh Laighean sul ar scaradar an oidhche sin. AN DARA ROINN. Anois triallam go dtí Cúirt Airt Mhic Mhurchadha, i bParoiste Dhún Leicne, i mBar- úntacht Uí dTreóin Thoir, do sheas Cais- leán Airt, faoi fhallaíbh chúig troighthe treasna agus deich dtroighthe is dá fhichid
ar aoirde. Bhí fleadh mór ghá caitheamh annso ag Art agus ag á champlacht nuair chualadar fuaim na n-adharc ar séideadh, agus láithreach bonn do tháinig giolla chum Airt le litir faoi shéala ó "Rígh Shasanna agus Tighearna na hÉireann," ag éileamh tionóltais chum caradas do shnaidhmeadh agus síothchána. "Cad déanfamn, a cháirde?" ar Art. "Éisteam leis go háirithe," ar Ua Tuathail, "acht bíodh a fhios agat gan a leigint isteach ad dhúthaigh féin." Annsoin do chinneadar ar chomhairle do bheith aca ar Shliabh Finngall (?) - sliabh árd atá i n-aice Bhaile Átha Cliath, agus do scríobh Art freagra thar n-ais, ar an intinn go mbeadh ollamh aon tráth chum an chomhairle sin ar Chnoc na nGabhar, Sliabh Fingall. Annsoin do chuir Art teachtairí ar siubhal go dtí Triath Chrom-Ghleann Maolsheachlainn Caomh- ánach, dá chomh-ghairm chuige i gcóir an tionóil sin. Do ghluaiseadar ortha maidin chruaidh ghaothmhar i mí na Samhna, san mbliadhain 1394, go dtí an tionól san. Ba bhreágh an radharc an dá bhuidhin ag ionnsaighe a chéile, a meirg féin ag gach buidhin díobh, agus éide fé leith ortha, gur dhóigh leat gur as domhan coigcrícheach gach dream díobh. B'é Art ceannphort a bhuidhne féin, agus nuair thángadar i gcomhgar dá chéile do labhair ceannphort na buidhne galldha, an tIarla Marascail, agus adubhairt gur tháinig i n-ainm Ríogh Shacsan chum caradas agus síothcháin do shnaidhmeadh le hArt Mac Murchadha. "Agus," ar seisean le Art, "innis dúinn cad é an fáth atá agat le seasamh i n-aghaidh an Ríogh ag creachadóir- eacht, mar ní bhfuil ó'n Rí acht cunntas d'fhagháil air chum sásamh do thabhairt duit ann." "Cá bhfuil an Rí?" ar Art, "Ní shnaidhmfead-sa cáirdeas le héinne acht leis féin; nó an dóigh leis gur amadáin sinne agus a rádh gur mheall sé sinn chum teacht annso cum socruighthe leis féin agus 'n-a dhiaidh sin gan chur nár gcoinne acht íochtarán?" D'eirigh fraoch na dtriatha gallda ar chlos an chómhráidh sin dóibh agus adubhradar: "Bíodh a fhios agat an duine thoghtar leis an Rígh go bhfuil sé oireamnach ar sheasamh os comhair an Ríogh is tábhachtmhaire san roinn Eorpa; acht," ar seisean, "gabhann do leath-scéal, de bhrigh ná fuil eólas níos fearr ort." "Ní dhéanfaidh gliocas do bhréithre mise mhealladh," arsa Art. "Thán- gamair annso chum labhairt le Rígh Sacsan agus ní libh-se. Cá bhfuil bhúr dteidiol chum teacht lé síothcháin chughainn?" "Éist le nár gcoinghill," ar san Ceannphort Sasannach. "Cad iad-san?" ar Art, "géilleadh do dhlighe Shasanna go humhal agus staonadh ó chreachadóireacht ortha agus is suarach é sin i n-aghaidh a bhfuil déanta agat n-a coinnibh?" ar Art, "tá a dlighthe réabtha agat ar gach éan-mhodh," ar seisean; "ná fuil a fhios agat go maith gurab éigin duit géilleadh go humhal, mar gur thug Diarmaid Mac Murchadha agus na flaithe Gaedhealacha eile, ceannas do'n dara Hannraoi i n-Éirinn." "Tá a fhios agam go maith," arsa Art, "nár thug muinntir Laighean cead do Dhiarmaid Ríoghacht Laighean do thabhairt do Ghallaibh, ná cead do cáirdeas do shnaidhmeadh leó. An dóigh leat gurab áil leó na foghluidhthe coigch- rícheacha do scaoileadh isteach ortha, agus," ar seisean, "dar Mhíleadh Ith agus Éibhar, d'fhágh an t-oileán so agá gcloinn gabhaim-se orm féin gan géilleadh d'éinne acht d'Árd- Rígh Éireann; agus ní staonfad do bheith ag cur ár, agus ruathar ar Ghallaibh chum
go bhfuighead uatha maoin mo chéile, san Noraigh i gCilldara, agus ar an intinn sin, buailim an Cuaille Cómhraic," ar seisean, ag caitheam a shleagh ar an dtaobh eile 'n abhainn chúcha." Chuir sin críoch leis an gcómhairle agus le caradas idir Art agus na Gaill. Do bhí gach taobh aca agá n-ullmhughadh féin chum cogaidh. Thug Art ordughadh dá mhuinntir creach a ghabháil ar an dtír agus gach éin- nídh bhailiughadh leó go lár na gcnoc, agus na mná agus na páistí i n-éinfheacht leó, chum iad do dhíon ó bhaoghal a námhad. Annsoin nuair do bhí sin déanta aige do chuir dream dá fhearaibh ins na coillte móra, i ngleanntaibh na gcnoc, agus in gach áit, dar leis, go gcaithfeadh an dream gallda gabháil tríd, agus do scaip tuilleadh aca ar fuaid na tíre chum beith mar ghiollaí ag an dream gallda, i gcóir iad do mhealladh isteach ins na hinneala so. Amach le sluagh mór Risteárd is a ngiollaí leo. B'iad so, an t-Amadán Mór, nó Mícheál Uíbh Maoile agus Conall an Scéaluidhe nó Conall Ua Nialláin. Do mheall na giollaí leó iad chum go rabhadar timcheall ocht míle dhéag as Baile Átha Cliath. Do rángadar an áit seo timcheall lár na hoidhche. Oidhche gharbh gheimhridh do b'eadh í. Do stad an bhuidhean so agus do ghlaoidh an Rí chuige an giolla, sé sin an t-Amadán Mór agus d'fhiafruigh de ar bh'fada uaidh pluais Mhac Murchadha, "mar," ar seisean, "dubhrais liom ar maidin indé ná raibh sé uainn acht léim an éin; acht anois ní fheicim go bhfuilim puinn níos cúmhgaraighe dhó." "Seadh," ar san tAmadán Mór, "dubhairt mé leat an méid sin gan amhras, acht," ar seisean, "ní féidir linne imtheacht chomh mear leis an éan, mar imthigheann seisean os cionn tailimh, go cruinn, díreach, agus ní'l éin-nídh, chum cosc do chur leis. Ní mar sin dúinne. Caithfimíd siubhal agus sinn go mion, agus dáltha an ghiarrfhiadh, bhíonn ag casadh mór- thimcheall, ag iarraidh na gcon do chur amudha. Acht bíodh foidhne agat. Beam aige sul a dtiocfaidh an lá. Ní headh go bhfuil éin-nídh agam-sa i gcoinnibh Airt, acht dar ndóigh ní héin-díoghbháil leis mise a thabhairt eóluis díbhse," ar seisean, ag féachaint suas go neamhthuirseach ar an Rígh. "Is cara liom-sa pé aca agaibh a bhuaidhfidh; tá mo bheannacht libh araon." Lé linn na bhfocal so, do tháinig cith sneachtaidh, do chaoch suas iad. "Och, Och," ar san Rí, "ní fheicim trí coiscéim ar m'aghaidh. Mo mhallacht ort mar shneachtadh. Cionnus is féidir linn seasamh mar seo i measc na muinge seo?" "Féach," arsa Conal, an giolla, "sin é Sliabh Ghadoe (?). Ní'l sé dá mhíle uainn. Acht," ar seisean, "is baoghalach liom-sa nách féidir linn gabháil dá dhruím agus an ghaoth chomh hárd agus an sneachta chomh doimhinn ins na cumarach- aibh." An de dhruim an chnuic mhóir?" ar siad d'éan-guth; "Chaillfidhe sinn sa tsneachtadh." "Go réidh, go réidh," ar san giolla; "éist, éist," ar seisean, "tá an áit lán diobh-súd nách áil leó aon chnámh 'n bhur gcorp;" agus le n-a linn sin mar dheimhinughadh ar an scéal, dó lasadh solas ar gach cnoc is beinn mór-thimcheall ortha; na hadharca ar séideadh ag freagairt a chéile ó gach áird. Siúd an dream galldha ag cur na bhfear i n-eagair; ceannphuirt ag béicigh. Trumpaí dá seinm; riot fuaim agus fotram ar gach éan-taobh; acht fós ní raibh an namhaid i bhfogus dóibh. "Anois," ar an Rí, "feiceam bhur gcródhacht; anois an tam chuige, a laochra;" acht fós níor tháinig an namhaid. "Tá eagla ortha," ar
siad, "ar aghaidh libh. Acht mo léir! Ba ghearr do chuadar nuair do scaoil na boghadóirí calma ortha, dá múchadh agus dá ndeargadh d'aimhdeóin a n-éidí." Seo mar do sheasadar ar feadh uair an chloig, i lár na hoidhche, agus chuaidh de'n dream Ghalldha dul ar aghaidh ná ean- fhuascailt d'fhagháil. Nuair choncadar féin a gcumhangacht do tugadh an t-órdugadh. "Ag gcúl" dóibh agus d'iompuigh gach fear aca a aghaidh ar Bhaile Átha Cliath. Acht do choncadar go rabhadar i mbaoghal ar gach taobh do bhí a namhaid rompa ins gach áit. Do bhíodar gan amhras i gcuinghéar. "Iarr sosadh cómhraic ortha," ars an ceannphort leis an Rígh, "chum go dtioc- faidh an solus orainn;" agus do rinneadh amhlaidh; seinneadh suas síochtháin sic agus ar an nóimeat do choncadar chúcha maith-shluagh na nGaedheal, gach dream faoi n-a cheannphort féin; agus do tháinig a láthair na nGall Triath Ghleann Mhaoiliúghra agus slat na síothchána 'n-a láimh aige. Cómh luath agus do choncadar é féin agus a shluagh le n-a chois, do chuadar dá ionnsaighe. Nuair chonnaic an Rí triath Ghleann Mhaoiliúghra, d'fhiafruigh de go feargach, cad fáth dhó cabhrughadh le n-a namhaid .i. Art Mac Murchadha'. "Cad fáth dhuit-sé a Rí cur isteach orainn i n-ár mball féin, gan rogha éigin do thabhairt dúinn ar thóruigheacht Mhac Murchadha dhuit, ag tarraingt do mhór-shlóighte orainn. Bíodh a fhios agat má's namhaid leat-sa Mac Murchadha gur cara linne é; agus go seasógham leis i n-am an ghábhaidh, mar do sheasaimh ár n-aithreacha dílis do'n Árd Rígh i laethaibh Theamhrach. "Agus," ar seisean, "bíodh a fhios agat ná fuil dul thar n-ais agat gan céad Mhac Murchadha." "An é thuigim uait," ars an Rí, "gur príosúnaigh sinn?" "Sin í brigh mo chainnte," ars an triath. "Buailfam cath," ars an Rí, acht do chómhairligh a thriatha féin do géilleadh mar ná raibh 'n-a gcumas teacht ar nídh b'fhearr. Do chinneadar ar ghiollaí do chuir chum Airt, agus gach geallamhaint níos fearr ná a chéile do thabhairt dó, ag iarraidh le n-a ngliocas é mhealladh cead do thabhairt dóibh chum fhille tar n-ais; thug an Rí mar an gcéadna cuireadh chum fleadh agus mór fhéasta d'Art go Baile Átha Cliath; agus níor eitigh Art an cuireadh seo. Annsoin d'fhill an Rí thar n-ais go Baile Átha Cliath go háthasach, agus do chaith an chuid eile de'n Gheimhreadh i bhfochair a shlóighte, agus maithe an bhaile sin. Ar feadh an ama so do tháinig morán de na Prionnsaí Gaedheal- acha ar chuairt go dtí an Rí agus níor bh'olc an t-ionad soin dóibh, mar bhí féile, tigheas, agus fleadh do gach éinne aige; agus maraon leis an méid seo, do thug bronntanas luachmhar do gach duine aca. Níor bh'fada go raibh stór an Riogh caithte, agus do b'éigin dó dearbhráthair a athar, 'sé sin, Gloucester, do chur thar n-ais go Sasanna ag iarraidh tuilleadh airgid chum cogaidh do sheasamh i n-agaidh na nGaedheal. Do chruinnigh, mór-uaisle, Shasanna chum comhairle, do dhéanamh air seo, agus do mholadar dó cáin mór throm, an deichmhadh cuid ar an gCléir agus an cúigmhadh cuid déag ar an dTuatach. Do chuireadar go hÉirinn an mhaoin seo, agus litir eile ghá ghríosughadh chum cogaidh agus coscairt ar Art Mac Murchadha. I gcaitheamh na haim- sire seo, ní raibh duine de na Ríghthe Cúige tar éis teacht dá fhiosrughadh, ná amháin d'éis teachtairí do chur chúige; acht do chuala sé go raibh triatha Uladh ar aigne teacht dá ionnsaighe, agus ar an intinn sin do ghluais sé ar Baile Átha Cliath i dtosach
an Mhárta, agus do chuir roimhe triall go Droichead Átha. Do shocruigh síos annso i dtigh ban Riaghalta, "Máire Mhagdelen", agus do réir mar léighimíd, ar thráthnóna Lá Fhéile Pádraig do tháinig na triatha Ó Néill, Ua Domhnaill, agus Ua Raghallaigh do láthair an Ríogh agus deirtear, acht ní'l deimhin air, gur umhluigheadar do'n Rígh Shasannach. Tar éis tamaill do chaitheamh annso, d'fhill an Rí thar n-ais, go Baile Átha Cliath, agus cuid de thriathaibh Uladh, 'n-a chuid- eachtain, agus do réir tuairisc, do bhí triatha Chonnacht agus Laighean annsúd rómpa. Ba mhor é áthas an Ríogh, ar chlos dó go raibh, Art 'n-a chathair istigh. Deirtear go raibh Art, an fhaid do bhí sé i bhfochair na Ríghthe Gaedhealach eile, dá ngríosughadh chum cogaidh i n-aghaidh na nGall, agus deirtear gur thug an Rí Sacsannach teidiol gallda do'n cheathrar Ríghthe Gaedhealach sé sin knighthood. An fhaid do bhí an Rí i nÉirinn d'éirigh imreas idir Ghallaibh féin mar gheall ar chreideamh agus do bhí an scéal chomh hachrannach aca go mb'éigint fios do chur ar an Rígh go hÉirinn, agus ar n-imtheacht dó, d'imthigh leis, mórán de na flaithe do tháinig leis, agus d'fhág mar riaghaltóir 'n-a dhiaidh, an tIarla Márch, bráthair gaoil dó féin. Do thug cumhacht dó, Parlamaid do chur ar bun, gach tráth badh mhéinn leis. Do shocruigh sé cúirteanna agus breitheamhain, agus d'éis na nidhthe seo do dhéanamh thug aghaidh ar a bhaile féin arís, áit, ná fuair sé puinn suaimhnis. Do fuair sé a mhuinntir roimhe lán de dhiablaidheacht agus de dhraoidheacht agus de phiseóga; do ghéillidís do lucht feasa; do léigidís ortha brigh do bhaint ar an dtaoide, agus a gluaiseacht na n-éan; fiú amháin níor fhan éin-bheann aca ar an gCléir, mar dubhradar go bhfeacthas an diabhal i n-éide bráthar. Do ghabh an claon-smaoineamh so greim daingean ar an uasal, chomh maith leis an ísiol, do bhí aigne an Ríogh chomh lán de nidhthe bhain le Sasana nár fhan aon chuimhneamh aige ar Éirinn. Ba chródha agus ba ghlic leis iad chum cogadh do chur ortha, acht d'fhág dé fé n-a fhear-ionad a chúis do phléidhe i nÉirinn, agus ar an ádhbhar soin fillfam thar n-ais go hÉirinn chum Airt Mac Murchadha. (Ní Críoch).
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services