Corpas Stairiúil na Gaeilge
1600 - 1926

Aiste ar an aimsir 'n-ar mhair Art Mac Murchadha Caomhánach.

Teideal
Aiste ar an aimsir 'n-ar mhair Art Mac Murchadha Caomhánach.
Údar
Féach ainm cleite,
Dáta cumtha
1903
Foilsitheoir
Connradh na Gaedhilge

Cuardaigh Téacsanna

Prós/Filíocht
1600 1926

AISTE AR AN AIMSIR 'N-AR MHAIR
ART MAC MURCHADHA CAOMHÁNACH.



"An Cleasnidhe" do scríobh.



(Ar leanmhaint).



Do phós Art timcheall an ama so bean
de'n treibh Ghalldha, inghean Mhuiris an
ceathramhadh Iarla Chill Dara agus do gealladh
dó stát mar spré léi acht mar do choisc
Reacht Chill Choinnigh ar Ghall Éireannach do
phósadh ní raibh fagháil aige ar an maoin seo,
agus is é an nídh seo is mó do neartuigh
misneach Airt i n-aghaidh na nGall. B'é
rí bhí ar Shasanna an uair seo Risteárd,
'sé sin an Dara Risteárd, acht cé go
bhfuair sé an choróin san mbliadhain
chéadna go bhfuair Art ríoghacht Chúige
Laighean, "mar ba chomh-aois dóibh beagnach,"
do bhí sé fá stiúrughadh a réamh-bhráithreacha,
an Diúic Lancastar, agus an Diúic
Gloucester. Acht san mbliadhain 1389
d'iarr sé cead ar Phárlamaid chum
riaghlughadh é féin, mar bhí sé san am so
trí bliadhna fichead d'aois.



Fuair sé an cead soin; seal grearr sic 'n-a
dhiaidh so do phós sé Áine baintighearna
Bhóhémia san Almáin, agus bhí ag éileamh
Ríoghacht 'san tír sin, acht sé adubhairt mór-
uaisle na tíre sin leis ceannas fhagháil i
nÉirinn. Is dócha gur bhrostuigh an cómh-
rádh so é chum teacht d'ionnsaighe an Oileáin
so. Do mholadar muinntir na Párlamaid
dó an deichmhadh cuid de cháin na Ríogh-
achta, agus do ghléas sé a chabhlach san
mbliadhain 1394, agus do chruinnigh a shlóighte,
deich míle fichead saighdiúirí agus cheithre
míle d'fhearaibh armtha, cabhlach trom gléasta,
trí chéad long, agus an Rí féin mar cheann-
phort ortha.



Níor stad an cabhlach gléasta so go rang-
adar cuan Phortláirge, agus ba mhór an
radharc do mhuintir Phortláirge teacht an
mharc-shluaigh i dtír. Do chrunnigheadar ó
gach áird chum an radharc iongantach so
d'fheicsint.



D'fhan an Rí Sacsanach i bPortláirge ar
feadh seachtmhaine, agus do ghlaoidh chuige
maithe agus mór-uaisle an cheanntair sin.
Do thug sé fleadh agus féasta do gac éinne
ar feadh na seachtmhaine do bhí ann, acht i
gcionn na seachtmhaine, do chuir romhe triall
go Baile Átha Clilath tríd an dtír le n-a
mhór-shlógh. Do chualaidh Art go raibh Rí
Shacsanna ar intinn an aistir son do dhéanamh
agus ó bhí a fhios aige ná raibh a shluagh líon-
mhar a dhóthain chum cogaidh do sheasamh
i n-aghaidh sluaigh chomh láidir agus bhí ag an
Rí, 'sé an rud a dhein sé, bualadh roimhe agus
Cathair Ros Mhic Triúin do thógbháil, mar bhí
a fhios aige gurab é seo an chéad áit do
stadfadh Risteárd agus a shluagh ann.
Ní gan duadh do thóg Art an Chathair seo,
mar bhí falla daingean 'n-a timcheall, agus
maith-shluagh saighdiúirí, trí chéad agus trí
fichid boghadóirí, agus trí mhíle d'fhearaibh
tuaighe ag coimeád na catharach soin. Dá
n-aimhdheóin do thóg Art an chathair agus a
cuid óir agus airgid, agus chum críoch do
chuir léi go hiomlán do chuir tré theinidh í.
Annsoin d'fhill sé thar ais ar a dhúthaigh féin.
Nuair chualaidh Risteárd go raibh Ros Mhic
Triúin 'n-a luaithrigh, d'imthigh air go Baile
Átha cliath, agus do dáileadh fleadh agus
féasta do mhaithibh agus do mhór-uaislibh na
cathrach soin. An Rí féin, éidighthe i mbrataibh
síoda agus sróil, faoi fhleascaibh óir agus
airgid, go cúramach 'n-a measc ag riar
flaitheamhlacht i measc na buidhne, go háir-
ighthe i measc na gcuraidhe Gaedhealach do bhí
láithreach. I gcaitheamh na hoidhche, nuair
mhéaduigh an t-ól ortha féin agus ar an Rí
mar aon leó, do thug sé aghaidh a chomhráidh


L. 323


air Bharún Chill Mhaghnáin, agus dubhairt
leis: "Is olc do phléidhis ár gcúis, óir is
ort-sa bhí ár mbrath go meallfá chughainn
tuilleadh de'n treibh mhí-chreideamhnach Gheadh-
lach, go háirithe, Art Mac Murchadha. Tá
sé féin agus athair roimhe tar éis claonadh
ó'n ngrádh galldha do lean a réamh-athair,
Diarmaid Mac Murchadha, i n-aimsir an
Iarla Strongbó." "Bíodh a fhios agat,"
arsa Barún Chill Mhaghnáin ná raibh neart
againn an charadas a shnaidhmeadh le hArt
Mac Murchadha, nó Caomhánach, mar a ghlaodh-
ann sé anois air féin; mar nuair d'iarras
air caradas do shnaidhmeadh agus síothcháin
a bheith eadrainn, b'é a fhreagra orm, ná
beadh síothcháin eadrainn go bráth chum go
bhfuigheadh sé uainn stát a mhná agus díol-
uigheacht mhaith san fhaid do bhí coimeádta
uaidh. B'shin rud ná raibh ar m'aigneadh a
dhéanamh, agus dá bhrigh sin táimíd gan síoth-
cháin." "Cad a dhéanfar leis," ar san Rí,
agus tuilleadh dá raibh láithreach. "Cad a
dhéanfar leis, a Cheann Cléire," ar seisean,
le Seaghán, Ab Mainistreach Chill Mhaghnáin,
"A lascadh, má's féidir libh," ar seisean,
"nó a ghéilleadh ar aon mhodh is féidir libh."



D'fhiafruigheadh ó dhuine go duine, agus
san ndeireadh d'fhiafruigheadh de Thighearna
Urmhumhan. "Le toil d'Onóra," ar seisean,
táim i measc na nGaedheal so le fada, agus
tá a fhios agam ná fuil éin-tslighe chum a
réim a bhriseadh acht le cogadh. Is éigin
damh-sa féin maith-shluagh saighdiúirí a choi-
meád chum mo chuid a chosaint ó chreacha-
dóireacht Mhac Mhurchadha agus a cháirde;
is iad san, Ó Broin, Ó Coileáin, Ó Mórdha,
agus Ó Tuathail. Chum seasamh 'n-a n-aghaidh
seo beidh mo lámh-sa leat 'sann obair i
bpáirc an bhualaidh." "Agus cad fáth dío-
mhaoin sinn mar sin," do ráidh an tUasal
an Tighearna Hannraoi Lancastar. "Go
réidh," ar san tIarla Marascail Móbraé,"
"bíodh a fhios agat nách éin-leanbhaí na
Gaedhil ar pháirc an bhualaidh. Do b'fhearr
go mór a gclaoidhe le gliocas, má's é
toil ár Ríogh é."



"Agus an dtógfair-se ort féin an nídh
sin a dhéanamh?" ar san Rí. "Le congnamh
Dé, agus le gach nídh riachtanach agus oir-
eamhnach d'fhagháil, ní'l eagla ar bith orm ná
go dtabharfad ar shróin chum do chois é, 'n-a
bheithidheadh mhínighthe mhacánta." "Dar mo
láimh," ar san Rí, "gheabhair gach nídh aca-
san, agus giollaí córa chum do stiúrughadh;
is iad-san Ó Laoghaire, Dhúnlaoghaire, agus
Ó Lochlainn na Cairrge Míne". Beirt de
Chlanna Míleadh do cinneadh air seo do
dhéanamh. Do fhiafruigheadh de'n dís Éirean-
nach an rachaidís san gcuideachtain, agus
dubhairt Ó Laoghaire: "Is éigin dhúinn ár
ngiollaí do chuir le scéala romhainn go dtí
Rí Art, chum innsint dó fáth ár n-aistir;
'n-a éaghmuis seo ní féidir linn a dhéanamh.
Nuair airigh an Rí an comhrádh so dubhairt
go bhfuigheadh a mhalairt de ghiollaí, mar
nár thaithin leis an freagra do fuair uatha.
"Anois," ar seisean leis an mbuidhin
Ghallda, "cia eadraibh do stiúreoghaidh
an champlacht so go Cúirt Ríogh Art?"
"Bead-sa ar dhuine aca," ar óglach d'ár
bh'ainm Bhátéir Mac Rualáin. 'N-a dhiaidh
seo do labhair Sir Aodh Búrc agus tuil-
leadh, i gcás gur shocruidheadar ar dhul
d'ionnsaighe Ríogh Laighean sul ar scaradar
an oidhche sin.



AN DARA ROINN.



Anois triallam go dtí Cúirt Airt Mhic
Mhurchadha, i bParoiste Dhún Leicne, i mBar-
úntacht Uí dTreóin Thoir, do sheas Cais-
leán Airt, faoi fhallaíbh chúig troighthe
treasna agus deich dtroighthe is dá fhichid


L. 324


ar aoirde. Bhí fleadh mór ghá caitheamh
annso ag Art agus ag á champlacht nuair
chualadar fuaim na n-adharc ar séideadh,
agus láithreach bonn do tháinig giolla chum
Airt le litir faoi shéala ó "Rígh Shasanna
agus Tighearna na hÉireann," ag éileamh
tionóltais chum caradas do shnaidhmeadh agus
síothchána. "Cad déanfamn, a cháirde?" ar
Art. "Éisteam leis go háirithe," ar Ua
Tuathail, "acht bíodh a fhios agat gan a
leigint isteach ad dhúthaigh féin." Annsoin
do chinneadar ar chomhairle do bheith aca ar
Shliabh Finngall (?) - sliabh árd atá i n-aice
Bhaile Átha Cliath, agus do scríobh Art
freagra thar n-ais, ar an intinn go mbeadh
ollamh aon tráth chum an chomhairle sin ar
Chnoc na nGabhar, Sliabh Fingall. Annsoin
do chuir Art teachtairí ar siubhal go dtí
Triath Chrom-Ghleann Maolsheachlainn Caomh-
ánach, dá chomh-ghairm chuige i gcóir an
tionóil sin.



Do ghluaiseadar ortha maidin chruaidh
ghaothmhar i mí na Samhna, san mbliadhain
1394, go dtí an tionól san. Ba bhreágh an
radharc an dá bhuidhin ag ionnsaighe a chéile,
a meirg féin ag gach buidhin díobh, agus éide
fé leith ortha, gur dhóigh leat gur as
domhan coigcrícheach gach dream díobh. B'é
Art ceannphort a bhuidhne féin, agus nuair
thángadar i gcomhgar dá chéile do labhair
ceannphort na buidhne galldha, an tIarla
Marascail, agus adubhairt gur tháinig i
n-ainm Ríogh Shacsan chum caradas agus
síothcháin do shnaidhmeadh le hArt Mac
Murchadha. "Agus," ar seisean le Art,
"innis dúinn cad é an fáth atá agat le
seasamh i n-aghaidh an Ríogh ag creachadóir-
eacht, mar ní bhfuil ó'n Rí acht cunntas
d'fhagháil air chum sásamh do thabhairt duit
ann." "Cá bhfuil an Rí?" ar Art, "Ní
shnaidhmfead-sa cáirdeas le héinne acht leis
féin; nó an dóigh leis gur amadáin sinne
agus a rádh gur mheall sé sinn chum teacht
annso cum socruighthe leis féin agus 'n-a
dhiaidh sin gan chur nár gcoinne acht
íochtarán?"



D'eirigh fraoch na dtriatha gallda ar
chlos an chómhráidh sin dóibh agus adubhradar:
"Bíodh a fhios agat an duine thoghtar leis
an Rígh go bhfuil sé oireamnach ar sheasamh
os comhair an Ríogh is tábhachtmhaire san
roinn Eorpa; acht," ar seisean, "gabhann
do leath-scéal, de bhrigh ná fuil eólas níos
fearr ort." "Ní dhéanfaidh gliocas do
bhréithre mise mhealladh," arsa Art. "Thán-
gamair annso chum labhairt le Rígh Sacsan
agus ní libh-se. Cá bhfuil bhúr dteidiol
chum teacht lé síothcháin chughainn?" "Éist
le nár gcoinghill," ar san Ceannphort
Sasannach. "Cad iad-san?" ar Art,
"géilleadh do dhlighe Shasanna go humhal agus
staonadh ó chreachadóireacht ortha agus is
suarach é sin i n-aghaidh a bhfuil déanta
agat n-a coinnibh?" ar Art, "tá a dlighthe
réabtha agat ar gach éan-mhodh," ar seisean;
"ná fuil a fhios agat go maith gurab éigin
duit géilleadh go humhal, mar gur thug
Diarmaid Mac Murchadha agus na flaithe
Gaedhealacha eile, ceannas do'n dara
Hannraoi i n-Éirinn." "Tá a fhios agam
go maith," arsa Art, "nár thug muinntir
Laighean cead do Dhiarmaid Ríoghacht
Laighean do thabhairt do Ghallaibh, ná cead
do cáirdeas do shnaidhmeadh leó. An dóigh
leat gurab áil leó na foghluidhthe coigch-
rícheacha do scaoileadh isteach ortha, agus,"
ar seisean, "dar Mhíleadh Ith agus Éibhar,
d'fhágh an t-oileán so agá gcloinn gabhaim-se
orm féin gan géilleadh d'éinne acht d'Árd-
Rígh Éireann; agus ní staonfad do bheith
ag cur ár, agus ruathar ar Ghallaibh chum


L. 326


go bhfuighead uatha maoin mo chéile, san
Noraigh i gCilldara, agus ar an intinn sin,
buailim an Cuaille Cómhraic," ar seisean,
ag caitheam a shleagh ar an dtaobh eile 'n
abhainn chúcha."



Chuir sin críoch leis an gcómhairle agus
le caradas idir Art agus na Gaill. Do
bhí gach taobh aca agá n-ullmhughadh féin chum
cogaidh. Thug Art ordughadh dá mhuinntir
creach a ghabháil ar an dtír agus gach éin-
nídh bhailiughadh leó go lár na gcnoc, agus na
mná agus na páistí i n-éinfheacht leó, chum
iad do dhíon ó bhaoghal a námhad. Annsoin
nuair do bhí sin déanta aige do chuir
dream dá fhearaibh ins na coillte móra, i
ngleanntaibh na gcnoc, agus in gach áit,
dar leis, go gcaithfeadh an dream gallda
gabháil tríd, agus do scaip tuilleadh aca
ar fuaid na tíre chum beith mar ghiollaí ag
an dream gallda, i gcóir iad do mhealladh
isteach ins na hinneala so. Amach le sluagh
mór Risteárd is a ngiollaí leo. B'iad so,
an t-Amadán Mór, nó Mícheál Uíbh Maoile
agus Conall an Scéaluidhe nó Conall Ua
Nialláin.



Do mheall na giollaí leó iad chum go
rabhadar timcheall ocht míle dhéag as Baile
Átha Cliath. Do rángadar an áit seo
timcheall lár na hoidhche. Oidhche gharbh
gheimhridh do b'eadh í. Do stad an bhuidhean
so agus do ghlaoidh an Rí chuige an giolla,
sé sin an t-Amadán Mór agus d'fhiafruigh
de ar bh'fada uaidh pluais Mhac Murchadha,
"mar," ar seisean, "dubhrais liom ar
maidin indé ná raibh sé uainn acht léim an
éin; acht anois ní fheicim go bhfuilim puinn
níos cúmhgaraighe dhó." "Seadh," ar san
tAmadán Mór, "dubhairt mé leat an méid
sin gan amhras, acht," ar seisean, "ní
féidir linne imtheacht chomh mear leis an
éan, mar imthigheann seisean os cionn
tailimh, go cruinn, díreach, agus ní'l éin-nídh,
chum cosc do chur leis. Ní mar sin dúinne.
Caithfimíd siubhal agus sinn go mion, agus
dáltha an ghiarrfhiadh, bhíonn ag casadh mór-
thimcheall, ag iarraidh na gcon do chur
amudha. Acht bíodh foidhne agat. Beam
aige sul a dtiocfaidh an lá. Ní headh go
bhfuil éin-nídh agam-sa i gcoinnibh Airt,
acht dar ndóigh ní héin-díoghbháil leis mise
a thabhairt eóluis díbhse," ar seisean, ag
féachaint suas go neamhthuirseach ar an Rígh.
"Is cara liom-sa pé aca agaibh a bhuaidhfidh;
tá mo bheannacht libh araon." Lé linn na
bhfocal so, do tháinig cith sneachtaidh, do
chaoch suas iad. "Och, Och," ar san Rí,
"ní fheicim trí coiscéim ar m'aghaidh. Mo
mhallacht ort mar shneachtadh. Cionnus is
féidir linn seasamh mar seo i measc na
muinge seo?" "Féach," arsa Conal, an
giolla, "sin é Sliabh Ghadoe (?). Ní'l sé
dá mhíle uainn. Acht," ar seisean, "is
baoghalach liom-sa nách féidir linn gabháil
dá dhruím agus an ghaoth chomh hárd agus
an sneachta chomh doimhinn ins na cumarach-
aibh." An de dhruim an chnuic mhóir?" ar
siad d'éan-guth; "Chaillfidhe sinn sa
tsneachtadh." "Go réidh, go réidh," ar san
giolla; "éist, éist," ar seisean, "tá an
áit lán diobh-súd nách áil leó aon chnámh 'n
bhur gcorp;" agus le n-a linn sin mar
dheimhinughadh ar an scéal, dó lasadh solas
ar gach cnoc is beinn mór-thimcheall ortha;
na hadharca ar séideadh ag freagairt a
chéile ó gach áird. Siúd an dream galldha
ag cur na bhfear i n-eagair; ceannphuirt ag
béicigh. Trumpaí dá seinm; riot fuaim
agus fotram ar gach éan-taobh; acht fós ní
raibh an namhaid i bhfogus dóibh. "Anois,"
ar an Rí, "feiceam bhur gcródhacht; anois
an tam chuige, a laochra;" acht fós níor
tháinig an namhaid. "Tá eagla ortha," ar


L. 327


siad, "ar aghaidh libh. Acht mo léir! Ba
ghearr do chuadar nuair do scaoil na
boghadóirí calma ortha, dá múchadh agus dá
ndeargadh d'aimhdeóin a n-éidí."



Seo mar do sheasadar ar feadh uair an
chloig, i lár na hoidhche, agus chuaidh de'n
dream Ghalldha dul ar aghaidh ná ean-
fhuascailt d'fhagháil. Nuair choncadar féin
a gcumhangacht do tugadh an t-órdugadh.
"Ag gcúl" dóibh agus d'iompuigh gach fear
aca a aghaidh ar Bhaile Átha Cliath. Acht
do choncadar go rabhadar i mbaoghal ar
gach taobh do bhí a namhaid rompa ins gach
áit. Do bhíodar gan amhras i gcuinghéar.



"Iarr sosadh cómhraic ortha," ars an
ceannphort leis an Rígh, "chum go dtioc-
faidh an solus orainn;" agus do rinneadh
amhlaidh; seinneadh suas síochtháin sic agus ar an
nóimeat do choncadar chúcha maith-shluagh na
nGaedheal, gach dream faoi n-a cheannphort
féin; agus do tháinig a láthair na nGall
Triath Ghleann Mhaoiliúghra agus slat na
síothchána 'n-a láimh aige. Cómh luath agus do
choncadar é féin agus a shluagh le n-a chois, do
chuadar dá ionnsaighe. Nuair chonnaic an
Rí triath Ghleann Mhaoiliúghra, d'fhiafruigh de
go feargach, cad fáth dhó cabhrughadh le
n-a namhaid .i. Art Mac Murchadha'. "Cad
fáth dhuit-sé a Rí cur isteach orainn i n-ár
mball féin, gan rogha éigin do thabhairt
dúinn ar thóruigheacht Mhac Murchadha dhuit,
ag tarraingt do mhór-shlóighte orainn.
Bíodh a fhios agat má's namhaid leat-sa
Mac Murchadha gur cara linne é; agus go
seasógham leis i n-am an ghábhaidh, mar do
sheasaimh ár n-aithreacha dílis do'n Árd
Rígh i laethaibh Theamhrach. "Agus," ar
seisean, "bíodh a fhios agat ná fuil dul
thar n-ais agat gan céad Mhac Murchadha."
"An é thuigim uait," ars an Rí, "gur
príosúnaigh sinn?" "Sin í brigh mo
chainnte," ars an triath. "Buailfam cath,"
ars an Rí, acht do chómhairligh a thriatha féin
do géilleadh mar ná raibh 'n-a gcumas
teacht ar nídh b'fhearr.



Do chinneadar ar ghiollaí do chuir chum
Airt, agus gach geallamhaint níos fearr ná
a chéile do thabhairt dó, ag iarraidh le n-a
ngliocas é mhealladh cead do thabhairt dóibh
chum fhille tar n-ais; thug an Rí mar an
gcéadna cuireadh chum fleadh agus mór
fhéasta d'Art go Baile Átha Cliath; agus
níor eitigh Art an cuireadh seo. Annsoin
d'fhill an Rí thar n-ais go Baile Átha Cliath
go háthasach, agus do chaith an chuid eile de'n
Gheimhreadh i bhfochair a shlóighte, agus maithe
an bhaile sin. Ar feadh an ama so do
tháinig morán de na Prionnsaí Gaedheal-
acha ar chuairt go dtí an Rí agus níor
bh'olc an t-ionad soin dóibh, mar bhí féile,
tigheas, agus fleadh do gach éinne aige;
agus maraon leis an méid seo, do
thug bronntanas luachmhar do gach duine aca.
Níor bh'fada go raibh stór an Riogh caithte,
agus do b'éigin dó dearbhráthair a athar, 'sé
sin, Gloucester, do chur thar n-ais go
Sasanna ag iarraidh tuilleadh airgid chum
cogaidh do sheasamh i n-agaidh na nGaedheal.



Do chruinnigh, mór-uaisle, Shasanna chum
comhairle, do dhéanamh air seo, agus do
mholadar dó cáin mór throm, an deichmhadh
cuid ar an gCléir agus an cúigmhadh cuid
déag ar an dTuatach. Do chuireadar go
hÉirinn an mhaoin seo, agus litir eile ghá
ghríosughadh chum cogaidh agus coscairt ar
Art Mac Murchadha. I gcaitheamh na haim-
sire seo, ní raibh duine de na Ríghthe Cúige
tar éis teacht dá fhiosrughadh, ná amháin
d'éis teachtairí do chur chúige; acht do
chuala sé go raibh triatha Uladh ar aigne
teacht dá ionnsaighe, agus ar an intinn sin
do ghluais sé ar Baile Átha Cliath i dtosach


L. 328


an Mhárta, agus do chuir roimhe triall go
Droichead Átha. Do shocruigh síos annso
i dtigh ban Riaghalta, "Máire Mhagdelen",
agus do réir mar léighimíd, ar thráthnóna Lá
Fhéile Pádraig do tháinig na triatha Ó Néill,
Ua Domhnaill, agus Ua Raghallaigh do
láthair an Ríogh agus deirtear, acht ní'l
deimhin air, gur umhluigheadar do'n Rígh
Shasannach.



Tar éis tamaill do chaitheamh annso,
d'fhill an Rí thar n-ais, go Baile Átha Cliath,
agus cuid de thriathaibh Uladh, 'n-a chuid-
eachtain, agus do réir tuairisc, do bhí
triatha Chonnacht agus Laighean annsúd
rómpa. Ba mhor é áthas an Ríogh, ar chlos
dó go raibh, Art 'n-a chathair istigh.
Deirtear go raibh Art, an fhaid do bhí sé i
bhfochair na Ríghthe Gaedhealach eile, dá
ngríosughadh chum cogaidh i n-aghaidh na
nGall, agus deirtear gur thug an Rí
Sacsannach teidiol gallda do'n cheathrar
Ríghthe Gaedhealach sé sin knighthood. An
fhaid do bhí an Rí i nÉirinn d'éirigh imreas
idir Ghallaibh féin mar gheall ar chreideamh
agus do bhí an scéal chomh hachrannach aca
go mb'éigint fios do chur ar an Rígh go
hÉirinn, agus ar n-imtheacht dó, d'imthigh
leis, mórán de na flaithe do tháinig leis,
agus d'fhág mar riaghaltóir 'n-a dhiaidh, an
tIarla Márch, bráthair gaoil dó féin. Do
thug cumhacht dó, Parlamaid do chur ar bun,
gach tráth badh mhéinn leis. Do shocruigh sé
cúirteanna agus breitheamhain, agus d'éis
na nidhthe seo do dhéanamh thug aghaidh ar a
bhaile féin arís, áit, ná fuair sé puinn
suaimhnis.



Do fuair sé a mhuinntir roimhe lán de
dhiablaidheacht agus de dhraoidheacht agus de
phiseóga; do ghéillidís do lucht feasa; do
léigidís ortha brigh do bhaint ar an dtaoide,
agus a gluaiseacht na n-éan; fiú amháin
níor fhan éin-bheann aca ar an gCléir, mar
dubhradar go bhfeacthas an diabhal i n-éide
bráthar. Do ghabh an claon-smaoineamh so
greim daingean ar an uasal, chomh maith
leis an ísiol, do bhí aigne an Ríogh chomh lán
de nidhthe bhain le Sasana nár fhan aon
chuimhneamh aige ar Éirinn. Ba chródha agus ba
ghlic leis iad chum cogadh do chur ortha, acht
d'fhág dé fé n-a fhear-ionad a chúis do
phléidhe i nÉirinn, agus ar an ádhbhar soin
fillfam thar n-ais go hÉirinn chum Airt
Mac Murchadha.



(Ní Críoch).



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Website developed by Niall O'Leary Services