Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Aiste ar an aimsir 'n-ar mhair Art Mac Murchadha Caomhánach.
Title
Aiste ar an aimsir 'n-ar mhair Art Mac Murchadha Caomhánach.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AISTE AR AN AIMSIR 'N-AR MHAIR ART MAC MURCHADHA CAOMHÁNACH. "An Cleasuidhe" do scríobh. Do tháinig an Rí sochrach saoir-chinéalach so de shíolrach Dhiarmaid Mac Murchadha do bhí n-a Rígh i Cúige Laighean san aonmhadh aois déag. Tugtar Caomhánach air mar gheall ar dhuine dá shinsir a bheathuigheadh i gCill Chaomháin i gConntae Loch Garmain .í. Domhnaill Mac Murchadha. Cé gurab é athair Dhomhnaill seo do thug na Gaill ar dtúis go hÉirinn, ba ghearr do sheasaimh caradas idir Dhomhnall agus cáirde a athar mar do thosnuigheadar ag bruighean le chéile timcheall sé bliadhna d'éis iad a theacht go hÉireann agus do lean gach éinne de shliocht Dhomhnaill an sampla do thug seisean dóibh i gcás gur naisceadar na Gaill mór-thimcheall chiúmhais na trágha i n-aice Bhaile Átha Cliath. Do lean an t-imreas so idir Ghaedhal agus Gall ó aimsir an Dara Hannraoi go haimsir an Tríomhadh Éadbhard. San mbliadhain 1327 do fuair sé seo Ríoghacht Shasanna. Do mheas an rí seo go ndéan- fadh sé féin na Gaedhil do chlaoidhe, go háirithe an méid aca bí 'n-a chómhursanacht agus b'iad so na Caomhánaigh. B'é Art do bhí i bhflaitheas Chúige Laighean san am so agus do cineadh dlighe i bhFeis nó i bPárlamaid i gCaisleán Diarmada san mbliadhain 1358, agus chum cogadh do sheasamh i n-aghaidh na nGaedheal do leagadh cáin ar áitreabh na nGall i nÉirinn, acht níor cuireadh éin-chríoch ar an gcogadh so acht críoch i bhfabhar na nGaedheal mar is amhlaidh fuair Art Caomhánach díolaigheacht bhliadhntamhail acht eision a thabhairt geallamh- aint ná déanfadh sé a thuilleadh coscairt ar na Gaill. Timcheall an ama so do rugadh mac d' Art Caomhánach agus tugadh mar ainm air Art. Is cosamhail gur ghnáth-ainm Art ar mhuinntir Chaomhánach. Is é seo laoch ár scéil. Ba mhór an greann do bhí agá athair do'n Rígh óg, agus níor fhág a theag- asc faoi éinne acht do mhúin sé féin dó gach cleas agus ealadha bhí riachtanach do Rígh óg fhoghluim. Timcheall an ama so do cailleadh ceann feadhma na Sasannach i nÉirinn, sé sin Iarla Ruadh Uladh, Liam de Búrc. Ó aim- sir Strongbó ní raibh a leithéid seo d'fhear- choscairt ann. Do ghabh sé ceannas i n-urmhór Chúige Uladh, agus chuir fé n-a smacht mórán de Chonnachtaibh acht d'éis a bháis níor lean a chlann a raon-san, acht ghabhadar cúcha féin mná Gaedhealacha agus thugadar ortha féin ainmneacha Gaedhealacha agus chleacht- adar gach nós Gaedhealach. Do lean na Gaill eile an sampla céadna chum go dtí go rabhadar i gcionn tamaill chomh Gaedhealach leis na Gaedhil féin. Do shileadar a bhfuil trí n-a chéile Do bhí an Gaedheal Galldha agus an Gall Gaedhealach. Seo mar do sheasamh an scéal ag muinn- tir na hÉireann san mbliadhain 1367, nuair do tháinig anall go hÉirinn dearbhráthair do Rígh Shasanna an Diúic Clarens, do bhí pósta ag inghin an Iarla Ruaidh ag éileamh spré a mhná, agus do chuir sé seo Párlamaid ar bun i gCill Choinnigh, agus do rinneadh reacht ann i n-aghaidh Gall nó fós gach Gall-Éireannach ag chur cosc ortha teanga na hÉireann a labhairt, nósa Gaedhealacha a chleachtadh, nó Gall do phósadh Éireann- aigh. Bhí an reacht so i n-aghaidh díol ná ceannach do dhéanamh leis na hÉireannaigh, agus an duine ná géillfeadh do'n reacht so é bheith faoi riaghal a thalamh 's a bheatha a bhaint de. Do chuir an reacht so mór-chosc
ar fhoghluim agus ar scríbhneóireacht na Gaedhilge. Do chuir sé í faoi mhasladh agus fhaoi tharcuisne agus ní cóir dúinn iongnadh dhéanamh do'n méid sin nuair bhí fíonáil ar labharthóirí Gaedhilge amhail is dá mbadh gaduidheacht a dheinidís. Nuair chualaidh Art Mac Murchadha Caomhánach go raibh an dlighe seo curtha i bhfeidhm i n-aghaidh na nGaedheal agus i n-aghaidh na nGall maraon leó, do bhailigh sé suas a chamthaí agus ghléasadar iad féin i n-éide catha agus comraic agus do ghluaiseadar i gcoinnibh an Diúic Chlarens. Bhí seisean imthighthe as Cill Choinnigh go Baile Átha Cliath, acht do lean Art é agus do fearadh cath fuilteach eatortha le hais an bhaile sin; acht do buadhadh ar Art agus ar an gcamtha Gaedhealach agus dob' éigin dóibh teicheadh, d'éis mórán fear fhágaint marbh ar Pháirc an bhualadh. D'fhill an Diúic Clarens thar n-ais ar Shasanna san mbliadhain chéadna agus d'fhág mar fhear-ionaid 'n-a dhiaidh Liam de Uindsor, acht níor sheasaimh éan-charadas idir é féin agus Art mar chímíd go rabhadar ag bruighean le chéile san mbliadhain 1369. Mar an gcéadna chímíd go raibh an Chléir i bhfabhar na Sasannach agus go mbítí á gceannach chum seasamh i n-aghaidh na nGaedheal. Ba bheag é toradh Art ortha go léir mar bhí a chumhacht ag dul i dtreise gach éan-lá agus timcheall an ama so 'seadh do thóg sé dhá caisléán, ceann aca i mBaile Locháin agus ceann eile i mBealach Mughna. Ó bhí Art aosta san am so 'sé a mhac Art Óg do sheasaimh 'n-a ionad agus léighimíd gur sheasaimh an prionnsa óg go cródha i n-aghaidh na nGall agus gur chuir síos a réim go fíochmhar, námhadmhar, do réir ordughadh a athar, cé ná raibh d'aois aige an uair sin, acht sé bliadhna déag. Cheithre bliadhna d'éis an ama so, do chailleadh Art, sé sin san mbliadhain 1377, agus ba bhrónach do bhí an prionnsa óg 'n-a dhiaidh agus a dhaoine go léir maraon leis, mar níor cuireadh i bhfeart riamh roimhe sin éin-fhear de shíol Dhomhnaill Mac Murchadha Caomhánach do b'fhearr cáil agus clú 'ná an Rí so Laigh- ean, do adhlacadh i reiligh Mholainn i gConntae Cheatharlach ionad adhlactha Ríghthe Laighean uile maraon leis. D'éis bháis a athar do toghadh mar Rígh Chúige Laighean a mhac Art Óg. Is iad muinntir Uí Nialláin do rinne an toghadh agus do bhí gach éinne eile sásta leis cómh maith céadna. De bhrigh na toilidheachta soin do tugadh i láthair nÁrd-bhreitheamhan Ua Dobharáin é go Cnoc an Mhoga agus do fuair uaidh sin i láthair maith-sluagh d'uaisle na Cúige teidiol Mac Murchadha Caomhánach Rí Laighean. Do bhí na Sasannagh ar feadh an ama so ag iarraidh bheith ag leathnughadh a réime go ciúin agus go glic agus chum caradas do snaidhmeadh le Rígh Laighean do mholadar dó an cháin do bhí aca dhá thabhairt dá shin- sir roimis. Do thugadar díolaigheacht do chuid eile de phrionnsaí Laighean de shliocht Chaomhánach cómh maith céadna acht ní raibh Art ar intinn iomad réime a thabhairt do sna Sasannaigh i nÉirinn, mar bhí sé in' aigne iad do chur faoi smacht comh luath agus do b'fhéidir leis. Ar feadh na mbliadhanta so is mó bhí caillte ag na Sasannaigh d'airgead i nÉirinn 'ná do bhí buaidhte aca leis an dtír. Is ar éigin d'féadadar seilbh an bhuill do choimeád ar éan-chor. (Ní críoch.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services