Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Aiste ar an aimsir 'n-ar mhair Art Mac Murchadha Caomhánach.

Title
Aiste ar an aimsir 'n-ar mhair Art Mac Murchadha Caomhánach.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AISTE AR AN AIMSIR 'N-AR MHAIR
ART MAC MURCHADHA CAOMHÁNACH.



"An Cleasuidhe" do scríobh.



Do tháinig an Rí sochrach saoir-chinéalach
so de shíolrach Dhiarmaid Mac Murchadha
do bhí n-a Rígh i Cúige Laighean san aonmhadh
aois déag. Tugtar Caomhánach air mar
gheall ar dhuine dá shinsir a bheathuigheadh i
gCill Chaomháin i gConntae Loch Garmain
.í. Domhnaill Mac Murchadha. Cé gurab é
athair Dhomhnaill seo do thug na Gaill ar
dtúis go hÉirinn, ba ghearr do sheasaimh
caradas idir Dhomhnall agus cáirde a
athar mar do thosnuigheadar ag bruighean
le chéile timcheall sé bliadhna d'éis iad a
theacht go hÉireann agus do lean gach éinne
de shliocht Dhomhnaill an sampla do thug
seisean dóibh i gcás gur naisceadar na
Gaill mór-thimcheall chiúmhais na trágha
i n-aice Bhaile Átha Cliath.



Do lean an t-imreas so idir Ghaedhal
agus Gall ó aimsir an Dara Hannraoi go
haimsir an Tríomhadh Éadbhard. San
mbliadhain 1327 do fuair sé seo Ríoghacht
Shasanna. Do mheas an rí seo go ndéan-
fadh sé féin na Gaedhil do chlaoidhe, go
háirithe an méid aca bí 'n-a chómhursanacht
agus b'iad so na Caomhánaigh. B'é Art
do bhí i bhflaitheas Chúige Laighean san am
so agus do cineadh dlighe i bhFeis nó i
bPárlamaid i gCaisleán Diarmada san
mbliadhain 1358, agus chum cogadh do
sheasamh i n-aghaidh na nGaedheal do leagadh
cáin ar áitreabh na nGall i nÉirinn, acht
níor cuireadh éin-chríoch ar an gcogadh so
acht críoch i bhfabhar na nGaedheal mar is
amhlaidh fuair Art Caomhánach díolaigheacht
bhliadhntamhail acht eision a thabhairt geallamh-
aint ná déanfadh sé a thuilleadh coscairt
ar na Gaill.



Timcheall an ama so do rugadh mac d'
Art Caomhánach agus tugadh mar ainm
air Art. Is cosamhail gur ghnáth-ainm
Art ar mhuinntir Chaomhánach. Is é seo laoch
ár scéil. Ba mhór an greann do bhí agá
athair do'n Rígh óg, agus níor fhág a theag-
asc faoi éinne acht do mhúin sé féin dó
gach cleas agus ealadha bhí riachtanach do Rígh
óg fhoghluim.



Timcheall an ama so do cailleadh ceann
feadhma na Sasannach i nÉirinn, sé sin
Iarla Ruadh Uladh, Liam de Búrc. Ó aim-
sir Strongbó ní raibh a leithéid seo d'fhear-
choscairt ann. Do ghabh sé ceannas i n-urmhór
Chúige Uladh, agus chuir fé n-a smacht mórán
de Chonnachtaibh acht d'éis a bháis níor lean
a chlann a raon-san, acht ghabhadar cúcha
féin mná Gaedhealacha agus thugadar ortha
féin ainmneacha Gaedhealacha agus chleacht-
adar gach nós Gaedhealach. Do lean na
Gaill eile an sampla céadna chum go
dtí go rabhadar i gcionn tamaill chomh
Gaedhealach leis na Gaedhil féin.



Do shileadar a bhfuil trí n-a chéile
Do bhí an Gaedheal Galldha agus an Gall
Gaedhealach.



Seo mar do sheasamh an scéal ag muinn-
tir na hÉireann san mbliadhain 1367, nuair
do tháinig anall go hÉirinn dearbhráthair do
Rígh Shasanna an Diúic Clarens, do bhí pósta
ag inghin an Iarla Ruaidh ag éileamh spré a
mhná, agus do chuir sé seo Párlamaid ar
bun i gCill Choinnigh, agus do rinneadh
reacht ann i n-aghaidh Gall nó fós gach
Gall-Éireannach ag chur cosc ortha teanga
na hÉireann a labhairt, nósa Gaedhealacha
a chleachtadh, nó Gall do phósadh Éireann-
aigh. Bhí an reacht so i n-aghaidh díol ná
ceannach do dhéanamh leis na hÉireannaigh,
agus an duine ná géillfeadh do'n reacht so
é bheith faoi riaghal a thalamh 's a bheatha a
bhaint de. Do chuir an reacht so mór-chosc


L. 320


ar fhoghluim agus ar scríbhneóireacht na
Gaedhilge. Do chuir sé í faoi mhasladh agus
fhaoi tharcuisne agus ní cóir dúinn iongnadh
dhéanamh do'n méid sin nuair bhí fíonáil ar
labharthóirí Gaedhilge amhail is dá mbadh
gaduidheacht a dheinidís.



Nuair chualaidh Art Mac Murchadha
Caomhánach go raibh an dlighe seo curtha
i bhfeidhm i n-aghaidh na nGaedheal agus i n-aghaidh
na nGall maraon leó, do bhailigh sé suas
a chamthaí agus ghléasadar iad féin i n-éide
catha agus comraic agus do ghluaiseadar i gcoinnibh
an Diúic Chlarens. Bhí seisean imthighthe as
Cill Choinnigh go Baile Átha Cliath, acht do
lean Art é agus do fearadh cath fuilteach
eatortha le hais an bhaile sin; acht do
buadhadh ar Art agus ar an gcamtha Gaedhealach
agus dob' éigin dóibh teicheadh, d'éis mórán
fear fhágaint marbh ar Pháirc an bhualadh.
D'fhill an Diúic Clarens thar n-ais ar
Shasanna san mbliadhain chéadna agus d'fhág mar
fhear-ionaid 'n-a dhiaidh Liam de Uindsor,
acht níor sheasaimh éan-charadas idir é féin
agus Art mar chímíd go rabhadar ag
bruighean le chéile san mbliadhain 1369.
Mar an gcéadna chímíd go raibh an Chléir i
bhfabhar na Sasannach agus go mbítí á gceannach
chum seasamh i n-aghaidh na nGaedheal.



Ba bheag é toradh Art ortha go léir mar
bhí a chumhacht ag dul i dtreise gach éan-lá agus
timcheall an ama so 'seadh do thóg sé dhá
caisléán, ceann aca i mBaile Locháin agus
ceann eile i mBealach Mughna.



Ó bhí Art aosta san am so 'sé a mhac Art
Óg do sheasaimh 'n-a ionad agus léighimíd gur
sheasaimh an prionnsa óg go cródha i n-aghaidh
na nGall agus gur chuir síos a réim go
fíochmhar, námhadmhar, do réir ordughadh a
athar, cé ná raibh d'aois aige an uair sin,
acht sé bliadhna déag. Cheithre bliadhna
d'éis an ama so, do chailleadh Art, sé sin
san mbliadhain 1377, agus ba bhrónach do bhí
an prionnsa óg 'n-a dhiaidh agus a dhaoine go
léir maraon leis, mar níor cuireadh i
bhfeart riamh roimhe sin éin-fhear de shíol
Dhomhnaill Mac Murchadha Caomhánach do
b'fhearr cáil agus clú 'ná an Rí so Laigh-
ean, do adhlacadh i reiligh Mholainn i
gConntae Cheatharlach ionad adhlactha Ríghthe
Laighean uile maraon leis.



D'éis bháis a athar do toghadh mar Rígh
Chúige Laighean a mhac Art Óg. Is iad
muinntir Uí Nialláin do rinne an toghadh agus
do bhí gach éinne eile sásta leis cómh maith
céadna. De bhrigh na toilidheachta soin
do tugadh i láthair nÁrd-bhreitheamhan
Ua Dobharáin é go Cnoc an Mhoga agus do
fuair uaidh sin i láthair maith-sluagh d'uaisle
na Cúige teidiol Mac Murchadha Caomhánach
Rí Laighean. Do bhí na Sasannagh ar feadh an
ama so ag iarraidh bheith ag leathnughadh a
réime go ciúin agus go glic agus chum caradas
do snaidhmeadh le Rígh Laighean do mholadar
dó an cháin do bhí aca dhá thabhairt dá shin-
sir roimis. Do thugadar díolaigheacht do
chuid eile de phrionnsaí Laighean de shliocht
Chaomhánach cómh maith céadna acht ní raibh
Art ar intinn iomad réime a thabhairt do
sna Sasannaigh i nÉirinn, mar bhí sé in'
aigne iad do chur faoi smacht comh luath agus
do b'fhéidir leis.



Ar feadh na mbliadhanta so is mó bhí
caillte ag na Sasannaigh d'airgead i
nÉirinn 'ná do bhí buaidhte aca leis an
dtír. Is ar éigin d'féadadar seilbh an
bhuill do choimeád ar éan-chor.



(Ní críoch.)

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services