Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An tAos Óg.
Title
An tAos Óg.
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN tAOS ÓG. Sid í litir an gharsúin do fuair an dara duais i n-ár n-iomaidheacht i gcóir an Aosa Óig: - Gort Mór, Crois Mhádhm, Co. na Gaillimhe. A Dhuine Uasail, Dubhairt máighistir an Ghortmhóir linn go bhféadfadh muid scríobhadh ugat-sa, agus an duais do fhéachaint. Do chaith mé an Nodlaig ceart go leór. Níor tháinig slaghdán orm mar tháinig ar go leór daoine san tír seo, buidheachas do Dhia. Ins na laethibh bhí mé ag tarraint mhóna, ag dul 'aig na siopaí, agus ag baint gubáiste do'n bhó (bhuin). Ins na hoidhchibh bhí mé ar scoil-oidhche. Bhí mé ag an Aifreann Lá Nodlag, agus bhí mé ag rith ar an dreóilín Lá Fheile Stiopháin, acht ní rug mé air. Chuaidh mé ag an Aifreann go Cámus, Dia Domhnaigh; agus an chéad lá de'n bhliadhain nuaidh. Chuaidh mé ag an Aifreann go Rosmuc Lá Nodlaig Beag. Ní'l mé acht deich mbliadhna d'aois, agus ní'lmé acht dhá bhliadhain ag foghluim Gaedhilge agus tá súil agam go dtabhraidh tú an duais dam. Is fearr go mór atá mé ag léigheamh agus ag labhairt na Gaedhilge 'ná dá scríobhadh. Mise do Chara, PROINSIAS Ó CONGHAILLE. (Ba dhoiligh linn gan duais do thabhairt duit, a chara; bhéaraidh tú ar dhuais mara rug tú ar an dreoilín. Agus seo anois t'iarracht-sa a Bhrighid Ní Dhioráin). Sruthán, Oileán Árann, Eanair, 25, 1903 Do fhear eagair Irisleabhar na Gaedhilge, Innseóchaidh mé dhuit cé mar chaith mé an Nodhlaig. An lá roimh oidhche Nodhlag chuaidh mé ag an mbó agus annsin chuaidh mé a baint eidhean agus cuilleann le cuir ar na pictiúirí. Oidhche Nodhlag rinne mé cúpla cáca aráin agus chuir mé mílseáin thríd. Ar maidin Lá Nodhlag chuaidh mé ag an Aifreann, nuair tháinig mé a bhaile chuaidh mé ag bualadh liathróide lé mo dhearbhráithreachaibh, Lá Fhéile Stiopháin chuaidh mé ag an Séipéal; annsin nuair tháinig mé a-bhaile ní dheachaidh mé ag bualadh liathróid mar bhí an lá fliuch. Chuaidh mé trí no ceathair dho bhabhtaí ag iarraidh teach- taireacht go Fearann an Choirce, dho mo mháthair. Lá roimh Lá Nodhlag beag bhí mé ag glanadh an tighe agus ag cuir aol air na ballaí. Ins an tráthnóna chuaidh mé le bróga ag an ngréasuidhe. Chuaidh mé ag an Séipéal Lá Nodhlag beag agus chuaidh mé ag faoisidín agus ag cumaoineach. Tar éis a theacht a-bhaile ó'n Séipéal chuaidh mé ag breath- nughadh ar na beithighibh agus annsin fuair mé mo shuipéar. Is mé fhéin do scriobh an scéal sin. Mise, lé meas mór, BRIGHID NÍ DHOIRÁIN.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services