Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An tAos Óg.

Title
An tAos Óg.
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AN tAOS ÓG.



Sid í litir an gharsúin do fuair an dara
duais i n-ár n-iomaidheacht i gcóir an Aosa
Óig: -



Gort Mór,
Crois Mhádhm,
Co. na Gaillimhe.



A Dhuine Uasail,
Dubhairt máighistir an Ghortmhóir linn go
bhféadfadh muid scríobhadh ugat-sa, agus an duais do
fhéachaint. Do chaith mé an Nodlaig ceart go leór.
Níor tháinig slaghdán orm mar tháinig ar go leór
daoine san tír seo, buidheachas do Dhia. Ins na
laethibh bhí mé ag tarraint mhóna, ag dul 'aig na siopaí,
agus ag baint gubáiste do'n bhó (bhuin). Ins na hoidhchibh
bhí mé ar scoil-oidhche. Bhí mé ag an Aifreann Lá
Nodlag, agus bhí mé ag rith ar an dreóilín Lá Fheile
Stiopháin, acht ní rug mé air. Chuaidh mé ag an
Aifreann go Cámus, Dia Domhnaigh; agus an chéad lá
de'n bhliadhain nuaidh. Chuaidh mé ag an Aifreann
go Rosmuc Lá Nodlaig Beag. Ní'l mé acht
deich mbliadhna d'aois, agus ní'lmé acht dhá bhliadhain ag
foghluim Gaedhilge agus tá súil agam go dtabhraidh tú
an duais dam. Is fearr go mór atá mé ag léigheamh
agus ag labhairt na Gaedhilge 'ná dá scríobhadh.



Mise do Chara,
PROINSIAS Ó CONGHAILLE.



(Ba dhoiligh linn gan duais do thabhairt
duit, a chara; bhéaraidh tú ar dhuais mara
rug tú ar an dreoilín. Agus seo anois
t'iarracht-sa a Bhrighid Ní Dhioráin).



Sruthán,
Oileán Árann,
Eanair, 25, 1903



Do fhear eagair Irisleabhar na Gaedhilge,



Innseóchaidh mé dhuit cé mar chaith mé an Nodhlaig.
An lá roimh oidhche Nodhlag chuaidh mé ag an mbó agus
annsin chuaidh mé a baint eidhean agus cuilleann le
cuir ar na pictiúirí. Oidhche Nodhlag rinne mé cúpla
cáca aráin agus chuir mé mílseáin thríd. Ar maidin
Lá Nodhlag chuaidh mé ag an Aifreann, nuair tháinig
mé a bhaile chuaidh mé ag bualadh liathróide lé mo
dhearbhráithreachaibh, Lá Fhéile Stiopháin chuaidh mé ag
an Séipéal; annsin nuair tháinig mé a-bhaile ní
dheachaidh mé ag bualadh liathróid mar bhí an lá fliuch.
Chuaidh mé trí no ceathair dho bhabhtaí ag iarraidh teach-
taireacht go Fearann an Choirce, dho mo mháthair.
Lá roimh Lá Nodhlag beag bhí mé ag glanadh an
tighe agus ag cuir aol air na ballaí. Ins an
tráthnóna chuaidh mé le bróga ag an ngréasuidhe.



Chuaidh mé ag an Séipéal Lá Nodhlag beag agus chuaidh
mé ag faoisidín agus ag cumaoineach. Tar éis a
theacht a-bhaile ó'n Séipéal chuaidh mé ag breath-
nughadh ar na beithighibh agus annsin fuair mé mo
shuipéar.



Is mé fhéin do scriobh an scéal sin.



Mise, lé meas mór,



BRIGHID NÍ DHOIRÁIN.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services