Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Máire Ní Dhomhnaill.
Title
Máire Ní Dhomhnaill.
Author(s)
Ó hEidhin, Tomás,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
MÁIRE NÍ DOMHNALL. Fhad agus bhí Máire san Oileán Úr chonnaic sí na hÉireannaigh ar gach uile thaoibh dhíthe ag cailleadh a meas ortha féin agus ar Éirinn. Chonnaic sí iad ag cailleadh a meas ar theangaidh na hÉreann agus ar gach comhartha eile thiospánfadh go raibh tír ar leith aca. Chonnaic sí iad go minic agus náire ortha 'dtaoibh a rádh gur as Éirinn 'chor ar bith iad. Agus rud ba mheasa 'ná sin fós chonnaic sí go leór aca ag cailleadh a gcreidimh agus ag imtheacht ar buile tre mheisce. Is iomdha paidir adubhairt sí ar son na n-amadán mí-nádúrtha so gan chéill; agus is iomdha paidir adubhairt sí ar son Éireann. Is minic do smaoin sí 'n-a haigne go mb' fhearr fataí agus salann i nÉirinn naomhtha 'ná ór na cruinne i n-áit mar an Oileán Úr - áit nach raibh éin-
mheas ar an duine acht oiread agus bheadh ar chapall nó asal nó beithidheach chum shaidhbhreas na tíre do mhéadughadh. Ní bhainfeadh an domhan feang aisti féin. Bhí meas aici uirthi féin. Bhí meas aici ar Éirinn, agus bhí meas aici ar theangaidh na hÉireann nuair bhí sí ag fágáil Éireann, agus chonnigh sí suas an meas soin. Nuair bhí sí óg mhúin a mháthair a creideamh díthe. Mhúin sí an Teagasc Críostaighe dhíthe. Chuir sí grádh Dé agus grádh Éireann in-a croidhe. Ar a nós féin mhúin sí stair na tíre dhíthe. Agus bhí a leocht ar Mháire gur mhúin. B'í Máire Ní Dhomhnaill i gcomhnuidhe í. Ní raibh oidhche san mbliadhain nuair bhí Máire ag baile nach n-abradh sí an Paidrín Páirteath i n-éinfheacht le n-a hathar agus le n-a máthar. Lean sí do'n ghnás bhreagh Ghaedhelach úd san Oileán Úr. Ní'l paid- rín dá ndubhairt sí nach rug a croidhe ar ais go hÉirinn go dtí an tigh beag úd do bhí i seilbh an bháille anois. Chaith Máire oibriughadh ar feadh iomad bliadhain san Oileán Úr. Bhí sí sa deireadh chomh casta le gad; marbh ó obair; agus leath-rósta ó'n teas. Chruinnigh sí suas roinnt airgid, acht ba bheag é i gcomórtas leis an méid dá sláinte agus dá cuid allais do bhí caillte aici dá shaothrughadh. Chonnaic sí sa deireadh gurab amhlaidh bhí sí ag cruinniugadh an airgid go mall agus ag cailleadh a sláinte go mear. Dubhairt sí léi féin go gcasfadh sí ar Éirinn agus go bhfágfadh sí Meiriocá 'n-a diaidh. Chuir sí a smaointe i ngníomh lá breagh san bhFoghmhar. Thriall sí ar ais go hÉirinn agus go Baile na nAllmhurán. Fuair sí Séamus mar d'fhág sí é, dílis do Dhia, dílis d'Éirinn, agus dílis díthe féin. Acht bhí atharrughadh mór ar an mbaile. Bhí an chuid ba mó de na daoinibh a bhí ann nuair d'fhág sise é imthighthe as. Ní raibh a dtuairisc le fagháil. Chuir an báille an mí-ádh ortha. Chuir sé an mí-ádh ar an máighistir. Agus ní dá roinnt leis é, ní deireadh maith do bhí aige féin. Thuit sé de chapall agus marbhuigheadh é. D'fhág sé mac agus inghean 'n-a dhiaidh. Fuair an inghean bás obann. Fear meisce bhí san mac. Is gearr gur ruith sé thríd an méid do bhí aige. Chlis air an cíos do chongbháil íoctha agus caitheadh amach ar an tsráid é. Nuair chonnaic Máire amuigh é d'éirigh a croidhe. Is leas-mháthair do thógfadh é seo uirthi. Chuaidh sí chuig an mháighistir agus fuair sí teach agus talamh a hathar ar ais arís uaidh. Bhí sé bréan go leór de'n mbáille faoi an am so. Is gearr do bhí Máire ag ól aer bhreagh folláin na hÉireann nuair thosuigh sí ag cur suas na mblátha arís. Tar éis tamaillín chuir sí féin agus Séamus a gcomhairle i dteannta a chéile agus phósadar. Ní rabhadar ró-bhocht anois. Ní gádh a rádh gur mhaireadar go sona le chéile ar feadh a mbeatha. Bhíodar araon an-aosta nuair fuaireadar bás. Tá beirt inghean agus mac 'n-a ndiaidh. Tá an bheirt inghean agus an mac so ag oibriughadh go dicheallach ar son na Gaedhilge agus ar son Éireann. Go neartuighidh Dia leó. Ba dhual dóibh bheith go maith. TOMÁS O hÉIDHIN. A CHRÍOCH.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services