Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Máire Ní Dhomhnaill.

Title
Máire Ní Dhomhnaill.
Author(s)
Ó hEidhin, Tomás,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

MÁIRE NÍ DOMHNALL.



Fhad agus bhí Máire san Oileán Úr
chonnaic sí na hÉireannaigh ar gach uile
thaoibh dhíthe ag cailleadh a meas ortha féin
agus ar Éirinn. Chonnaic sí iad ag cailleadh
a meas ar theangaidh na hÉreann agus ar
gach comhartha eile thiospánfadh go raibh tír
ar leith aca. Chonnaic sí iad go minic agus
náire ortha 'dtaoibh a rádh gur as Éirinn
'chor ar bith iad. Agus rud ba mheasa 'ná
sin fós chonnaic sí go leór aca ag cailleadh
a gcreidimh agus ag imtheacht ar buile tre
mheisce. Is iomdha paidir adubhairt sí ar
son na n-amadán mí-nádúrtha so gan chéill;
agus is iomdha paidir adubhairt sí ar son
Éireann. Is minic do smaoin sí 'n-a
haigne go mb' fhearr fataí agus salann i
nÉirinn naomhtha 'ná ór na cruinne i n-áit
mar an Oileán Úr - áit nach raibh éin-


L. 317


mheas ar an duine acht oiread agus bheadh ar
chapall nó asal nó beithidheach chum shaidhbhreas
na tíre do mhéadughadh.



Ní bhainfeadh an domhan feang aisti féin.
Bhí meas aici uirthi féin. Bhí meas aici ar
Éirinn, agus bhí meas aici ar theangaidh na
hÉireann nuair bhí sí ag fágáil Éireann,
agus chonnigh sí suas an meas soin.



Nuair bhí sí óg mhúin a mháthair a creideamh
díthe. Mhúin sí an Teagasc Críostaighe
dhíthe. Chuir sí grádh Dé agus grádh Éireann
in-a croidhe. Ar a nós féin mhúin sí stair
na tíre dhíthe. Agus bhí a leocht ar Mháire
gur mhúin. B'í Máire Ní Dhomhnaill i
gcomhnuidhe í.



Ní raibh oidhche san mbliadhain nuair bhí
Máire ag baile nach n-abradh sí an Paidrín
Páirteath i n-éinfheacht le n-a hathar agus
le n-a máthar. Lean sí do'n ghnás bhreagh
Ghaedhelach úd san Oileán Úr. Ní'l paid-
rín dá ndubhairt sí nach rug a croidhe ar
ais go hÉirinn go dtí an tigh beag úd do
bhí i seilbh an bháille anois.



Chaith Máire oibriughadh ar feadh iomad
bliadhain san Oileán Úr. Bhí sí sa deireadh
chomh casta le gad; marbh ó obair; agus
leath-rósta ó'n teas. Chruinnigh sí suas
roinnt airgid, acht ba bheag é i gcomórtas
leis an méid dá sláinte agus dá cuid
allais do bhí caillte aici dá shaothrughadh.
Chonnaic sí sa deireadh gurab amhlaidh bhí sí
ag cruinniugadh an airgid go mall agus
ag cailleadh a sláinte go mear. Dubhairt
sí léi féin go gcasfadh sí ar Éirinn agus go
bhfágfadh sí Meiriocá 'n-a diaidh. Chuir sí a
smaointe i ngníomh lá breagh san bhFoghmhar.
Thriall sí ar ais go hÉirinn agus go Baile
na nAllmhurán.



Fuair sí Séamus mar d'fhág sí é, dílis
do Dhia, dílis d'Éirinn, agus dílis díthe
féin. Acht bhí atharrughadh mór ar an mbaile.
Bhí an chuid ba mó de na daoinibh a bhí ann
nuair d'fhág sise é imthighthe as. Ní raibh a
dtuairisc le fagháil. Chuir an báille an
mí-ádh ortha. Chuir sé an mí-ádh ar an
máighistir. Agus ní dá roinnt leis é, ní
deireadh maith do bhí aige féin. Thuit sé
de chapall agus marbhuigheadh é. D'fhág sé
mac agus inghean 'n-a dhiaidh.



Fuair an inghean bás obann. Fear
meisce bhí san mac. Is gearr gur ruith sé
thríd an méid do bhí aige. Chlis air an cíos
do chongbháil íoctha agus caitheadh amach ar
an tsráid é. Nuair chonnaic Máire amuigh
é d'éirigh a croidhe. Is leas-mháthair do
thógfadh é seo uirthi. Chuaidh sí chuig an
mháighistir agus fuair sí teach agus talamh a
hathar ar ais arís uaidh. Bhí sé bréan go
leór de'n mbáille faoi an am so.



Is gearr do bhí Máire ag ól aer bhreagh
folláin na hÉireann nuair thosuigh sí ag cur
suas na mblátha arís. Tar éis tamaillín
chuir sí féin agus Séamus a gcomhairle i
dteannta a chéile agus phósadar. Ní
rabhadar ró-bhocht anois. Ní gádh a rádh
gur mhaireadar go sona le chéile ar feadh
a mbeatha. Bhíodar araon an-aosta nuair
fuaireadar bás. Tá beirt inghean agus
mac 'n-a ndiaidh. Tá an bheirt inghean
agus an mac so ag oibriughadh go dicheallach
ar son na Gaedhilge agus ar son Éireann.
Go neartuighidh Dia leó. Ba dhual dóibh
bheith go maith.



TOMÁS O hÉIDHIN.



A CHRÍOCH.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services