Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Buachalán Buidhe agus An Nóinín.
Title
An Buachalán Buidhe agus An Nóinín.
Author(s)
Ní Chaoimh, Maighréad,
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN BUACHALÁN BUIDHE AGUS AN NÓINÍN. Do bhí buachalán buidhe agus nóinín ag fás i ngort i n-aice a chéile. Nuair tháinig an samhradh d'oscladh na blátha buidhe go léir ar cheann an bhuachaláin, agus d'oscail an nóinín a cuid duille beag bán fé sholas na gréine. Ní raibh éin-teóra leis an meas do bhí ag an mbuachalán air féin cé ná raibh sé leath chomh deas leis an nóinín ná raibh éin-mheas aici uirthi féin. "Nach breagh uasal an luibh mise," ar seisean, "i gcomórtas leis an ruidín beag úd thíos," ag tagairt do'n nóinín. Acht sar a raibh uain aige a thuilleadh a rádh tháinig bó is sciob sí an ceann glan as. Nuair chonnaic an nóinín soin: "Á," ar sise, "ní fiú d'éinne éirighe i n-áirde, dá mhéid a bhreaghtheacht agus a áilne, mar ní heól dó an nóimeat do mheallfar ar fad é." Do mhair an nóinín féin gan bac ar feadh an tsamhraidh. An té is ciúine is é is buaine. MAIGHRÉAD NÍ CHAOIMH.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services